Cheap an Taoiseach Paul Reid ina Chathaoirleach ar an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí
- Foilsithe: 28 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2023
Dheimhnigh an Taoiseach Leo Varadkar inniu go bhfuil an tUasal Paul Reid ceaptha aige mar Chathaoirleach neamhspleách ar an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí.
Agus an ceapachán á fhógairt aige, dúirt an Taoiseach:
"Tá ríméad orm gur aontaigh Paul Reid cathaoirleacht a dhéanamh ar an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí. Tá taithí mhaith cheannaireachta ag Paul agus d’éirigh go hiontach leis mar POF ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ar Chomhairle Contae Fhine Gall. Táim cinnte go mbeidh sé ina Chathaoirleach iontach ar an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí."
Agus é ag trácht ar a cheapachán, dúirt an tUasal Reid:
"Tá ríméad orm gur cheap an Taoiseach mé mar Chathaoirleach ar an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí. Téann na fadhbanna a bhaineann le húsáid drugaí in Éirinn i bhfeidhm orainn go léir, go díreach nó go hindíreach. Léirigh Tionóil roimhe seo go bhfuil tábhacht le hionchur bhaill an phobail i gcoitinne chun dul i ngleic le fadhbanna casta sochaíocha, agus táim ag súil nach mbeidh aon difear leis an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí. Cuirfear tús an tseachtain seo le feachtas chun baill den phobal a roghnú le bheith páirteach sa Tionól Saoránach. Táim ag súil le hobair le mo chomhbhaill sa Tionól Saoránach sna míonna amach romhainn."
Bunaíodh an Tionól Saoránach um Úsáid Drugaí tar éis rúin i nDáil agus i Seanad Éireann ag deireadh mhí Feabhra. Éilíonn na Téarmaí Tagartha ar an Tionól Saoránach scrúdú agus moltaí a dhéanamh maidir leis na hathruithe reachtacha, beartais agus oibriúcháin a d'fhéadfadh an Stát a dhéanamh chun tionchair dhíobhálacha dhrugaí mídhleathacha ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh, ar phobail agus ar shochaí níos leithne a laghdú go suntasach.
100 comhalta a bheidh sa Tionól Saoránach, lena n-áirítear an Cathaoirleach neamhspleách agus 99 ball den phobal i gcoitinne, a roghnófar trí phróiseas roghnúcháin randamach.
As seo go ceann seachtaine, gheobhaidh 20,000 teaghlach timpeall na hÉireann litreacha ón Taoiseach Leo Varadkar ag tabhairt cuireadh do dhuine ón teaghlach iarratas a dhéanamh chun dul isteach sa Tionól Saoránach. Ó na hiarratais a chuirfeadh ar aghaidh, roghnófar an 99 ball deiridh bunaithe ar aois, inscne agus suíomh. Beidh go dtí an 19 Márta acu siúd a gheobhaidh cuireadh iarratas a dhéanamh trí www.citizensassembly.ie/register.
Tá sé i gceist an chéad chruinniú den Tionól Saoránach a reáchtáil ar an 14 Aibreán, agus tá sé i gceist go gcuirfear an obair i gcrích agus an tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi dheireadh na bliana.
Nótaí cúlra
Bhí ról mar POF agus mar fheidhmiúcháin shinsearacha ag Paul Reid san earnáil phríobháideach, leathstáit, rialtas lárnach, rialtas áitiúil, sláinte agus earnálacha neamhbhrabúis. Agus é ina POF ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ó 2019-2022, bhí Paul freagrach as 150,000 ball foirne agus buiséad €22 billiún. Threoraigh sé agus bhí sé i gceannas ar sheirbhís sláinte na hÉireann trí phaindéim COVID-19 agus cibirionsaí a d'fhéadfadh a bheith tubaisteach. Bhí sé i gceannas ar straitéis shuntasach athchóirithe don FSS, agus ghlac sé príomhróil maidir le comhairle sláinte phoiblí a chur ar fáil agus an clár vacsaínithe a chur i bhfeidhm, agus ghlac 98% an vacsaín sin.
Agus é ina POF ar Chomhairle Contae Fhine Gall ó 2014 – 2019, bhí Paul freagrach mar fheidhmeannach as ceann de na húdaráis áitiúla is mó sa Stát, le buiséad os cionn €300 milliún agus 1,500 ball foirne. Ba é Fine Gall an príomhúdarás áitiúil ó thaobh forbairt tithíochta sóisialta agus príobháideach de. Threoraigh sé freisin an bealach chun infheistíocht dhíreach eachtrach agus cruthú post a mhealladh ar fud gach earnáil, trí bhainistíocht ghníomhach talún agus oibriú le gníomhaireachtaí náisiúnta Stáit.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Ronan Farren, Caidreamh Poiblí R4, 087-934 0386 ronan@q4pr.ie