Comóradh don Stardust deimhnithe le haghaidh 23ú Meitheamh
- Foilsithe: 31 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Beidh searmanas cuimhneacháin in ómós do na 48 íospartaigh de bharr thubaiste an Stardust ar siúl Dé Domhnaigh 23ú Meitheamh.
Tá socruithe i gcomhair an tsearmanais á thabhairt chun críche faoi láthair i gcomhairle le hionadaithe na dteaglach áfach tá dáta aontaithe anois.
Dúirt an Taoiseach Simon Harris: “Ag an gcruinniú a thionóil mé le teaglaigh na n-íospartach Stardust i dTithe an Rialtais Dé Sathairn 20ú Aibreán, gheallamar go reáchtálfaimid Searmanas Cuimhneacháin speisialta. Tá an-áthas orm go bhfuil sé deimhnithe anois”
“Beidh an t-am seo chun cuimhneamh orthu siúd a fuair bás ach tá súil agam freisin go mbeidh sé ina nóiméad dóibh siúd a gortaíodh, dóibh siúd a throid chun beatha a shábháil agus dóibh siúd a throid le linn na mblianta chun na 48 íospartach agus a ndea-ainmneacha a chosaint ina n-iomlán.”
“Beidh mé i gceannas ar lucht freastail an rialtais ag an ócáid oifigiúil agus tá súil agam go dtaispeánfaidh sé seo, mar aon leis an an leithscéal stáit oifigiúil a tugadh sa Dáil, gurb í 2024 an bhliain inar chur Éire ár ndualgas i gceart maidir le gach duine a raibh baint acu leis an Stardust”.