English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhráiteas: An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas An Seachtú Cruinniú Iomlánach Is Fiche Oifigí Chomhrúnaíocht CATT, Ard Mhacha

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 8 Aibreán 2024
  • An t-eolas is déanaí: 3 Lúnasa 2024

1. Reáchtáladh an seachtú Cruinniú Iomlánach is fiche den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) ag Oifigí Chomhrúnaíocht CATT, Ard Mhacha, ar an 8 Aibreán 2024.

2. Bhí an Chéad-Aire, Michelle O’Neill CTR agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly CTR, i gceannas ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, agus rinne siad comhchathaoirleacht ar an chruinniú. Bhí an Taoiseach, Leo Varadkar TD, i gceannas ar Rialtas na hÉireann. Tá liosta iomlán de na baill ar fad sa dá thoscaireacht ceangailte mar Iarscríbhinn.

3. Phléigh na hAirí dúshláin chomhshaoil, iad siúd atá roimh ár sruthchúrsaí amhail Loch nEathach san áireamh, agus d’aontaigh siad go roinnfeadh an dá dhlínse foghlaim, saineolas agus taighde.

4. Rinne an Chomhairle comhbhrón ó chroí le teaghlach, cairde agus iarchomhghleacaithe Dr Peter Smyth, a bhí ina Chomhrúnaí don CATT ó Mheitheamh 2002 go Deireadh Fómhair 2005, agus a fuair bás ar an 11 Feabhra 2024.

CÚRSAÍ GNÓ AGUS TRÁDÁLA

5. Phléigh na hAirí an t-ionchas fioscach don dá dhlínse. Is príomhthosaíochtaí iad fás eacnamaíoch, scileanna agus cruthú post a chur chun cinn don dá Rialtas agus phléigh na hAirí réimsí cuí maidir le trádáil agus gnó.

TUAIRISC AR DHUL CHUN CINN NA gCOMHRÚNAÍOCHTAÍ

6. Fuair an CATT nuashonruithe ar na cruinnithe CATT a tharla ó bhí an cruinniú Iomlánach roimhe seo ann, agus luaigh siad an obair a rinneadh i ngach earnáil de chuid CATT, na Comhlachtaí Thuaidh Theas san áireamh.

7. D’aontaigh an CATT, le tógáil ar an méid a foghlaimíodh mar fhreagairt ar an phaindéim, gur chóir d’oifigigh sa dá dhlínse smaoineamh ar leanúint ar aghaidh le pleanáil teagmhais shibhialta agus socruithe seasmhachta thar an dá dhlínse, agus gur chóir nuashonrú a chur ar fáil ag cruinniú amach anseo.

8. Rinne Airí trácht ar na dúshláin shuntasacha atá roimh an dá Rialtas maidir le haghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus cailleadh na bithéagsúlachta, agus d’aontaigh siad go bpléifear leis na saincheisteanna seo ag gach cruinniú earnálach den CATT, sa dóigh is gur féidir na comhráite seo a dhéanamh ag an chéad chruinniú iomlánach eile.

9. Luaigh an CATT go bhfuil an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas agus na Comhlachtaí Thuaidh Theas 25 bhliain ar an fhód i mbliana agus go ndéanfar é seo a cheiliúradh le linn na bliana.

GEALLTANAIS IN DEICH mBLIANA NUA, CUR CHUIGE AS AN NUA

10. Chuir an CATT fáilte roimh na forbairtí dearfacha i dtaca le soláthar na ngealltanas faoi Deich mBliana Nua, Cur Chuige as an Nua, agus luaigh siad go leanfaidhRialtas na hÉireann agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann orthu de bheith ag obair le chéile, tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas fosta, leis na heochairthionscadail bhonneagair a sholáthar, rud a sholáthróidh buntáistí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha le saol na ndaoine ar fud an oileáin a fheabhsú.

11. Chuir na hAirí fáilte roimh an fhógairt i mí Feabhra ó Rialtas na hÉireann go gcuirfidh siad €800 milliún ar fáil do thosaíochtaí infheistíochta an Oileáin Chomhroinnte, €600 milliún don A5 san áireamh, Conair Iompair an Iarthair, chomh maith le cistiú do Dhroichead Chaol Uisce, seirbhís iarnróid idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath gach uair an chloig, agus críochnú Ghlasbhealach Chairlinn trasteorann.

