Comhráiteas: An Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, an tochtú cruinniú iomlánach is fiche, Caisleán Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
1. Tionóladh an t-ochtú cruinniú iomlánach is fiche den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, an 13 Meán Fómhair 2024.
2. Ba é an Taoiseach, Síomón Ó hEarchaí TD a bhí i gceannas ar Rialtas na hÉireann agus a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Ba iad an Chéad-Aire, Michelle O’Neill CTR agus an Leas-Chéad-Aire, Emma Little-Pengelly CTR a bhí i gceannas ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann. Tá liosta iomlán de chomhaltaí an dá thoscaireacht i gceangal leis seo mar Iarscríbhinn.
RÁITEAS TOSAIGH
3. Rinne an Chomhairle comhghairdeas leis na lúthchleasaithe ón dá dhlínse a ghlac páirt i gCluichí Oilimpeacha agus Para-Oilimpeacha Pháras, 2024. Tugadh aitheantas do scileanna, tiomantas agus díograis na lúthchleasaithe seo atá ag dul san iomaíocht ag an leibhéal is airde.
CÚRSAÍ GNÓ AGUS TRÁDÁLA
4. Bhí plé substainteach ag an gComhairle ar chúrsaí a bhaineann le gnó agus trádáil. Is tosaíocht é an fás eacnamaíoch a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe agus cothrom agus tá an dá Rialtas tiomanta do thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus don trádáil atá ag fás agus phléigh na hAirí a bpleananna maidir le conas é sin a bhaint amach.
5. Thug an Chomhairle dá haire, i gcás inarb iomchuí, go leanfaidh Earnálacha CATT breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh cuir chuige comhoibríocha arna gcomhaontú cur leis an bhfás eacnamaíoch a chur chun cinn.
TUAIRISC AR DHUL CHUN CINN NA gCOMHRÚNAÍOCHTAÍ
6. Sholáthair Comhrúnaithe CATT tuarascáil ar an ngníomhaíocht a tharla ar fud earnálacha éagsúla CATT ón am ar tionóladh an cruinniú Iomlánach CATT deireanach, i mí Aibreáin. Tugadh ar aird gur tháinig Airí le chéile i ngach ceann den dá earnáil oibre CATT déag agus gur tionóladh cruinniú Institiúideach freisin.
7. D'fháiltigh na hAirí roimh an idirghníomhaíocht idir an dá Rialtas maidir le réimse leathan ábhar beartais ar fud réimsí comhair CATT agus thug siad dá n-aire go dtabharfar CATT cothrom le dáta maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar ag cruinnithe a bheidh ann sa todhchaí.
8. D'fháiltigh CATT roimh an nuashonrú a rinneadh ar chláir oibre chun tosaíochtaí beartais atá ag teacht chun cinn a léiriú agus thug sé dá aire gur phléigh na hAirí an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta ag gach cruinniú. Cuireadh fáilte roimh an rannpháirtíocht dhearfach maidir leis na dúshláin chomhroinnte sin.
GEALLTANAIS FAOIN gCOMHAONTÚ DEACÁID NUA, CUR CHUIGE NUA
9. Rinne CATT nuashonrú maidir leis na gealltanais éagsúla i leith Deacáid Nua, Cur Chuige Nua a bhfuil gné thrasteorann ag gabháil leo a mheas.
10. Thug an Chomhairle dá haire gur pléadh scéim Chonair Iompair an Iarthair/an A5 ag Cruinniú Iompair CATT a tionóladh an 27 Meitheamh 2024 agus go mbeidh páipéar breise á chur isteach ag an Aire Bonneagair maidir le dul chun cinn thionscadal A5 go luath lena chomhaontú ag an bhFeidhmeannas.
11. D’fháiltigh na hAirí roimh thús a bheith curtha le hoibreacha láithreáin le haghaidh thionscadal Dhroichead Chaol Uisce i mBealtaine 2024 agus gur cuireadh tús leis an tógáil i Meitheamh 2024 ag imeacht ar ar bhfhreastail Airí ón dá dhlínse.
12. D’fháiltigh na hAirí roimh chéim 2 (Cluain Fada go Cluain Eois) de thionscadal athchóirithe Chanáil Uladh a bheith tugtha chun críche agus oscailte go hoifigiúil ag imeacht ar ar bhfhreastail Airí ón dá dhlínse i Meitheamh 2024. Tugadh ar aird go gcríochnófar straitéis chun Céim 3 ina hiomláine a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2024.
13. Chuir CATT fáilte roimh an tuarascáil deiridh agus na measúnuithe comhshaoil ghaolmhara ar an Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin a d’fhoilsigh an tAire O’Dowd agus an tAire Ryan i nDún Dealgan an 31 Iúil 2024. Leanfaidh an dá dhlínse de bheith ag obair i gcomhar le chéile chun tacú le cur chun feidhme na moltaí a tugadh san Athbhreithniú.
