English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an Taoiseach roimh shos comhraic idir Iosrael agus Hezbollah

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 27 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

“Cuirim fáilte an-mhór roimh an gcomhaontú sos comhraic atá curtha i bhfeidhm idir Iosrael agus Hezbollah sa Liobáin.

“Cuireann sé seo deireadh leis an doirteadh fola uafásach a chonaiceamar, rud a rinne léirscrios ar shibhialtaigh. Tá sé tábhachtach anois go gcuirfí na pobail a chuireadh as seilbh iad de bharr na coimhlinte seo ar a gcumas filleadh ar ais chun a dtithe. Is gá dúinn freisin borradh ollmhór i gcabhair dhaonnúil agus i gcúnamh don Liobáin agus í i mbun téarnaimh agus aththógála.

“Leanfaidh Éire ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht le hiarrachtaí chun cabhrú leis an Liobáin a ghealltanais faoin gcomhaontú sos comhraic a chomhlíonadh agus leanfaimid ar aghaidh lenár ngealltanais do UNIFIL, nach mór a lucht coimeádta síochána a chosaint agus meas a léiriú dóibh ionas gur féidir leo a sainordú tábhachtach a chomhlíonadh.

“Tá sé fíorthábhachtach go dtacaíonn siad siúd a bhfuil tionchar acu sa réigiún, an Iaráin san áireamh, leis an gcomhaontú sos comhraic seo go n-oibreodh siad chun é a chothabháil. Soláthróidh sé seo an spás agus an t-am atá ag teastáil chun comhráití fiúntacha atá dírithe ar réiteach buan agus seasmhach a bhaint amach.

“Tá a fhios agam agus muidne ag cur fáilte roimh dheireadh na troda sa Liobáin, go leanann an marú agus an léirscrios in Gaza gan mhaolú. Ní mór deireadh a chur leis an bhforéigean in Gaza. Ní mór don phobal idirnáisiúnta an deis a úsáid a sholáthraíonn an comhaontú sos comhraic sa Liobáin chun margadh faoi shos comhraic agus ghiall a lorg in Gaza, ceann a chuirfeadh borradh ollmhór ar chúnamh daonnúil ar fáil a bhfuil géargá leis do mhuintir Gaza.