Cruinnithe ag an Taoiseach le Gníomhaireachtaí Neamhrialtais Leanaí agus leis an gCoimisiún Tithíochta
- Foilsithe: 3 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Reáchtáil an Taoiseach Leo Varadkar cruinnithe inniu leis an gCoimisiún Tithíochta agus le hionadaithe ó ghrúpaí a labhraíonn ar son chearta leanaí.
Chas an Taoiseach agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman le Tanya Ward, Príomhfheidhmeannach na Comhghuaillíochta um Chearta Leanaí agus le Suzanne Connolly, Príomhfheidhmeannach Barnardos chun an tAonad Bochtaineachta agus Folláine Leanaí nua atá á chur ar bun i Roinn an Taoisigh a phlé.
Mar a deir an Taoiseach, éilíonn bochtaineacht leanaí cur chuige ón rialtas in iomlán. Bunófar an t-aonad nua sa chéad ráithe de 2023.
Is é an aidhm atá ann tógáil ar an méid atá bainte amach cheana agus fócas níos fearr a sholáthar chun feabhas a chur ar shaol agus ar fholláine gach leanbh in Éirinn. Ba deis a bhí i gcruinniú an lae inniu don Taoiseach éisteacht le tuairimí an dá eagraíocht maidir le cén leagan amach a d’fhéadfadh a bheith ar an aonad.
Chas an Taoiseach freisin leis an gCoimisiún Tithíochta ag Tithe an Rialtais chun saincheisteanna faoi chúram an Choimisiúin a phlé, lena n-áirítear saincheisteanna maidir le tionacht agus caighdeán maireachtála maidir le soláthar tithíochta.
Bhí an cruinniú seo ar an gcruinniú is deireanaí i sraith cruinnithe a bhí ag an Taoiseach le geallsealbhóirí maidir le tithíocht, chun comhairle a lorg uathu agus foghlaim ón taithí atá acu.
Chuir an Taoiseach béim ar an ngá atá ann an méid is féidir linn a dhéanamh chun réiteach a fháil ar an ngéarchéim shóisialta seo agus athrú ó bhun a chur ar an ardú atá ag teacht ar an líon daoine gan dídean agus ar úinéireacht tí atá ag laghdú. Dúirt sé go ndéanfadh an rialtas a seacht ndícheall agus go bpléifear gach rogha go mion sula gcaithfí i dtraipéisí é.