Comhghairdeas déanta ag an Taoiseach le Macron
- Foilsithe: 8 Bealtaine 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Dúirt an Taoiseach, an tUasal Enda Kenny, TD:
"Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh, thar mo cheann féin agus thar ceann an Rialtais, le Emmanuel Macron as a bhua i dtoghchán uachtaránachta na Fraince.
"Tá ríméad orm go bhfuil bua chomh deimhneach, chomh cinniúnach sin faighte ag ceannaire uaillmhianach ar mór aige a bhfuil i ndán don Eoraip agus a chuirfidh bonn láidir lenár mandáid ar an gComhairle Eorpach.
"Tá ceangal láidir idir Éirinn agus an Fhrainc; ó aimsir an Ghinearáil Humbert, a tháinig i dtír i mo chontae dúchais féin i 1798, anuas go dtí Craobh na hEorpa sa Fhrainc anuraidh agus lúcháir an lucht leanta ann. Tá go leor i bpáirt againn lena chéile ó thaobh na staire de, agus téann an méid sin go domhain sa chnámh. Is mór an gealladh atá faoin dá thír san Aontas Eorpach agus sinn ag obair le chéile chun go mbeidh rath ar ár gcuid saoránach agus comhionannas ann do chách.
"Tá go leor oibre fós le déanamh againn san Eoraip agus dúshláin nach beag romhainn, go háirithe imeacht na Breataine. Táim dóchasach go mbeidh ról tábhachtach ag an bhFrainc i gcónaí san Aontas Eorpach faoi cheannaireacht Emmanuel Macron.
"Is ionann an toradh iontach seo agus iontaoibh a bheith ag an bpobal as an Aontas Eorpach, Aontas a mbeidh tábhacht nach beag le páirt na Fraince ann sna blianta atá le teacht."
Críoch