12. Fuair na hAirí nuashonrú ar an A5, Conair Iompair an Iarthair, agus gur cuireadh tús arís le Fiosrúchán Poiblí maidir leis an scéim i mí na Bealtaine-an Mheithimh 2023; go bhfuair an Roinn Bonneagair an Tuairisc Dheiridh ón Choimisiún um Achomhairc Phleanála i mí Dheireadh Fómhair 2023; agus go bhfuil na torthaí agus na moltaí inti á scrúdú go mion ag Airí agus oifigigh.

13. Luaigh an CATT go bhfuil an dá Rialtas ag obair le chéile le tionscadal athchóirithe Chanáil Uladh a chur chun cinn; go bhfuiltear ag súil go mbeidh an phríomhobair bhonneagair de Chéim 2 (Cluain Fada go Cluain Eois) críochnaithe a bheag nó a mhór in R2 2024; agus go meastar go mbeidh gach gné de Chéim 3 (Caisleán Shandarsan go Cluain Fada), ag brath ar chistiú, críochnaithe in 2028-2029;

14. Cuireadh in iúl don Chomhairle go bhfuiltear ag súil go mbeidh an phríomhobair bhonneagair ar an stráice idir Cluain Eois agus Cluain Fada de Ghlasbhealach Chanáil Uladh críochnaithe a bheag nó a mhór in R2 2024, taobh le críochnú Ghormbhealach Chanáil Uladh; agus go meastar go mbeidh an stráice idir Cluain Fada agus Gort na Carra críochnaithe in 2028-2029.

15. Rinneadh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, ina raibh comhairliúchán poiblí, ar an dréacht-thuairisc den Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin in 2023, agus foilseofar an tuairisc dheiridh ina mbeidh na moltaí ón Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta curtha isteach de réir mar is cuí, ag brath ar fhaomhadh ón dá dhlínse.

16. Luaigh an CATT go bhfuil an Roinn Iompair agus an Roinn Bonneagair ag ullmhú go ndéanfar tionscadail a chistiú faoin chlár PEACEPLUS, ina bhfuil feabhsú ar an nasc iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste trí athsholáthar agus fás ar fhlít iarnróid Enterprise le stoc iarnróid inbhuanaithe a chur ar fáil agus fad na dturas a laghdú.

17. Luaigh an CATT go raibh próiseas tairisceana ann maidir leis an chonradh don phríomhobair thógála do Dhroichead Chaol Uisce in 2023; agus go bhfuil Comhairle Contae Lú ag súil leis an chonradh a bhronnadh ar an tairgeoir rathúil sa chéad leath de 2024.

18. Luaigh na hAirí go bhfuil an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus an Roinn Geilleagair ag obair go dlúth le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus Ollscoil Uladh ar an fhéidearthacht maidir le comhoibriú, soláthair scileanna, agus taighde agus nuálaíocht amach anseo; agus go bhfuil béim ar leith ar a bhfuil ag spreagadh an chaipitil daonna agus na nuálaíochta le forbairt láidir eacnamaíoch a chur chun cinn i réigiún an Iarthuaiscirt.

19. Fuair an Chomhairle nuashonrú ar sholáthar an Bhreisoideachais i réigiún an Iarthuaiscirt agus luaigh siad gur gheall Rialtas na hÉireann suas go dtí €44.5 milliún i mí an Mheithimh 2023 ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte, ag brath ar dhícheall cuí, le foirgneamh nua a thógáil do theagasc agus seirbhísí mac léinn ag campas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh; agus go gcuireann sé seo i bhfeidhm gealltanas an Rialtais faoi Deich mBliana Nua, Cur Chuige as an Nua maidir le hinfheistíocht chaipitil sa champas le soláthar an Bhreisoideachais i réigiún an Iarthuaiscirt a fhorbairt.

20. Luaigh an CATT, gur fhógair an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus an Roinn Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe €70 milliún de chomhchistiú i mí na Samhna 2023, le dhá ionad nua taighde a chruthú fá choinne (i) Aeráid, agus (ii) Córais Bhia Inbhuanaithe agus Sheasmhacha.

21. Cuireadh in iúl don CATT gur dheonaigh an Clár Taighde Thuaidh Theas, a bunaíodh in 2021, €37.28 milliún do thionscadail go dtí seo.