14. Maidir leis an Ardoideachas san Iarthuaisceart, tugadh ar aird go bhfuil tús curtha le comhairliúchán pleanála réamhiarratais maidir le foirgneamh nua teagaisc agus seirbhísí mac léinn a thógáil ar champas Mhig Aoidh in Ollscoil Uladh. Tugadh aird ar ghealltanais mhaoinithe ón Roinn Geilleagair don bhliain airgeadais seo freisin.
15. Thug an Chomhairle dá haire freisin gur tacaíodh le dhá chomhpháirtíocht taighde faoi Chlár an Chomhionaid agus fógrófar faighteoirí rathúla ghlao cistiúcháin um Thionscnamh Taispeána Bithgheilleagair na nOileán Comhroinnte i bhfómhar 2024.
16. Chomhaontaigh CATT gur cheart go bhfanfaidh gealltanais faoi Dheacáid Nua, Cur Chuige Nua ar an gclár oibre do chruinnithe earnála CATT iomchuí agus go gcuirfear nuashonruithe breise ar fáil do chruinnithe iomlánacha CATT sa todhchaí
ATHRÚ AERÁIDE AGUS CAILLIÚINT BHITHÉAGSÚLACHTA
17. Bhí plé fadréimseach ag na hAirí maidir leis an Athrú Aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta. Tugadh ar aird go ndearnadh na hábhair sin a mheas ar fud na n-earnálacha CATT go léir agus cuireadh fáilte roimh an gcomhar a bhí ar siúl cheana féin ar fud an dá dhlínse chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhroinnte sin.
18. D’aontaigh CATT gur cheart do na hearnálacha iomchuí díriú ar na hábhair sin ag cruinnithe sa todhchaí.
19. 19. D’fháiltigh an Chomhairle an béim atá á cur sa Chomhionad um Cháilíocht Aeráide + Bithéagsúlacht + Uisce ar an eolaíocht chun tacú le haistrithe cothroma chuig an nGlan-Nialasacht, chun cailliúint na bithéagsúlachta a aisiompú, agus chun cáilíocht an uisce a athbhunú le haghaidh geilleagar inbhuanaithe. Thug na hAirí dá n-aire go dtacaíonn an comhionad seo leis an iarracht eolaíochta chomhordaithe i bPlean Gníomhaíochta Loch nEathach Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
FORAIS MÁITHREACHA AGUS NAÍONÁN, NEACHTLANNA MAIGHDILÍNEACHA AGUS TITHE NA mBOCHT
20. Thug CATT dá aire an dul chun cinn tábhachtach atá á stiúradh ag an bhFeidhmeannas i ndáil le Forais Máithreacha agus Naíonán, neachtlanna Maighdilíneacha agus Tithe na mBocht chomh maith leis an gcur chun feidhme a rinne Rialtas na hÉireann ar an bPlean Gníomhaíochta do Mharthanóirí agus d’Iar-Chónaitheoirí de chuid na bhForas Máithreacha agus Naíonán agus Fhorais na dTeaghlach Contae. I bhfianaise chineál trasteorann na n-institiúidí sin, oibreoidh oifigigh ón dá Rialtas go dlúth ar shaincheisteanna coiteanna.
CRUINNITHE DE CATT SA TODHCHAÍ
21. Cheadaigh CATT sceideal de chruinnithe earnála CATT sa todhchaí, cruinniú i bhformáid institiúideach agus an chéad Chruinniú Iomlánach eile in earrach 2025.
An Comhrúnaíocht
13 Meán Fómhair 2024
www.northsouthministerialcouncil.org/
IARSCRÍBHINN
CRUINNIÚ DEN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH/THEAS
13 Meán Fómhair 2024
Rialtas na hÉireann | Feidhmeannas Thuaisceart Éireann | |
Síomón Ó hEarchaí TD, Taoiseach | Michellle O’Neill CTR, An Chéad-Aire | |
Micheál Ó Máirtín TD An Tánaiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus an tAire Cosanta | Emma Little-Pengelly CTR, An Leas-Chéad-Aire | |
Ruaidhrí Mac Gormáin TD, An tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige | An Dr Caoimhe Archibald CTR, An tAire Airgeadais | |
Seán Mac Ambróis TD, An tAire Airgeadais | Paul Givan CTR, An tAire Oideachais | |
Heather Mhic Unfraidh TD, An tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail | Gordon Lyons CTR, An tAire Pobal | |
Stiofán Ó Donnghaile TD, An tAire Sláinte | Andrew Muir CTR, An tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe | |
Caitríona Ní Mháirtín TD, An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán | Conor Murphy CTR, An tAire Geilleagair | |
Cathal Mac Conall Óg TD, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara | John O’Dowd CTR, An tAire Bonneagair | |
Dara Ó Briain TD, An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta | Mike Nesbitt CTR, An tAire Sláinte | |
Éamon Ó Riain TD, An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide; An tAire Iompair | Aisling Reilly CTR, Aire Sóisearach, Oifig an Fheidhmeannais | |
Peadar de Búrca TD, An tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta | ||
Dara Mac Giolla Laoire TD, An tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Cur Chun Cinn na Trádála, Rialáil Dhigiteach agus Rialáil Cuideachtaí |