English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an Taoiseach a dhea-mhéin in iúl do Chaptaen Peter agus na Leoin

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 23 Meitheamh 2017
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuir an Taoiseach Leo Varadkar a dhea-mhéin in iúl do Chaptaen Peter O'Mahony agus Foireann na Leon roimh mhórchluiche an tSathairn i gcoinne na Nua-Shéalainne in Auckland.

"Is an-onóir é a bheith i do chaptaen ar na Leoin agus is mian liom gach rath a ghuí ar an bhfoireann i gcoinne na All Blacks amárach. Is iontach an rud é do rugbaí na hÉireann go bhfuil seisear imreoirí Éireannacha páirteach ann agus tá gach duine ag súil leis an gcluiche."

"Tugann Peter dea-shampla agus spreagann sé gach duine a bhíonn thart air. Níl aon easpa iarrachta ná tiomantais i gceist agus na Leoin ag iarraidh an bua a bhaint amach. Beidh lucht leanúna na hÉireann ag tabhairt tacaíochta dóibh."

Críoch