22. Luaigh na hAirí an rannpháirtíocht leanúnach ón dá Rialtas le Comhpháirtíocht an Iarthuaiscirt um Fhás Straitéiseach, go raibh cruinniú iomlánach den Chomhpháirtíocht ann ar an 30 Samhain 2023; agus gur chuir Rialtas na hÉireann leithdháileadh breise €1 milliún ar fáil do Chiste Forbartha an Iarthuaiscirt in 2021, rud a ligeann do shíneadh ama a chur le céim reatha an chaiteachais go dtí Márta 2025.

23. D’aontaigh an CATT gur chóir na gealltanais in Deich mBliana Nua, Cur Chuige as an Nua a choinneáil ar chlár na gcruinnithe earnálacha cuí atá ag an CATT, agus go gcuirfear nuashonruithe breise ar fáil ag cruinnithe iomlánacha CATT amach anseo.

CEAPACHÁIN NA bPRÍOMHOIFIGEACH FEIDMIÚCHÁIN

24. Cheap an CATT Gary Kearney mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird um Chur Chun Cinn Sábháilteachta Bia (safefood) agus d’fhaomh siad ceapachán Sharon McMahon mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Ghníomhaireacht na Lochanna, agus ceapachán Alice Mansergh mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Thurasóireacht Éireann.

25. Cheap an CATT Gina McIntyre arís mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhlacht na gClár Speisialta AE agus d’fhaomh siad athcheapachán Sheáin Uí Choinn mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhoras na Gaeilge.

26. Chuir an CATT fáilte roimh na Príomhoifigigh Feidhmiúcháin nuacheaptha agus athcheaptha agus ghabh siad buíochas le Niall Gibbons, Iarphríomhoifigeach Feidhmiúcháin Thurasóireacht Éireann, agus Ray Dolan, Iarphríomhoifigeach Feidhmiúcháin safefood, as an obair shuntasach a rinne siad le ceannaireacht agus treoir a chur ar fáil d’obair na gComhlachtaí sin.

27. Ghabh an CATT buíochas fosta leis na Príomhoifigigh Feidhmiúcháin Eatramhacha agus na hOifigigh Ainmnithe as a gceannaireacht agus an obair thábhachtach a rinne siad d’obair na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas agus Thurasóireacht Éireann.

CEAPACHÁIN CHOMHALTAÍ AN BHOIRD

28. Cheap an CATT comhaltaí ar an Bhord um Chur Chun Cinn Sábháilteachta Bia (safefood) agus ar Thurasóireacht Éireann CTR, agus d’aontaigh siad go ndéanfar ceapacháin leis na folúntais atá ann go fóill a líonadh ar na Boird seo agus ar Bhoird na gComhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas eile ag cruinnithe CATT amach anseo.

CRUINNITHE CATT AMACH ANSEO

29. D’fhaomh an CATT sceideal do chruinnithe earnálacha CATT amach anseo, cruinniú i leagan amach Institiúideach agus an chéad chruinniú Iomlánach eile in R3 2024.

Comhrúnaíocht

8 Aibreán 2024

www.northsouthministerialcouncil.org

IARSCRÍBHINN

CRUINNIÚ DEN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH THEAS

8 Aibreán 2024

Feidhmeannas Thuaisceart Éireann Rialtas na hÉireann
Michelle O’Neill CTR, An Chéad-Aire Leo Varadkar TD, Taoiseach
Emma Little-Pengelly CTR, An LeasChéad-Aire Micheál Martin TD, Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha; agus an tAire Cosanta
Dr Caoimhe Archibald CTR, An tAire Airgeadais Eamon Ryan TD, An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; An tAire Iompair
Paul Givan CTR, An tAire Oideachais Michael McGrath TD, An tAire Airgeadais
Naomi Long CTR, An tAire Dlí agus Cirt Paschal Donohoe TD, An tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Gordon Lyons CTR, An tAire Pobal Simon Coveney TD, An tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Andrew Muir CTR, An tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe Simon Harris TD, An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Conor Murphy CTR, An tAire Geilleagair Heather Humphreys TD, An tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail
John O’Dowd CTR, An tAire Bonneagair Stephen Donnelly TD, An tAire Sláinte
Robin Swann CTR, An tAire Sláinte Norma Foley TD, An tAire Oideachais
Aisling Reilly CTR, Aire Sóisearach, Oifig an Fheidhmeannais Catherine Martin TD, An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Pam Cameron CTR, Aire Sóisearach, Oifig an Fheidhmeannais Charlie McConalogue TD, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
Helen McEntee TD, An tAire Dlí agus Cirt
Darragh O’Brien TD, An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Roderic O’Gorman TD, Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Pippa Hackett TD, An tAire Stáit le freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht