Cuireann an Taoiseach fáilte roimh phacáiste cúnaimh éigeandála an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh mhuintir na Palaistíne
- Foilsithe: 1 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an Taoiseach Leo Varadkar fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh inniu dul ar aghaidh le €50 milliún a íoc an tseachtain seo chugainn le Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhaoiseamh agus Oibreacha do Dhídeanaithe sa Phalaistín, UNRWA.
"Cuirim fáilte mhór roimh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh maoiniú €50 milliún a thabhairt do UNRWA, agus cur leis an gcabhair dhaonnúil do mhuintir na Palaistíne. Tá an ról atá ag UNRWA, i nGaza agus sa réigiún níos leithne, ríthábhachtach agus ní féidir a chomhshamhail a sholáthar. Mar a chonaic muid le himeachtaí tragóideacha an lae inné, tá tacaíocht dhaonnúil phráinneach ag teastáil go géar ó dhaoine i nGaza. Tá UNRWA riachtanach chun an tacaíocht sin a chur ar fáil.
I bhfianaise an riachtanais ollmhóir sin, is é an rud ceart le déanamh tuilleadh cabhrach a thabhairt, mar atá déanta ag Éirinn agus ag an gCoimisiún. Tá Éire agus an Coimisiún Eorpach ar aon intinn faoi sin.
Is cúis áthais dom go gcuirfidh an Coimisiún lena chabhair do mhuintir na Palaistíne faoi €68 milliún i mbliana - a chuirfear ar fáil trí chomhpháirtithe amhail Cumann na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg - agus tá súil agam go dtabharfar na suimeanna breise atá dlite do UNRWA níos déanaí i mbliana gan aon mhoill, nuair a thuairiscítear imscrúdú inmheánach na Náisiún Aontaithe ar líomhaintí tromchúiseacha faoi fhoireann UNRWA agus an Grúpa Athbhreithnithe neamhspleách faoi stiúir Catherine Colonna.
Gabhaim buíochas, go háirithe, le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus le Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála as an gcinneadh seo a dhéanamh.
Níl muintir na Palaistíne freagrach as na coireanna a dhéanann Hamas agus níor cheart pionós comhchoiteann de chineál ar bith a ghearradh orthu. Sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bheadh ann é sin a dhéanamh agus bheadh sé go hiomlán mícheart agus éagórach."
Nóta d’Eagarthóirí
Rinne an Coimisiún Eorpach an cinneadh €50 milliún a thabhairt do UNRWA, agus €68 milliún breise a leithdháileadh chun cabhrú le pobal na Palaistíne in 2024 trí chomhpháirtithe idirnáisiúnta amhail an Chrois Dhearg agus an Corrán Dearg.
Agus €32 milliún breise le cur i bhfeidhm trí UNRWA, is é €150 milliún an íocaíocht fhoriomlán le haghaidh 2024.
CRÍOCH