COVID-19: Cur Chuige nua i leith an Dúshláin, ag Leanúint leis an Téarnamh & Athcheangal a Dhéanamh
- Foilsithe: 22 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Márta 2022
Le héifeacht ón Luain, an 28 Feabhra:
- Cuirfear deireadh leis an gceanglas éigeantach masc a chaitheamh, ach is éard a bheidh sa chomhairle sláinte poiblí fós ná gur cheart leanúint de mhasc a chaitheamh ar iompar poiblí agus i suíomhanna cúraim sláinte.
- Tá an chomhairle maidir le comharthaí sóirt Covid-19, cásanna agus dlúth-theagmhálaithe ag athrú.
- Tá gnéithe barrthábhachtacha dár bhfreagairt chomhchoiteann i bhfeidhm go fóill - féinleithlisiú mear má tá comharthaí sóirt ort, do chúrsa vacsaínithe a chur i gcrích, leanúint de bhaol a bhainistiú duit féin agus do dhaoine eile atá níos leochailí.
- Tháinig an Rialtas le chéile Dé Máirt an 22 Feabhra agus rinne an chomhairle is deireanaí ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) a bhreithniú.
Thug an Rialtas ar aird go bhfuil cuma sheasmhach agus dhearfach, ar an iomlán, ar phróifíl reatha eipidéimeolaíochta Covid-19 in Éirinn fós. Tá líon na n-ionfhabhtuithe a thagann chun cinn in aghaidh an lae ard go fóill tar éis do mhéadú measartha a theacht air - i measc daoine fásta óga go háirithe - ach tá sé cobhsaithe, agus d’fhéadfadh sé go bhfuil sé ag tosú titim. Cé go bhfuil ospidéil na tíre fós faoi bhrú suntasach, tá an t-ualach sin réasúnta seasmhach faoi láthair.
Tá Omicron mórthimpeall orainn fós agus mar sin tá gnéithe barrthábhachtacha ann a bhfuil freagairt chomhchoiteann uainn ag teastáil ina leith go fóill:
- Fan amach ó dhaoine eile má tá comharthaí sóirt ort (fiú má tá tú vacsaínithe go hiomlán agus teanndáileog faighte agat) nó má tá diagnóis COVID-19 faighte agat.
- Cuir do bhunchlár vacsaínithe agus do chlár teanndáileoige i gcrích.
- Lean de bhaol a bhainistiú duit féin agus do dhaoine eile atá níos leochailí trí mhasc a chaitheamh, scaradh fisiciúil a dhéanamh agus sluaite a sheachaint, mar aon le bunsláinteachas lámh agus riospráide a chur i bhfeidhm.
D’aontaigh an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint leis an gcomhairle sláinte poiblí seo a leanas go fóill:
- Beifear ag moladh go fóill go gcaithfí masc ar iompar poiblí. Rachaidh an Roinn Iompair i gcomhairle le hearnálacha an iompair phoiblí agus na dtacsaithe ar mar is fearr a d’fhéadfaí an chomhairle sláinte poiblí is deireanaí a chur in iúl, ag féachaint do na hábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ag cliaint níos leochailí.
- Masc a chaitheamh go fóill i suíomhanna cúraim sláinte de réir na treorach náisiúnta a bhíonn ag athrú.
- Leanúint le bearta um chosc agus rialú ionfhabhtuithe in ionaid luathfhoghlama, ionaid cúraim leanaí do leanaí in aois scoile, bunscoileanna agus meánscoileanna, lena n-áirítear maidir le haeráil, bearta sláinteachais agus comhairle chun fanacht sa bhaile má tá comharthaí sóirt ort.
- Le linn na tréimhse aistrithe seo, leanfar leis na socruithe reatha atá i bhfeidhm i ndáil leis an gclár tástála antaigine do scoileanna, d’ionaid cúraim luathfhoghlama agus d’ionaid do leanaí in aois scoile chomh maith.
