Dún na nGall curtha go dtí Leibhéal 3 i bPlean na hÉireann maidir le Maireachtáil le COVID-19
- Foilsithe: 24 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Comhairle NPHET
- Bainfidh na himpleachtaí a leanas le duine ar bith atá ina gcónaí nó atá ag obair i nDún na nGall de bharr go mbeidh an contae á chur go dtí Leibhéal 3
- Spórt
- Gnóthaí agus Seirbhísí
- Daoine os cionn 70 Bliain d'Aois & Daoine atá Leochaileach ó Thaobh Cúrsaí Sláinte
- Tacaíochtaí Gnó
- Nótaí
Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais
**Shocraigh an Rialtas inniu Contae Dhún na nGall a chur go dtí Leibhéal 3 faoin
Item was unpublished or removed agus cuirfear sin i bhfeidhm ó mheán oíche amárach, Dé hAoine an 25 Meán Fómhair.
Socraíodh an gníomh sin i bhfianaise athbhreithniú a rinneadh ar an gcomhairle reatha maidir leis an tsláinte phoiblí agus is freagra é ar chúrsaí atá ag dul in olcas i nDún na nGall maidir leis an víreas.
Tá an chuid eile den tír ar Leibhéal 2 taobh amuigh de Item was unpublished or removed atá ar Leibhéal 3 chomh maith.
Beidh Dún na nGall ar Leibhéal 3 ar feadh tréimhse 3 seachtaine, go dtí Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair, agus déanfaidh an Rialtas cúrsaí a athbhreithniú ag an bpointe sin, bunaithe ar stádas an víris agus ar chomhairle sláinte poiblí.
Tá breisiú 30% ar an Deontas Restart fógartha ag an Rialtas chun tacaíocht a thabhairt do dhuine ar bith a mbíonn buailte le linn na tréimhse trí seachtaine.
Cuirfear é sin ar fáil láithreach tríd an ngnáthphróiseas iarratais agus meastar go mbeidh costas breise €2m i gceist leis don Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Chomh maith leis sin, tabharfar tús áite d'iarratais a thiocfaidh as Dún na nGall maidir leis an réimse leathan scéimeanna iasachta agus dearbháin atá ar fáil chun cuidiú le gnóthaí atá buailte de bharr Covid-19 trí phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil agus trí thionscnaimh eile de chuid an Rialtais.
Comhairle NPHET
NPHET a threoraigh cinneadh an Rialtais a rinneadh i ndiaidh breithniú Comh-Aireachta. Tá moltaí NPHET dírithe go sonrach ar theorainn a chur leis an méid daoine a ndéantar teagmháil leo go sóisialta agus plóid daoine a theacht le chéile a laghdú.
Bainfidh na himpleachtaí a leanas le duine ar bith atá ina gcónaí nó atá ag obair i nDún na nGall de bharr go mbeidh an contae á chur go dtí Leibhéal 3
- Ba cheart teorainn suas le seisear chuairteoirí as teaghlach amháin a chur le líon na gcuairteoirí chuig tithe cónaithe agus gairdíní príobháideacha.
- Níor cheart go reáchtálfaí aon teacht le chéile sóisialta/teaghlaigh, beidh díolúine i gceist do bainiseacha agus do shochraidí (féach thíos).
- Níor cheart go dtarlódh aon teacht le chéile eagraithe faoi dhíon. Ceadaítear teacht le chéile faoin spéir, suas le 15 duine.
- Ba cheart go bhfanfadh daoine atá ina gcónaí i nDún na nGall sa chontae (i.e. níor cheart dóibh Dún na nGall a fhágáil chun taisteal a dhéanamh in Éirinn nó go hidirnáisiúnta), seachas iadsan a chaithfidh taisteal a dhéanamh de bharr a gcuid oibre, a gcuid oideachais agus chun críocha riachtanacha eile.
- Níor cheart do dhuine ar bith a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh de Dhún na nGall taisteal chuig Dún na nGall seachas iadsan a chaithfidh taisteal a dhéanamh de bharr a gcuid oibre, a gcuid oideachais agus chun críocha riachtanacha eile.
- Iarrtar ar dhaoine a bhíonn ag obair i nDún na nGall obair ón mbaile mura bhfuil géarghá leis.
