English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cruinniú eile den Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála de réir mar a eisítear foláireamh aimsire stádas dearg don tír ar fad

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 23 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2025

Séidfidh gaoth fhíorchontúirteach dhochrach dhíobhálach le Stoirm Éowyn oíche Déardaoin agus Dé hAoine

Tionóladh cruinniú eile den Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála (GNCÉ) inniu (Déardaoin) le hullmhú do Stoirm Éowyn tráth a bhfuil foláireamh aimsire ar leibhéal dearg le teacht i bhfeidhm i rith na hoíche anocht agus amach sa lá Dé hAoine.

Meastar go mbeidh an aimsir fíorchontúirteach, díobhálach agus achrannach Dé hAoine agus moltar don phobal ‘fanacht ar an bhfoscadh’ an fhaid a bhíonn foláireamh ar leibhéal dearg i bhfeidhm. Ba cheart do dhaoine fanacht taobh istigh, taisteal neamhriachtanach a sheachaint, agus bearta a dhéanamh le hiad féin agus a gcuid áitribh a choinneáil slán.

Beidh gach scoil bunscolaíochta agus iarbhunscolaíochta, gach ionad luathoideachais agus cúraim linbh agus gach foras breisoideachais agus ardoideachais dúnta Dé hAoine agus fanfaidh siad dúnta ar feadh an lae.

Ba cheart d’fhostóirí freastal d’fhostaithe oibriú ón mbaile an fhaid a bhíonn foláireamh ar leibhéal dearg i bhfeidhm más féidir leis an oibrí sin a dhéanamh.Níor chóir go mbeadh aon oibrí ach amháin oibrí éigeandála ag fágáil an bhaile le dul ag obair agus sin de réir mar a thugann an fostóir treoir dóibhsean. Molann an GNCÉ d’fhostóirí tabhairt faoin gcúram ar bhealach sochóirithe, staidéarach, praiticiúil sa chás nach féidir le fostaí oibriú ón mbaile.

Ní bheidh seirbhísí iompair phoiblí ag obair an fhaid a bhíonn foláireamh ar leibhéal dearg i bhfeidhm.Déanfaidh lucht eagair seirbhísí iompair a mheas cathain is féidir seirbhísí a chur ar bun arís tar éis deireadh a chur leis an bhfoláireamh ar leibhéal dearg agus ba chóir a thabhairt chun aire go bhféadfadh roinnt ama a bheith i gceist sular féidir seirbhísí a chur ar ais ar siúl. I gcásanna áirithe, tiocfaidh deireadh le seirbhísí dhá uair a chloig roimh theacht i bhfeidhm don fholáireamh ar leibhéal dearg. Seiceáil leis an lucht eagair sula bhfágann tú an baile agus pleanáil do thuras abhaile go cúramach.

Ba cheart do phaisinéirí ar eitleáin nó ar bháid farantóireachta an scéal is deireanaí maidir le heitilt nó seoladh faoi leith a fháil díreach ón gcomhlacht eitilte nó ón gcomhlacht farantóireachta.

Táthar á thuar go dtarlóidh bruth mór maidhmeanna, borradh faoi ghaoth agus faoi tonnta, agus tugtar rabhadh don phobal fanacht glan ar áit ar bith le cósta i rith na stoirme seo.

Meastar go dtarlóidh cur isteach go forleathan ar sheirbhísí poiblí agus ar sheirbhísí eile le linn don stoirm seo a bheith ag séideadh.

Deir Keith Leonard, Cathaoirleach an GNCÉ:

“Tá i ndán go mbeidh Stoirm Éowyn ar cheann de na stoirmeacha is láidre a shéid riamh in Éirinn. Beidh an aimsir díobhálach, contúirteach agus achrannach. Beidh cúinsí go han-dona mar gheall ar an ngaoth atá á tuar, chomh dona agus go mbeidh daoine agus maoin i mbaol báis agus díobhála. Is í an teachtaireacht is tábhachtaí inniu uainn gur gá don uile dhuine fanacht faoi dhídean an fhaid a bhíonn Foláireamh Gaoithe ar Leibhéal Dearg i bhfeidhm.

“Is dócha go dtarlóidh gearradh cumhachta go fairsing forleathan agus moltar don uile dhuine ullmhú dá leithéid roimh ré. Bí cinnte go mbíonn fóin, tóirsí agus ríomhairí glúine luchtaithe roimh ré. Cinntigh nach bhfuil aon bhall troscáin ná aon ní eile ar an áitreabh a d’fhéadfaí a fhuadach le gaoth láidir agus trioblóid níos measa a tharraingt. Seiceáil go bhfuil gach ní dá dteastódh uathu ina n-áras cónaithe ag daoine scothaosta nó daoine eile a bheadh i mbaol.

“Is tábhachtach an rud a choinneáil i gcuimhne freisin, fiú nuair a bhíonn an stoirm glanta, gur mór an seans go mbeadh crainn leagtha agus ábhar eile fuadaithe agus éilítear ar thiománaithe a bheith an-chúramach tar éis na stoirme.”

Beidh cruinniú ag an GNCÉ arís maidin amárach.


Toradh na haimsire

Tiocfaidh gálaí gaoithe le Stoirm Éowyn, agus séideáin ghéara suas le 130km/u go fada fairsing a dhéanfaidh dochar agus díobháil. D’fhéadfadh séideáin níos láidre ná sin arís tarlú in áiteanna.

Is é is dócha a thiocfaidh de bharr na haimsire seo:

• Cúinsí tiomána fíorchontúirteacha

• Imeachtaí a chur ar ceal

• Madhmadh tonnta i dtír

• Tuilte i logáin oscailte le cósta

• Cúinsí míshábháilte oibre

• Crainn a leagan agus damáiste do ghnéithe bonneagair den chóras leictreachais agus den chóras teileachumarsáíde

• Gearradh cumhachta go fairsing forleathan

• Damáiste do ghnéithe foirgníochta

• Cur isteach ar sheirbhísí iompair phoiblí agus seirbhísí a chur ar ceal

Tá an GNCÉ ag leanúint den chomhchaidreamh le Met Éireann agus den mhonatóireacht ar chúinsí d’fhonn comhordú a dhéanamh ar an mbeartaíocht chuí.

Leanfaidh Meithle Measúnachta na nÚdarás Áitiúil maidir le Drochaimsir den obair mhonatóireachta ar chúinsí ar an láthair agus beidh meithle éigeandála ullamh, réidh le dul i mbun gnímh de réir mar is gá.


Foláireamh aimsire faoi mar atá fógartha ag Met Éireann

Stádas Dearg - Foláireamh gaoithe maidir le Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Port Lairge

I bhfeidhm: 2 r.n. - 10 r.n. Dé hAoine

Stádas Dearg - Foláireamh gaoithe maidir le Co. an Chláir, Co. na Gaillimhe

I bhfeidhm: 3 r.n. - 10 r.n. Dé hAoine

Stádas Dearg - Foláireamh gaoithe maidir le Liatroim, Maigh Eo, Sligeach

I bhfeidhm: 4 r.n. - meán lae Dé hAoine

Stádas Dearg - Foláireamh gaoithe maidir le Cábhán, Muineacháin, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Laois, Longfort, Lú, an Mhí, Uibh Fháilí, an Iarmhí, Cill Mhantáin, Ros Comáin, Tiobraid Árann

I bhfeidhm: 6 r.n. - 11 r.n. Dé hAoine

Stádas Dearg - Foláireamh gaoithe maidir le Dún na nGall

I bhfeidhm: 7 r.n. - 2 i.n. Dé hAoine

Stádas Oráiste - Foláireamh gaoithe maidir le hÉirinn

I bhfeidhm: 00:00 Dé hAoine - 4 i.n Dé hAoine

Stádas Buí - Foláireamh báistí maidir le Corcaigh, Ciarraí, Port Láirge, Loch Garman

I bhfeidhm: 2 i.n. Déardaoin - 5 r.n. Dé hAoine

Stádas Buí - Foláireamh gaoithe maidir le Dún na nGall

I bhfeidhm: 4 i.n. - 11 i.n. Dé hAoine


Comhairle maidir le Sábháilteacht an Phobail

• Moltar don phobal, le linn d’fholáireamh ar leibhéal dearg a bheith i bhfeidhm, gan taisteal a dhéanamh agus fanacht faoi dhídean. Leanfaidh lucht eagair na seirbhísí bunriachtanacha de sheirbhísí a chur ar fáil nuair is sábháilte sin a dhéanamh agus faoi réir chomhairle Met Éireann maidir le cúrsaí aimsire ar an láthair.

