English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an Taoiseach fáilte roimh laghdú ar bhochtaineacht chomhsheasmhach i measc leanaí

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 8 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Dálaí Maireachtála (SILC) 2023, arb é foinse oifigiúil staitisticí bochtaineachta na hÉireann é.

Arna fhoilsiú an tseachtain seo ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, léiríonn na torthaí laghdú foriomlán ar bhochtaineacht chomhsheasmhach, ó 4.9% in SILC 2022 go 3.6% in SILC 2023.

Dúirt an Taoiseach:

"Is ábhar misnigh é an dul chun cinn atá déanta maidir le rátaí bochtaineachta a laghdú, agus go háirithe an laghdú ar an ráta bochtaineachta comhsheasmhaí i measc leanaí, a thit go 4.8% in SILC 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bunaithe ar fhigiúirí Dhaonáireamh 2022, léiríonn sé sin go raibh thart ar 27,000 leanbh níos lú ag maireachtáil i mbochtaineacht chomhsheasmhach anuraidh. Cé go gcaithfear i bhfad níos mó a dhéanamh, tá áthas orainn faoi sin.

Is ábhar misnigh é freisin go raibh tionchar dearfach ag na bearta costas maireachtála i mBuiséad roimhe seo ar rátaí bochtaineachta i measc leanaí. Gan na bearta sin, bheadh ráta riosca na bochtaineachta i measc leanaí ardaithe go 16%, ach ina ionad sin thit sé go 14.3%. Cé go bhfuil sé fós ró-ard, tá muid ag dul sa treo ceart. Ní chuirtear san áireamh sna figiúirí sin luach na seirbhísí a chuirtear ar fáil do leanaí amhail leabhair scoile saor in aisce, béilí scoile, cúram leanaí níos saoire agus níos mó cártaí cuairte dochtúra. Is teorainn é seo de bhrí gur shábháil feabhsuithe sna réimsí sin go leor airgid do theaghlaigh.

Baineann an bhochtaineacht an bonn ón óige agus goideann sí an todhchaí. Spreag sé sin mé le hOifig an Chláir maidir le Bochtaineacht Leanaí agus Dea-bhail Leanaí a bhunú i Roinn an Taoisigh, agus bochtaineacht leanaí mar fhócas an Rialtais seo. Ba mhaith liom go mbeadh Éire ar an tír is fearr san Eoraip le bheith i do leanbh inti."

Thug an Taoiseach le fios gur tháinig ardú beag ar an ráta díothachta ó 16.6% in 2022 go dtí 17.3% in 2023, ach bhí áthas air go raibh laghdú ar an díothacht agus ar na rátaí bochtaineachta comhsheasmhaí i measc teaghlaigh aontuismitheora, ós rud é go bhfuil na teaghlaigh sin i mbaol níos mó bochtaineachta.

Dúirt an Taoiseach:

"Scrúdóimid go dlúth na cúiseanna díothachta, go háirithe i measc na ngrúpaí is leochailí, agus breithniú á dhéanamh againn ar bhearta amach anseo chun an bhochtaineacht a laghdú. Bunóidh an tAire Coimirce Sóisialaí sprioc nua bochtaineachta i measc leanaí go luath mar threoir don obair seo."

CRÍOCH

Nótaí don eagarthóir

Baineann sonraí Shuirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála (SILC) le hioncam 2022 agus ní chuirtear san áireamh aon bhearta Bhuiséid 2023 a íocadh in 2023 lena n-áirítear bearta Costas Maireachtála 2023, ná aon bhearta Bhuiséid 2024, a bhí ar na buiséid ba mhó ar chosaint shóisialta i stair an Stáit.