- Ba cheart Scoileanna, seirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí a choinneáil ar oscailt. Ba cheart Forais Ardoideachais agus Oideachais daoine fásta a choinneáil ar oscailt ach iarrtar orthu athbhreithniú a dhéanamh ar bhearta cosanta agus céimeanna a ghlacadh chun teorainn a chur le plóid daoine a theacht le chéile dá mhéid agus is féidir.
- Iarrtar ort siúl nó rothar a úsáid nuair is féidir sin a dhéanamh chun go mbeidh iompar poiblí ar fáil d'oibrithe riachtanacha agus don obair riachtanach amháin.
Spórt
- Níor chóir aon chluichí ná imeachtaí spóirt eile a reáchtáil, seachas i gcás spóirt ghairmiúla, scothspórt, idirchontae agus craobhchomórtais chlubanna sinsear - ba chóir iad a reáchtáil gan aon lucht tacaíochta i láthair.
- Is féidir leis an rásaíocht capall leanúint ar aghaidh ach gan aon lucht tacaíochta a bheith i láthair.
- Is féidir le traenáil neamhtheagmhála leanúint ar aghaidh faoin spéir agus i ngrúpaí nach mó ná 15, beidh roinnt eisceachtaí i gceist (féach thíos).
- Ba cheart traenáil faoi dhíon a bheith teoranta do dhaoine aonair amháin agus ní bheidh aon ranganna ar siúl.
Gnóthaí agus Seirbhísí
- Is féidir na siopaí agus ionaid siopadóireachta ar fad a choinneáil ar oscailt. Is féidir seirbhísí ar fad, mar ghruagairí, sciamheolaithe, bearbóirí, radharceolaithe etc. a choinneáil ar oscailt.
- Beidh Leabharlanna ar fáil maidir le seirbhís leictreonaice agus seirbhís bailiúcháin.
- Beidh páirceanna spraoi, áiteanna spraoi faoin spéir agus páirceanna á gcoinneáil ar oscailt.
- Is féidir Giomnáisiam, ionaid fóillíochta agus linnte snámha a choinneáil ar oscailt ach a bheith teoranta d'úsáid dhaoine aonair amháin agus le bearta cosanta i bhfeidhm.
- Is féidir Óstáin, Tithe Lóistín agus B&Banna a choinneáil ar oscailt ach seirbhísí a bheith teoranta d'aíonna amháin.
- Is féidir Bialanna agus Caiféanna (lena n-áirítear beáir/tithe ósta ina gcuirtear bia ar fáil iontu/tithe ósta nach gcuirtear bia ar fáil iontu) a choinneáil ar oscailt chun seirbhís tabhair leat agus seirbhís seachadta a chur ar fáil chomh maith le bia/seirbhís a chur ar fáil faoin spéir do suas le 15 duine.
- Cuirfear seirbhísí reiligiúnacha ar fáil ar líne, cé gur féidir ionaid adhartha a choinneáil ar oscailt ar mhaithe le guí phríobháideach a dhéanamh.
- Ba cheart gach iarsmalann, gailearaí, pictiúrlann agus gach díol suntais cultúir eile a dhúnadh.
Daoine os cionn 70 Bliain d'Aois & Daoine atá Leochaileach ó Thaobh Cúrsaí Sláinte
- Moltar do dhaoine os cionn 70 bliain d'aois agus do dhaoine atá leochaileach ó thaobh cúrsaí sláinte leanúint de bheith ciallmhar.
- Moltar go bhfanfadh siad sa bhaile an méid agus is féidir, teorainn a chur leis an líon daoine a mbíonn siad i dteagmháil leo go dtí grúpa beag daoine ar feadh tréimhsí gearra, ach fanacht amach ó na daoine sin chomh maith.
- Tá sé tábhachtach nuair atáthar ag glacadh aclaíochta faoin spéir 2 mhéadar a fhágáil idir tú féin agus daoine eile agus lámha a ní agus tú sa bhaile arís.
- Moltar siopadóireacht a dhéanamh le linn na dtréimhsí atá leagtha amach ina leith sin, clúdach éadain a chaitheamh agus iompar poiblí a sheachaint.