• Farraigí arda: tugtar rabhadh don phobal fanacht glan ar áit ar bith le cósta i rith na stoirme seo. Tá Garda Cósta na hÉireann ag éileamh ar dhaoine Coinneáil Siar ón bhFarraige, Fanacht ar Thalamh Ard agus Fanacht Tirim.

• Ba cheart do dhaoine le cósta agus ar oileáin a bheith fíorchúramach mar is tréine a bheidh an ghaoth ar na hoileáin.

• Bíonn cúinsí tiomána níos contúirtí, go háirithe acu sin den lucht úsáide bóithre is mó a bheadh i mbaol, e.g. rothaithe, coisithe, daoine ar ghluaisrothair agus feithiclí arda, nuair a bhíonn gaoth láidir ag séideadh. Ba chóir do dhaoine ar na bóithre a bheith go mór san airdeall faoin gcontúirt a bhainfeadh le crainn a theacht anuas agus le hábhar eile a bheadh á fhuadach le gaoth.

• Is dócha go dtarlóidh madhmadh sáile aníos seachas mar a dtiocfadh le lánmhara chomh maith le tuilte taoide i logáin oscailte le cladach, go háirithe i gceantair le cósta an Atlantaigh.

• Chomh maith leis an méid sin, d’fhéadfadh múraíl throm báistí a theacht le Stoirm Éowyn in áiteanna freisin, agus d’fhéadfadh tuilte ar dhroim talún i gceantair uirbeacha a theacht dá bharr sin arís.

• Moltar do dhaoine ullmhú do theacht na stoirme seo, trína chinntiú i measc rudaí eile go bhfuil cadhnra an fhóin póca luchtaithe go hiomlán ar mhaithe le cumas cumarsáide.

• Beidh cúinsí tiomána contúirteach. Ná tiomáin trí thuilte ar na bóithre, is annamh a bhíonn doimhne an uisce mar a shíltear.

• Coinnigh ar an eolas faoina bhfuil á thuar ag Met Éireann agus/nó féach ar https://www.met.ie/ chun an t-eolas is deireanaí a fháil. Bíonn eolas ar fáil ar na meáin shóisialta agus ó fhoinsí nuachta na meán cumarsáide eile.

• Tá aird á tarraingt ag Líonraí BSL ar an gcontúirt a bhaineann le sreanga beo a thiteann anuas agus ag moladh don phobal agus do na seirbhísí éigeandála fanacht glan ar cháblaí agus tuairisc a thabhairt ar chásanna den sórt seo gan mhoill. Is féidir glaoch ar Sheirbhísí Éigeandála BSL ar 1800 372 999. Is féidir le daoine súil a choinneáil ar www.PowerCheck.ie i ndáil leis an tráth a dtarlóidh athcheangal cumhachta.


Cumhacht

Tá an obair réamhullmhúcháin is gá á dhéanamh ag criúnna Líonraí BSL agus chonraitheoirí páirtnéireachta ar fud na tíre agus beidh leas as na hacmhainní go léir an tráth a dtagann Stoirm Éowyn.

Bíonn súil ag Líonraí BSL i gcónaí ar thuar na haimsire agus ar eachtraí de réir mar a thiteann amach maidir leis an gcóras leictreachais agus cuirfear criúnna i mbun athcheangal an tsoláthair a luaithe is sábháilte sin a dhéanamh.

Is mian le Líonraí BSL, de ghrá an réamhullmhúcháin, a iarraidh ar chustaiméirí smaoineamh ar bhearta ullmhúcháin ar eagla go dtarlódh cur isteach ar an soláthar leictreachais ina gceantar. Thabharfaí san áireamh leis sin, tóirsí, cadhnraí breise, fón atá luchtaithe go hiomlán agus an uimhir MPRN (atá le fáil sa chúinne uachtair ar dheis ar an mbille leictreachais) a bheith ar eolas. Tá breis eolais ar fáil anseo: Bí Ullamh.

