English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhairle Aireachta nua um Shlándáil Náisiúnta bunaithe ag an Taoiseach

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 19 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin inniu (Dé Céadaoin) go bhfuil Comhairle Aireachta um Shlándáil Náisiúnta bunaithe.

Déanfaidh an chomhairle nua, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, athbhreithniú ar fhorbairtí straitéiseacha i slándáil náisiúnta na hÉireann, agus breithneofar tuarascálacha ar shlándáil náisiúnta agus idirnáisiúnta.

I measc bhaill na comhairle, beidh an Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tAire Cosanta, agus an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.

Freastalóidh Coimisinéir an Gharda Síochána, Ceannaire Foirne Óglaigh na hÉireann, Stiúrthóir an Lárionaid Náisiúnta Cibearshlándála, Ard-Rúnaithe an Rialtais, sna Ranna Gnóthaí Eachtracha, Cosanta agus Dlí agus Cirt, Cinn Foirne an Taoisigh agus an Tánaiste ar chruinnithe freisin.

Tiocfaidh an chomhairle aireachta le chéile ar a laghad trí huaire sa bhliain, chun clár tiomantais an Rialtais a comhlíonadh maidir le comhordú méadaithe na slándála náisiúnta faoi Roinn an Taoisigh.

Tiocfaidh coiste slándála náisiúnta faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí an Rialtais le chéile gach ráithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairtí slándála náisiúnta, comhoibriú tras-rialtais a chinntiú, agus tuarascálacha a ullmhú don chomhairle aireachta.

Agus é ag fógairt na struchtúr neartaithe maidir leis an tslándáil náisiúnta, dúirt an Taoiseach:

"Cruthaíodh an Chomhairle Aireachta nua seo um Shlándáil Náisiúnta mar thoradh ar staid gheopholaitiúil agus slándála atá ag éirí níos casta agus níos dúshlánaí ar fud an domhain.

"Táimid ag tabhairt aghaidh ar chibearbhagairtí agus ar bhagairtí hibrideacha nua, chomh maith le hionradh leanúnach fuilteach agus mímhorálta na Rúise ar an Úcráin, ar mór an dúshlán é do bhallstáit an AE.

"Comhlíonann an struchtúr nua seo tiomantas do chlár an Rialtais agus cabhróidh sé le comhordú agus measúnú méadaithe ar riachtanais, cumas agus rioscaí slándála náisiúnta na hÉireann."