Fáiltíonn an Taoiseach roimh roghnú Mairead McGuinness mar Choimisinéir Eorpach ainmnithe
- Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 29 Meán Fómhair 2020
Chuir an Taoiseach Micheál Martin T.D. fáilte roimh roghnú Mairead McGuinness mar Choimisinéir Eorpach ainmnithe.
Chuir sé fáilte freisin roimh an moladh go sannfar freagracht as Seirbhísí Airgeadais le Ms McGuinness.
Labhair an Taoiseach le hUachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen ar maidin, roimh an bhfógra.
Ag labhairt dó ina dhiaidh, dúirt sé, “Chuir an Rialtas beirt iarrthóirí den scoth ar aghaidh le meas le bheith ina gcéad Choimisinéir Eorpach eile as Éirinn.
“Bhí Mairead McGuinness ina hionadaí ar Éirinn i bParlaimint na hEorpa le gradam le sé bliana déag anuas, agus tá muinín agam go mbeidh sí anois in Coimisinéir den scoth, ag obair ar son an Aontais Eorpaigh uile.
“Traoslaím go hiomlán léi as a roghnú.
“Punann iontach suntasach is ea Seirbhísí Airgeadais agus tá an-áthas orm go bhfuil an post seo faighte don Choimisinéir ainmnithe.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le Andrew McDowell as a ainm a chur ar aghaidh le meas, agus guím gach rath air sa todhchaí.”
Críoch