Teachtaireacht Thábhachtach maidir le Sábháilteacht an Phobail: Má thagann tú trasna ar shreanga tite nó ar ghné briste den chraobhchóras leictreachais, ná teagmhaigh go deo lena leithéid agus fan amach mar bíonn siad BEO agus thar a bheith contúirteach. Bheifí buíoch díot as tuairisc a thabhairt faoi aon ghné bonneagair den chóras leictreachais trí ghlaoch ar 1800 372 999.


Uisce Éireann

Tá bearta ullmhúcháin Uisce Éireann maidir le drochaimsir curtha i bhfearas. Is féidir le custaiméirí an láithreán gréasáin chomh maith le cainéil na meán sóisialta a sheiceáil agus glaoch a chur maidir le haon cheist nó ábhar buartha ar an ionad 24/7 maidir le cúram don chustaiméir ar 1800 278 278. Is féidir le daoine freisin clárú ar líne leis an gcóras téacs foláirimh saor ó tháille agus an tuairisc is deireanaí a fháil go tráthrialta faoin soláthar uisce go háitiúil - féach www.water.ie.


Seirbhísí Sláinte

Tarlóidh cur isteach suntasach ar sheirbhísí FSS ar fud na tíre mar gheall ar Stoirm Éowyn.

Beidh réimse seirbhísí ospidéil agus cúraim sláinte i measc an phobail á gcur ar ceal amárach mar gheall ar rabhadh drochaimsire ar leibhéal dearg.

Sa chás go bhfuil seirbhísí speisialtóra nó seirbhísí ar cinniúnach a dtráth, mar shampla scagdhealú nó cóireáil maidir le hailse, á gcur ar fáil do dhuine, cuirfidh an t-aonad cóireála scéal go díreach chuig an othar má thagann aon athrú ar an sceideal. Tabharfar tús áite, ar bhonn riachtanais agus práinne do chúnamh taca do dhaoine sa bhaile i measc an phobail a bheadh i mbaol i rith na tréimhse a mbíonn srianadh ar thaisteal (Stádas Dearg).

Tá béim ag FSS ar na hothair, a muintir agus an lucht foirne a choinneáil sábháilte.

Déanfaidh FSS gach beart is féidir le leanúnachas na seirbhísí criticiúla éigeandála a chinntiú, ina measc seirbhísí otharchairr, scagdhealú, cóireáil oinceolaíochta agus cúram réamhbheirthe do mháithreacha torracha. Má tá ábhar amhrais nó buartha ag cur as duit, labhair leis an tseirbhís a fhéachann i do dhiaidh, ach i mórchuid mhór na gcásanna, tá coinní neamhphráinneacha d’othair sheachtracha agus clinicí pobail amárach curtha ar atráth agus déanfar athsceidealú a luaithe is féidir. Is iad na foirgnimh sin amháin de chuid FSS atá ceangailte le seirbhís phráinneach a chur ar fáil gan mhoill a mbeidh baill foirne i láthair iontu le linn na stoirme.

Is ceart d’aon duine a mbíonn cúram éigeandála de dhíth go práinneach orthu teacht i láthair ag an ionad éigeandála áitiúil ar mhaithe le cóir leighis agus gach dícheall a dhéanamh coinneáil sábháilte ar an mbealach. Bíonn cúram éigeandála ar fáil 24/7 ag othair sna hionaid éigeandála.

Cuirtear na tuairiscí is deireanaí faoi sheirbhísí ar fáil go rialta ar https://www2.hse.ie/services/disruptions/ agus cuirfidh FSS tuairiscí rialta ar fáil freisin ar na meáin chumarsáide áitiúla agus ar chainéil meán sóisialta náisiúnta agus réigiúnacha. Nuair is féidir sin, tiocfaidh meithle FSS chun cainte go díreach leo siúd a bhaineann leas as seirbhísí ionaid lae maidir le míchumas, sláinte mheabhrach agus daoine scothaosta chun iad a chur ar an eolas faoin gcur isteach ar sheirbhísí. Is féidir le teaghlaigh dul chun cainte leis an tseirbhís lae áitiúil go díreach freisin leis an tuairisc is deireanaí a fháil.


Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean

Maidir le daoine a chodlaíonn amuigh, tá Tionscnaimh Tréimhsí Fuara i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla ar fad chun breis leapacha éigeandála a chur ar fáil de réir mar is gá – arna chinntiú gur féidir breis leapacha sealadacha a chur in úsáid ar fad réimse seirbhísí agus áiseanna do dhaoine aonair agus do lánúnacha a bhíonn ina gcall i rith tréimhsí nuair a bhíonn an aimsir fuar.

Beidh meithle seach-chaidrimh ag obair le caidreamh a chothú le daoine a chodlaíonn amuigh sula dtagann an drochaimsir. Tá aip ar fáil saor in aisce ó Fheidhmeannas Réigiún Bhaile Átha Cliath maidir le Daoine gan Dídean (DRHE) trínar féidir le duine den phobal iad a chur ar an eolas faoin áit a bhfuil duine ag codladh amuigh ionas gur féidir leis na meithle seach-chaidrimh dul chun cainte leo.


Lucht feirmeoireachta, iascaireachta agus talmhaíochta

• Moltar d’fheirmeoirí a bheith go mór san airdeall agus bearta réamhcúraim a dhéanamh le linn stoirme, go háirithe má bhítear ag obair go haonarach. D’fhéadfadh teagmhas tromchúiseach tarlú mar gheall ar oibriú amuigh le linn drochaimsire. Ba chóir d’fheirmeoirí a sheiceáil go bhfuil foirgnimh agus nithe neamhdhaingnithe slán. Ba chóir d’fheirmeoirí freisin a chinntiú go bhfuil foscadh, bia agus deis ar uisce ag an mbeostoc ionas gur féidir oibriú nuair a bheadh sin contúirteach a sheachaint.

• Níor cheart d’fheirmeoirí iad féin a chur i gcontúirt ag féachaint le hobair dheisiúcháin a dhéanamh nó crainn nó géaga a tháinig anuas a ghlanadh as an mbealach le linn na stoirme. Nuair a bhíonn stoirm thart, níor cheart do dhuine tabhairt faoi chrainn nó géaga a tháinig anuas a thabhairt chun bealaigh mura bhfuil na scileanna agus an trealamh sábháilteachta pearsanta ag an duine sin leis an obair a dhéanamh go sábháilte.

• Bíonn contúirt mhór ag baint tar éis stoirme le sreanga leictreachais a cuireadh anuas nó le sreanga a theagmhaíonn le crann nó atá cóngarach do chrann a bhféadfadh damáiste a bheith déanta dó. Is ceart tuairisc a thabhairt ar an bpointe do BSL sa chás go bhfuil sreanga leictreachais sa chaoi is go mbeidís contúirteach.

• Tá contúirt faoi leith ag baint le haimsir stoirme do bháid iascaireachta agus meastar gur leis an gcósta thiar is tréine a bheidh an stoirm. Ba chóir d’iascairí cúram faoi leith a dhéanamh de shoithigh a fheistiú go slán sábháilte sula dtagann an stoirm agus aird a thabhairt ar na fógraí foláirimh faoin drochaimsir.

• Maidir le ceisteanna faoi leas ainmhithe atá ceangailte leis an drochaimsir, coinnigh caint ar siúl leis an gcomhairleoir talmhaíochta nó cuir glaoch ar an Líne Cabhrach maidir le Leas Ainmhithe atá ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar: 01 6072379.

• Foghlaim níos mó faoi choinneáil sábháilte ar an láithreán gréasáin Ullamh don Gheimhreadh atá ag an rialtas.


Comhairle maidir le Sábháilteacht ar na Bóithre

Molann an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre don phobal a bheith ríchúramach.

Moltar do dhaoine gan taisteal Dé hAoine nuair a shéidfidh gaoth an-láidir a dtarlóidh crainn agus línte cumhachta a chur anuas dá barr, damáiste a dhéanamh d’áitribh, ábhar a fhuadach le gaoth agus bóithre a bhlocáil.

