English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Clár Reachtaíochta an Earraigh foilsithe ag Hildegard Naughton, Príomh-Aoire an Rialtais

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 18 Eanáir 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Item was unpublished or removed foilsithe inniu ag Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Hildegarde Naughton inniu, clár a bhfuil 38 bille air lena bhfoilsiú agus don dréachtú tosaíochta ag Airí sa seisiún den Oireachtas atá le teacht.

Tá an clár formheasta ag an gComh-Aireacht agus á fhoilsiú tar éis dul i mbun plé agus comhairliúcháin le ranna rialtais, oifigigh agus Oifig an Ard-Aighne.

Seo an méid a dúirt Príomh-Aoire an Rialtais, Hildegarde Naughton:

“Cuirim fáilte roimh chinneadh na Comh-Aireachta Clár Reachtaíochta an Rialtais a cheadú. Sceideal gnóthach de bhillí tábhachtacha atá ann i réimsí éagsúla, tithíocht, sláinte, an comhshaol, dlí agus ceart, agus coimirce shóisialta. Fágfaidh forás tráthúil na reachtaíochta tosaíochta sna seachtainí atá romhainn go mbeidh an cumas dlíthiúil ag an Rialtas a theastóidh chun dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mo atá ann roimh an tsochaí faoi láthair. Is é is aidhm dúinn mar thoradh ar an gClár Reachtaíochta don téarma Dála atá romhainn leanúint ar aghaidh leis an dream sa lár atá faoi bhrú a chosaint i ngéarchéim an chostais maireachtála atá fós ann agus leanúint ar aghaidh ag gníomhú ar cheist na tithíochta lena chinntiú go mbeidh an rogha acu siúd ar mian leo a dteach féin a bheith acu déanamh amhlaidh, go háirithe iad siúd atá sna 20idí agus 30idí. Lena chois sin, cuireann an clár reachtaíochta leis na gealltanais atá i gClár an Rialtais.”

Agus í ag tabhairt sonraí maidir le cuid den reachtaíocht atá liostaithe don fhoilsiú agus dréachtú tosaíochta, arsa an tAire Naughton:

“Ó thaobh tithíochta de, is suntasach go dtabharfaimid tús áite don Bhille Pleanála agus Forbartha agus don Bhille um Chomhroinnt Luacha Talún agus Criosanna don Fhorbairt Uirbeach lena chinntiú go gcuirfear tithíocht ar fáil ar bhonn leanúnach.

“Mar an tAire atá freagrach go speisialta as an tSláinte agus Folláine Phoiblí agus as an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí sa Roinn Sláinte, foilseoidh mé an Bille Sláinte Poiblí (Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín) go gairid. Píosa tábhachtach reachtaíochta atá anseo lena dtabharfar isteach cosc ar tháirgí anála nicitín a dhíol le nó ag daoine faoi aois, toitíní leictreonacha ina measc. Ina theannta sin, foilseofar an Bille Sláinte (Táillí d’Othair Chónaitheacha Phoiblí a Chealú); leis sin, déanfar táillí d’othair chónaitheacha in ospidéil phoiblí a chealú. Tabharfaidh an Rialtas tús áite don Bhille Sláinte (Seirbhísí Foirceanta Toirchis - Criosanna Rochtana Sábháilte) lena chinntiú go mbeidh teacht sábháilte ag daoine ar áitreabh ina gcuirtear seirbhísí ar fáil le toircheas a fhoirceannadh.”

Dheimhnigh an tAire Naughton an méid seo:

“Tá tús áite á thabhairt ag an Rialtas do reachtaíocht a dhréachtú agus a fhoilsiú ina mbeidh forálacha ann chun Córas Uathoibríoch a thabhairt isteach chun daoine a Chlárú le hairgead a Shábháil don Aois Scoir, lena chinntiú nach mbeidh deacrachtaí dosháraithe ioncaim ag na glúnta amach anseo nuair a bhainfidh siad aois scoir amach. Beidh an Rialtas ag obair go leanúnach ar reachtaíocht a dhéanfaidh coirpigh de dhaoine fásta a spreagfaidh nó a ghrúmálfaidh leanaí le coir a dhéanamh.

“Ar na billí eile a dtabharfar tosaíocht dóibh, a fhoilseofar agus a dhréachtófar an téarma seo tá an Bille Rialtais Áitiúil (Méara Dírthofa agus feidhmeanna feidhmiúcháin aige i gCathair agus Contae Luimnigh), an Bille um Alcól a Dhíol agus an Bille um Ligean Gearrthéarma Cuartaíochta a Chlárú.”

Beifear ag leanúint ar aghaidh ar an obair chun gach bille eile a fhorbairt, a dhréachtú agus a chur trí Thithe an Oireachtais agus ní hamháin na cinn atá ar an liosta tosaíochta.


Nótaí