D’aontaigh an Rialtas go gcuirfear deireadh leis na bearta seo a leanas le héifeacht ón Luan an 28 Feabhra:
- Ceanglais dlí maidir le masc a chaitheamh i ngach suíomh a ndéantar rialáil ina leith faoi láthair; agus
- Bearta cosanta sonracha atá i bhfeidhm i scoileanna agus in ionaid cúraim luathfhoghlama agus in ionaid cúraim do leanaí in aois scoile (e.g. meithleacha, scaradh sóisialta agus sosanna agaithe).
Ghlac an Rialtas leis an gcomhairle sláinte poiblí is cothroime le dáta maidir le riachtanais féinleithlisithe agus tástála i ndáil le comharthaí sóirt, cásanna agus dlúth-theagmhálaithe COVID-19. Feictear sa mhéid seo go bhfuiltear ag aistriú ó bheith ag díriú go mór ar aimsiú cásanna agus ar rianú ionfhabhtuithe d’fhonn tras-seoladh a laghdú, i treo freagairt atá dírithe ar dhrochthionchair COVID-19 a mhaolú.
Dá réir sin, le héifeacht ón Luan, an 28 Feabhra, beidh an chomhairle seo a leanas i bhfeidhm maidir le comharthaí sóirt, cásanna agus dlúth-theagmhálaithe COVID-19 le linn na tréimhse aistrithe seo:
Tá sé deimhnithe go bhfuil an galar COVID-19 orm
Aois | Masc | Féinleithlisiú |
13 bliana d’aois agus níos sine | Masc leighis nó FFP2 x 10 lá | 7 lá |
0-12 bhliain d'aois | Masc a oireann go maith (9-12 bhliain d’aois) x 10 lá | 7 lá |
Tá comharthaí sóirt COVID-19 orm
An té atá i gceist | Tástáil | |
55 bliana d’aois agus níos sine AGUS gan teanndáileog faighte acu | Fan amach ó dhaoine eile agus faigh tástáil PCR. Lean an chomhairle sláinte poiblí ar thorthaí na tástála a fháil | |
Daoine a bhfuil riocht sláinte ardriosca orthu | Fan amach ó dhaoine eile agus faigh tástáil PCR. Lean an chomhairle sláinte poiblí ar thorthaí na tástála a fháil | |
Daoine atá imdhíon-lagaithe | Fan amach ó dhaoine eile agus faigh tástáil PCR. Lean an chomhairle sláinte poiblí ar thorthaí na tástála a fháil | |
Daoine a bhfuil cónaí orthu sa teach céanna le duine atá imdhíon-lagaithe | Fan amach ó dhaoine eile agus faigh tástáil PCR. Lean an chomhairle sláinte poiblí ar thorthaí na tástála a fháil | |
Daoine a chuireann cúram nó tacaíocht ar fáil do dhuine atá imdhíon-lagaithe, mar is eol dóibh | Fan amach ó dhaoine eile agus faigh tástáil PCR. Lean an chomhairle sláinte poiblí ar thorthaí na tástála a fháil | |
Daoine atá ag iompar clainne | Fan amach ó dhaoine eile agus faigh tástáil PCR. Lean an chomhairle sláinte poiblí ar thorthaí na tástála a fháil | |
Gach duine eile | Níl tástáil de dhíth. Fan amach ó dhaoine eile go dtí 48 uair an chloig tar éis do na comharthaí sóirt a bheith imithe |
Is Dlúth-theagmhálaí mé
An té atá i gceist | Tástáil |
Oibrí cúraim sláinte ar dlúth-theagmhálaí tí é | Tá tástáil leantach antaigine ag teastáil, seachas sa chás gur tháinig an té slán ó COVID-19 le linn na trí mhí dheireanacha |
Gach dlúth-theagmhálaithe eile | Níl tástáil de dhíth mura bhfuil comharthaí sóirt ort, fan amach ó dhaoine eile má thagann comharthaí sóirt ort |