Comhairle maidir le tiomáint le linn drochaimsire:

• Tiomáin go mall agus fág achar coscánaithe níos faide idir d’fheithicil féin agus an fheithicil chun tosaigh ort nuair a bhíonn an aimsir fliuch. Tá tábhacht faoi leith leis seo ar bhóithre ardluais, mar shampla ar charrbhealach dúbailte nó ar mhótarbhealach, mar gur mó an chontúirt go dtarlódh scinneadh ar uisce.

• Bí go mór san airdeall má tá feithicil earraí chun tosaigh ort ós mór an lear uisce a chuireann siad sin aníos agus go bhféadfadh sin cur isteach ar d’fheiceáil. Coinnigh sách fada siar go mbíonn amharc agat ar scátháin na feithicle chun tosaigh.

• Má tá an bóthar romhat faoi thuile, roghnaigh malairt bealaigh. Ná féach le tiomáint tríd. D’fhéadfadh uisce tuile ar bhóthar a bheith níos doimhne ná mar a shílfeá. D’fhéadfadh imeall an bhóthair a bheith báite agus d’fhéadfadh crainn nó géaga a bheith curtha anuas agus gan feiceáil agat orthu san uisce.

• Ba chóir don lucht tiomána na bealaí a mholtar a leanúint i gcónaí agus déanamh de réir mar a threoraítear le comharthaí, mar shampla nuair atá bóthar dúnta ag an gcomhairle áitiúil nó ag an nGarda Síochána.

• Má théann tú trí uisce, tiomáin go mall ar feadh achair áirithe agus do bhróg ar an gcoscán - cuidíonn sin leis na coscáin a thriomú.

• Bí Sábháilte. Bí Feiceálach. Bíodh na soilse móra maolaithe agat an t-am ar fad ionas gur cinnte an fheithicil le feiceáil ag tiománaithe eile agus iadsan le feiceáil agatsa.

• Seachain an mbeadh nithe á bhfuadach amach ar an mbóthar. Bí san airdeall maidir le nithe nach mbeadh coinne leo.

• Coinnigh súil an mbeadh aon ábhar a fuadaíodh ag titim / tite ar an mbóthar nó feithicil eile á séideadh trasna an bhóthair.

• D’fhéadfadh gaoth láidir trasna an bhóthair cur as don smacht a bheadh ag tiománaí ar fheithicil. Bíonn feithiclí arda agus gluaisrothair go mór i gcontúirt nuair a bhíonn an ghaoth láidir.

• Ba cheart do thiománaithe spás breise a fhágáil idir iad féin agus daoine ar an mbóthar a bheadh i mbaol, mar shampla daoine ar rothair nó ar ghluaisrothair, ós furasta a chuirfeadh gaoth láidir dá gcúrsa iad.

Comhairle do dhaoine atá ag úsáid an bhóthair e.g. coisithe, rothaithe agus daoine ar ghluaisrothar

• Siúil taobh na láimhe deise den bhóthar, go mbíonn amharc agat ar fheithiclí atá ag déanamh ort, mura bhfuil cosán ar fáil.

• Ba cheart do dhuine atá ag rothaíocht a chinntiú go bhfuil an rothaí féin agus an rothar feiceálach ag daoine eile ar an mbóthar trí chóras maith soilse tosaigh agus deiridh a cheannach (geal chun tosaigh, dearg chun deiridh) agus trí éadach a chaitheamh a fhágann gur sofheicthe an rothaí. Smaoinigh ar ábhar ardfheiceálachta a chaitheamh.

• Bí san airdeall go mór ag trasnú an bhóthair nó i mbun rothaíochta nuair atá sé an-ghaofar, ós furasta a d’fhuadódh séideán gaoithe de do chúrsa thú amach roimh fheithicil.

• Bí Sábháilte. Bí Feiceálach. Ní bhíonn duine ná feithicil chomh feiceálach nuair a bhíonn an aimsir go dona agus bíonn soilse níos laige. Coinnigh sábháilte thú féin trína chinntiú go mbíonn tú le feiceáil. Caith éadach geal agus smaoinigh ar ábhar ardfheiceálachta a chaitheamh.

CRÍOCH