Cuairt an Taoisigh Leo Varadkar chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá ar Lá Fhéile Pádraig
- Foilsithe: 11 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tabharfaidh an Taoiseach Leo Varadkar cuairt oifigiúil ar na Stáit Aontaithe ón 11 go dtí an 17 Márta. Taistealóidh an Taoiseach chuig Bostún le haghaidh sraith ócáidí polaitíochta, eacnamaíochta agus pobail Éireannaigh sula rachaidh sé chuig Washington DC do cheiliúradh traidisiúnta na Féile Pádraig chomh maith le clár iomlán d’ócáidí eacnamaíochta agus polaitíochta.
Is é Dé hAoine an 15 Márta a bheidh na hócáidí polaitíochta traidisiúnta ardleibhéil in Washington D.C. ar siúl. Casfaidh an Taoiseach go déthaobhach leis an Uachtarán Joe Biden, leis an Leas-Uachtarán Kamala Harris agus le hUrlabhraí Theach na nIonadaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Táthar ag súil go gclúdófar sna pléití clár leathan saincheisteanna lena n-áirítear na ceangail dhoimhne idir na Stáit Aontaithe agus Éirinn agus muid ag comóradh caidrimh thaidhleoireachta le 100 bliain anuas; chomh maith le dúshláin chomhroinnte dhomhanda, lena n-áirítear an cogadh san Úcráin agus an ghéarchéim sa Mheánoirthear. Deis a bheidh sa chruinniú seo freisin don Taoiseach chun buíochas a ghabháil leis an Uachtarán Biden as tiomantas leanúnach na Stát Aontaithe do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus chun fáilte a chur roimh athchóiriú fhorais Thuaisceart Éireann.
Beidh fáiltiú Lá Fhéile Pádraig sa Teach Bán, lena n-áirítear searmanas traidisiúnta na seamróige, ar siúl Lá Fhéile Pádraig, Dé Domhnaigh an 17 Márta. Bronnfaidh an Taoiseach an babhla traidisiúnta seamróige ar an Uachtarán Biden chun beannachtaí na Féile Pádraig ó mhuintir na hÉireann ar chur ar mhuintir na Stát Aontaithe.
Cuirfear tús le clár an Taoisigh Dé Luain an 11 Márta i mBostún. Casfaidh sé le Gobharnóir Stát Massachusetts, Maura Healy, chun na ceangail dhoimhne, chultúrtha, eacnamaíochta daoine le daoine idir a stát agus Éirinn a phlé. Tabharfaidh an Taoiseach príomhaitheasc an tráthnóna sin ag leabharlann an Uachtaráin John F. Kennedy, chun machnamh a dhéanamh ar shaol agus ar oidhreacht an Uachtaráin Kennedy agus ar an gcaoi a bhfuil a oidhreacht fós ag múineadh ceachtanna dúinn maidir le dúshláin dhomhanda an lae inniu.
Cuirfidh an Taoiseach tús le Dé Máirt an 12 Márta le roinnt cruinnithe eacnamaíochta agus tabharfaidh sé cuairt ar Fenway Park, baile na Boston Red Sox, chun infheistíocht mhór a fhógairt ó chuideachta Éireannach, Output Sports a dhéanann speisialtóireacht sna sonraí spóirt.
I ndiaidh cruinniú le pobal bríomhar na hÉireann i mBostún, labhróidh an Taoiseach ag ócáid Ireland Funds Young Leaders, áit a ndéanfaidh sé machnamh ar théama an Rialtais do Lá Fhéile Pádraig 2024, “Todhchaí na hÉireann sa domhan”, chun ceiliúradh a dhéanamh ar ghaiscí ceannairí óga diaspóra ar fud na réimsí nuálaíochta, cruthaitheachta, pobail, forbartha, gnó agus acadúla ar fud an domhain, na Stáit Aontaithe san áireamh.
Sula n-imíonn an Taoiseach go Washington DC Dé Céadaoin an 13 Márta, beidh bricfeasta aige arna óstáil ag Comhpháirtíocht na hÉireann agus Mheiriceá, áit a dtabharfaidh sé aitheantas don chomhpháirtíocht as an obair sheasta a dhéanann siad chun síocháin agus athmhuintearas a chur chun cinn ar oileán na hÉireann.
Is ag labhairt ag Dinnéar Ceiliúrtha Náisiúnta Ireland Funds a bheidh an Taoiseach dá chéad ócáid in Washington DC. Deis a bheidh anseo chun machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe agus chun buíochas a ghabháil leis na Stáit Aontaithe as a rannchuidiú ollmhór chun síocháin agus athmhuintearas a chothú i dTuaisceart Éireann. Cuireadh tús le ré nua maidir leis sin nuair a athbhunaíodh an Tionól agus Feidhmeannas i mBéal Feirste le déanaí.
