English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dialanna Mhíchíl Uí Choileáin bronnta ar an Stát

Bhronn muintir Mhíchíl Uí Choileáin dialanna póca Mhíchíl ó na blianta idir 1918 agus 1922 ar an Taoiseach, Micheál Martin TD, in éineacht leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Simon Coveney TD , agus an tAire Stáit um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O'Donovan TD.

Tá na dialanna seo an-tábhachtach go stairiúil, i gcomhthéacs comóradh céad bliain bhás Uí Choileáin i mí Lúnasa 2022 go háirithe. Cuireann siad tuilleadh eolais ar fáil faoi thréimhse thábhachtach i saol Mhíchíl Uí Choileáin agus saol an náisiúin, a chuimsíonn Cogadh na Saoirse, Idirbheartaíocht an Chonartha agus an Cogadh Cathartha, go dtí a bhás i mí Lúnasa 1922. Tá eolas stairiúil iontu, sonraí faoi chruinnithe, imeachtaí, coinní agus socruithe eile. Eolas rúnda atá i gcuid mhaith de, agus ní fhacthas riamh cheana é.

Beidh na dialanna ar iasacht fhadtéarmach ag an gCartlann Náisiúnta, áit a rachaidh siad faoi chóireáil chaomhnaithe, próiseáil cartlainne agus digitiú chun cur ar chumas na cartlainne rochtain ar na dialanna a thabhairt don phobal. Oibreoidh an Chartlann Náisiúnta le Comhairle Chontae Chorcaí chun rochtain áitiúil ar chóipeanna digiteacha de na dialanna a thabhairt don phobal i dTeach Mhíchíl Uí Choileáin, Cloich na Coillte. Rinneadh comhaontú chomh maith na dialanna bunaidh a thabhairt ar ais ó mhí Lúnasa 2022 chun cothrom céad bliain bhás Mhíchíl Uí Choileáin a chomóradh.

Ag labhairt faoi thábhacht na ndialann, dúirt an Taoiseach:

“Insíonn Mícheál Ó Coileán scéal ceann de na tréimhsí ba chorraithe inár gcuid staire sna dialanna seo trína shaol polaitiúil agus pearsanta ó 1918 go 1922. Nochtfar go leor eolais nua sna dialanna seo a bheidh le léamh sa bhailiúchán náisiúnta sa Chartlann Náisiúnta. Tabharfaidh sé seo deis don phobal, do scoláirí agus do thaighdeoirí i bhfad níos mó a fhoghlaim faoi na himeachtaí roimh agus tar éis bhunú an Stáit. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le muintir Uí Choileáin as a gcuid flaithiúlachta agus iad ag obair leis an gCartlann Náisiúnta chun caomhnú fadtéarmach na ndialann seo a chinntiú”.

Dúirt an tAire Catherine Martin TD:

“Tugtar léargas speisialta dúinn ar thréimhse achrannach i stair na hÉireann sna dialanna luachmhara seo. Táim an-bhuíoch de mhuintir Uí Choileáin chomh maith as a gcuid flaithiúlachta chun na dialanna seo a thabhairt don Chartlann Náisiúnta ar iasacht. Is codanna tábhachtacha d’oidhreacht an Stáit iad i gcomhthéacs Dheich mBliana na gCuimhneachán, ag comóradh duine ríthábhachtach i stair na tíre seo. Is é an ról atá agam mar Aire le freagracht as an tréimhse chasta seo inár gcuid staire a chomóradh ná a chinntiú go gcoinnímid cuimhne ar an tréimhse ar bhealach cuí, ciallmhar agus íogair.”

Dúirt an tAire Simon Coveney TD:

“Agus muid ag druidim le comóradh céad bliain bhás Mhíchíl Uí Choileáin i mí Lúnasa 2022, tá spéis athnuaite agus méadaithe ina shaol. Sna dialanna seo, tugtar léargas speisialta ar an saol éachtach a bhí aige agus sonraí faoi imeachtaí nár foilsíodh riamh cheana. Is bronntanas suntasach é seo don Stát ó mhuintir Uí Choileáin agus gabhaimid buíochas ó chroí leo. Bíonn na Coileánaigh flaithiúil i gcónaí sa chaoi a roinneann siad earraí, cáipéisí agus cuimhneacháin de chuid a n-uncail agus a seanuncail le muintir na hÉireann. Thug na Coileánaigh an áit a bhfuilimid inti inniu, Doire Luain, mar bhronntanas don Stát sna 1990idí.

“Cuirfidh na dialanna seo go mór le taighde staraithe Éire an 20ú haois faoi eachtraí tábhachtacha i stair na hÉireann, go háirithe i gcomhthéacs Dheich mBliana Chuimhneacháin Chorcaí agus an tréimhse réabhlóideach."

Dúirt muintir Uí Choileáin agus iad ag labhairt faoin síntiús:

“Thug ár seanathair Johnny Collins (deartháir níos sine Mhíchíl Uí Choileáin) na 5 dhialann oibre seo dá mhac, ár n-athair, Liam Collins. Tá lúcháir orainn na taifid thábhachtacha seo a thabhairt do mhuintir na hÉireann thar cheann ár n-athar tríd an gCartlann Náisiúnta. Tá súil againn mar mhuintir go gcuirfear na dialanna seo ar taispeáint i gCloich na Coillte. Bheadh sé seo an-tábhachtach dár n-athair.

“Is mór an onóir dúinn, thar ceann ár n-athar, na taifid stairiúla seo a thabhairt ar láimh don Taoiseach agus fáilte a chur roimhe go Doire Luain inniu, áit bhreithe Mhíchíl Uí Choileáin, a rinne ár nAthair a aisghabháil agus a chaomhnú agus a thabhairt go grámhar don Stát i mí Dheireadh Fómhair 1990."

Cuirfear na dialanna i dtaisce anois sa Chartlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath, áit a gcuirfear tús le hobair ar a gcaomhnú agus a ndigitiú.