Tacaíochtaí Gnó
Cé go bhfuil sé deacair an tionchar a mheas, beidh tionchar suntasach ag na srianta seo ar ghnóthaí agus ar chúrsaí fostaíochta i nDún na nGall. I bhfianaise thionchar na srianta seo ar ghnóthaí i nDún na nGall, tá sé beartaithe pacáiste den chineál céanna is a cuireadh ar fáil i gcásanna Chill Dara, Uíbh Fhaillí, Laoise agus Bhaile Átha Cliath a chur ar fáil. Dá bhrí sin, cuirfear breisiú 30% ar an Deontas Restart Plus ar fáil chun tacú leo sin a mbeidh tionchar ag na srianta seo orthu sa tréimhse trí seachtaine seo. Beidh gnóthaí a bhain leas as an Deontas Restart roimhe seo incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar an mbreisiú seo. Chomh maith leis sin, tabharfar tús áite d'iarratais a thiocfaidh as Dún na nGall maidir leis an réimse leathan scéimeanna iasachta agus dearbháin atá ar fáil chun cuidiú le gnóthaí atá buailte de bharr Covid-19 trí phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil agus trí thionscnaimh eile de chuid an Rialtais.
Leanfar de thacaíochtaí eile fostaíochta agus ioncaim, lena n-áirítear an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime agus an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta, chomh maith leis an réimse iomlán de sheirbhísí fostaíochta, oiliúna agus tacaíochta d'oibrithe atá buailte, a chur ar fáil chomh maith. Beidh an costas deiridh ag brath ar líon na n-éilitheoirí breise.
Nótaí
Bainiseacha agus Sochraidí
- Don deireadh seachtaine an 26/27 Meán Fómhair
- Is féidir le bainiseacha leanúint ar aghaidh mar a bhí pleanáilte ar dtús suas go dtí 50 duine ar an méid. Is féidir le daoine atá ina gcónaí i nDún na nGall dul ag bainiseacha taobh amuigh de Dhún na nGall agus is féidir le daoine nach bhfuil ina gcónaí i nDún na nGall dul chuig bainiseacha i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo.
- Tiocfaidh bearta Leibhéal 3 maidir le sochraidí i bhfeidhm Dé Luain an 28ú lá.
Ó Dé Luain an 28 Meán Fómhair
- Is féidir le bainiseacha i nDún na nGall leanúint ar aghaidh le 25 duine ar an méid ag an searmanas agus ag an mbainis (beag beann ar an ionad) Ní bheidh daoine atá ina gcónaí lasmuigh de Dhún na nGall in ann dul chuig bainiseacha i nDún na nGall agus ní bheidh daoine atá ina gcónaí i nDún na nGall in ann dul chuig bainiseacha i gceantair eile sa tír. Beidh lánúineacha atá ina gcónaí i nDún na nGall agus a raibh pleananna déanta acu le pósadh lasmuigh den chontae in ann taisteal chuig an láthair sin.
- Tá cuairteanna chuig saoráidí Cúraim Cónaitheachta Fadtéarmacha curtha ar fionraí, seachas cuairteanna atá de dhíth mar gheall ar chúinsí criticiúla agus tuisceanacha.
- Beidh iompar poiblí ag feidhmiú ag 50% den acmhainn.
- Is féidir le traenáil neamhtheagmhála leanúint ar aghaidh taobh amuigh agus i ngrúpaí nach mó ná 15. Tá eisceacht ann ina leith seo do lúthchleasaithe gairmiúla nó scothlúthchleasaithe, do spóirt idirchontae agus do thraenáil i ndáil le craobhchomórtais chlubanna sinsear.
- Níor chóir aon chluichí ná imeachtaí spóirt eile a reáchtáil, seachas i gcás spóirt ghairmiúla, scothspórt, idirchontae agus craobhchomórtais chlubanna sinsear agus ba chóir iad a reáchtáil gan aon lucht tacaíochta i láthair. Is féidir leis an rásaíocht capall leanúint ar aghaidh ach gan aon lucht tacaíochta a bheith i láthair.
- Fanfaidh Clubanna Oíche, Dioscónna agus Caisíní dúnta.
Taisteal le haghaidh Cúrsaí Oibre agus Cásanna Riachtanacha.
- Taisteal chun na hoibre agus ar ais, nó ar mhaithe leis an obair agus sa chás nach féidir oibriú ón mbaile
- Le dul ag coinní leighis agus cóir leighis agus táirgí sláinte eile a bhailiú
- Le haghaidh cúiseanna ríthábhachtacha teaghlaigh, mar aire a thabhairt do leanaí, seandaoine agus daoine leochaileacha, gan cuairteanna sóisialta teaghlaigh san áireamh agus
- Chun críocha feirmeoireachta i.e. táirgeadh bia agus/nó aire a thabhairt d'ainmhithe