English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáilte curtha ag an Rialtas roimh fhoilsiú thuarascáil NESC I dTreo Straitéis Náisiúnta Dea-Oibre

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 30 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá fáilte curtha ag an Rialtas roimh fhoilsiú thuarascáil na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíche agus Sóisialaí (NESC) I dTreo Straitéis Náisiúnta Dea-Oibre. Is éard atá i gceist leis an gclár oibre ‘Dea-Oibre’ ná gealltanas feabhas a chur ar chaighdeán na hoibre ar fud gach earnáil den gheilleagar.

Tá an gealltanas seo ag teacht go hiomlán le Clár an Rialtais 2020 agus an Páipéar Bán ar an bhFiontraíocht 2022-2030. Tarraingítear aird sa tuarascáil seo ón gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach ar an gcaoi a bhféadfaidh Dea-Obair teacht aniar eacnamaíoch agus sóisialta a threisiú, trí thairbhí a chur ar fáil do gheilleagar agus do shochaí na tíre.

Leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé cur chuige níos comhordaithe agus níos cothroime a bheith ann maidir le Dea-Obair lena gcuirfear feabhas ar iomaíochas agus ar fholláine na bhfostaithe. Aithnítear sa tuarascáil nach mbaineann an chuideachta ná an eagraíocht san earnáil phoiblí leas díreach i gcónaí as na tairbhí a bhaineann le Dea-Obair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na costais a bhaineann le hobair ar chaighdeán íseal a bheith seachtrach don ghnólacht nó don eagraíocht.

Ciallaíonn sé sin go dteastóidh idirghabháil agus tacaíochtaí spriocdhírithe Stáit chun tacú leis an gClár Oibre Dea-Oibre. Ciallaíonn sé freisin gur gá forluí níos mó a bheith ann idir beartas sóisialta, táirgiúlacht agus iomaíochas chomh maith le forbairt agus oiliúint scileanna.

Leagann an Chomhairle Straitéis Náisiúnta Dea-Oibre amach a d'fhéadfadh cuidiú le gníomhú an Rialtais a spriocdhíriú agus na réimsí beartas níos leithne sin a comhordú. Molann an Chomhairle go mbeadh foireann gníomhartha sa Straitéis, lena n-áirítear seo a leanas:

• Sraith tascfhórsaí earnála a bhunú a bheadh dírithe ar earnálacha níos táirgiúla agus níos athléimní a fhorbairt a mbeadh sé d’acmhainn acu tacú le Dea-Obair;

• Fiafraí ar na comhpháirtithe sóisialta ról lárnach a ghlacadh stráitéis náisiúnta Dea-Oibre a leagan amach agus a sheachadadh i gcomhar;

• Clár taighde cuimsitheach agus comhordaithe a fhorbairt a bheadh leagtha amach chun teacht ar fhianaise láidir agus thráthúil chun tacú le Dea-Obair. D’fhéadfadh suirbhé náisiúnta ar Dea-Obair a bheith san áireamh, ar bhonn uile-oileáin; agus

• Fócas straitéiseach ar nuálaíocht san ionad oibre in Éirinn a athbheochan mar phríomhbhealach chun scileanna a fheabhsú, chomh maith le táirgiúlacht agus feidhmíocht gnólachtaí a fheabhsú.

Tá liosta iomlán na ngníomhartha a mholtar agus an taighde atá mar bhonn fúthu le fáil i dTuarascáil Uimh.165 iomlán an NESC, I dTreo Straitéis Náisiúnta Dea-Oibre ag www.nesc.ie.