Taispeánfaidh an Taoiseach an neart atá ag caidreamh eacnamaíochta na hÉireann-na Stát Aontaithe Déardaoin an 14 Márta. Freastalóidh sé ar shraith imeachtaí agus labhróidh sé ag na himeachtaí sin arna n-óstáil ag Fiontraíocht Éireann, IDA agus Comhlachas Tráchtála na Stát Aontaithe. Casfaidh sé le feidhmeannaigh shinsearacha de chuid na Stát Aontaithe agus de chuid na hÉireann chun fiosrú a dhéanamh ar mar is féidir le comhpháirtíocht infheistíochta agus trádála dhá bhealach na hÉireann-na Stát Aontaithe cuidiú le tuilleadh post agus borrtha a chruthú sa dá thír.
Bronnfaidh sé freisin boinn Naomh Pádraig ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann ar an Dr. Eamonn Keogh as na gaiscí acadúla ceannródaíocha atá bainte amach aige sa réimse mianadóireachta sonraí. Bronnfaidh sé bonn freisin ar an Uasal John Hartnett, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SVG Ventures Thrive agus bunaitheoir Ghrúpa Ceannaireachta Teicneolaíochta na hÉireann, as an méid suntasach atá déanta aige chun ceangail teicneolaíochta idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe a chur chun cinn.
Le linn dó a bheith ag caint roimh a chuairt, dúirt an Taoiseach:
“Deis atá i Lá Fhéile Pádraig ceangal a dhéanamh arís le 70 milliún duine ar fud an domhain a bhfuil cúlra Éireannach acu, agus le níos mó ná 30 milliún duine sna Stáit Aontaithe a bhfuil oidhreacht Éireannach acu. Agus muid ag comóradh céad bliain ó bunaíodh caidrimh thaidhleoireachta idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe, tá mé ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar Bhostún agus ar Washington chun an caidreamh láidir buan seo a cheiliúradh. Tá sé d’aidhm ag mo chuairt na ceangail a nascann an dá thír le chéile a neartú tuilleadh agus béim a chur ar cheangail eacnamaíochta, pholaitíochta agus daoine le daoine.
"Is é ‘Todhchaí na hÉireann sa domhan’ téama an Rialtais do Lá Fhéile Pádraig 2024 agus mar sin i mbliana ba mhaith liom ceiliúradh a dhéanamh ar ghaiscí na gceannairí óga diaspóra sna Stáit Aontaithe ar fud na réimsí nuálaíochta, cruthaitheachta, forbartha pobail, gnó agus acadúla. Cuirfidh go leor de na hócáidí i mBostún agus in Washington DC ar mo chumas a rannchuidiú sárluachmhar a aithint chun na dlúthcheangail idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe a chothú agus a láidriú anois agus amach anseo.
"Beidh deis agam agus mé ar cuairt chun aird a tharraingt ar ár gcaidreamh láidir infheistíochta agus trádála atá ag méadú, caidreamh dhá bhealach atá ag éirí níos cothroime i gcónaí. Táim ag tnúth le teagmháil a dhéanamh le cuideachtaí de chuid na hÉireann agus de chuid na Stát Aontaithe atá ag obair chun an caidreamh seo atá tairbheach don dá thaobh a fhorbairt.
"Táim ag súil le casadh leis an Uachtarán Biden arís agus chun machnamh a dhéanamh ar an gcuairt thar a bheith rathúil a thug sé ar Éirinn anuraidh, cuairt a tharraing aird ar an gceangal speisialta atá aige le hÉirinn. Gabhfaidh mé buíochas leis as an tacaíocht láidir agus leanúnach a thugann sé d’Éirinn agus go háirithe as an ról seanbhunaithe atá ag na Stáit Aontaithe i bpróiseas síochána na hÉireann, chun machnamh a dhéanamh ar na forbairtí dearfacha a rinneadh le déanaí i dTuaisceart Éireann.
"Tá mo chuairt ar na Stáit Aontaithe ag tarlú ag am ríthábhachtach maidir le cúrsaí domhanda agus tá ceannaireacht ó na Stáit Aontaithe ag teastáil uainn anois níos mó ná riamh. Táim ag súil le plé a dhéanamh leis an Uachtarán Biden agus le ceannairí in Capitol Hill faoinár dtiomantas comhroinnte i leith tacaíocht leanúnach a thabhairt don Úcráin i bhfianaise ionsaí na Rúise. Cuirfidh mé in iúl dóibh freisin go bhfuil imní ar mhuintir na hÉireann faoin ngéarchéim uafásach in Gaza, chun ár nglaoch ar shos cogaidh láithreach agus inbhuanaithe a athdhearbhú le go mbeidh méadú ollmhór ar an gcabhair dhaonnúil a d’fhéadfadh teacht chomh fada le daoine baothdhána agus chun na gialla atá fanta a scaoileadh saor láithreach agus gan choinníoll. Tarraingeoidh mé aird ar an gcaoi nach féidir todhchaí shíochánta agus shábháilte a bhaint amach do gach duine sa réigiún ach amháin má tá réiteach ann don dá stát le muintir Iosrael ina gcónaí faoi shuaimhneas taobh le taobh agus Stát na Palaistíne lánbhunaithe.”
CRÍOCH