Fógartha ag an Rialtas gur féidir an chuid is mó de na bearta sláinte poiblí atá i bhfeidhm i láthair na huaire a bhaint
- Foilsithe: 21 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 4 Feabhra 2022
I ndiaidh comhairle sláinte poiblí a fháil tá sé comhaontaithe ag an Rialtas inniu gur féidir an chuid is mó de na bearta sláinte poiblí ata i bhfeidhm i láthair na huaire a bhaint.
Tá difear mór déanta don staid sláinte poiblí ag iarrachtaí mhuintir na hÉireann le cúpla seachtain anuas a gcuid dlúth-theagmhálaithe a laghdú, a bheith cúramach nuair a chasfadh daoine eile orthu, chomh maith leis an líon mór daoine a ghlac páirt sa chláir vacsaínithe agus teanndáileoige.
Ón 6am Dé Sathairn an 22 Eanáir, is féidir na bearta seo a leanas a bhaint:
- treoir maidir le cuairt a thabhairt ar theaghlaigh
- am dúnta luath don earnáil fáilteachais agus d’imeachtaí
- srianta maidir le líon na ndaoine ar féidir a bheith i láthair ag imeachtaí taobh amuigh, lena n-áirítear ag cluichí spóirt
- srianta maidir le líon na ndaoine ar féidir a bheith i láthair ag imeachtaí taobh istigh, bainiseacha ina measc
- bearta cosanta earnála
- srianta ar chlubanna oíche
- riachtanais Deimhniú Digiteach COVID bailí a bheith ag duine chun dul isteach in áitribh éagsúla
Ó Dé Luain an 24 Eanáir, is féidir le daoine tosú ag teacht i láthair ag a gcuid láithreacha oibre ar bhonn céimnithe ar bhealach atá cuí do gach earnáil
Fanfaidh roinnt de na bearta sláinte poiblí i bhfeidhm go dtí an 28 Feabhra 2022:
- riachtanais maidir le masc a chaitheamh sna suíomhanna go léir a bhfuil rialú déanta ina leith sin i láthair na huaire
- bearta cosanta i scoileanna agus i saoráidí luathfhoghlama agus i saoráidí chúram na luath-óige
Chomh maith leis sin, dúirt an rialtas arís go bhfuil gá le monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an víreas
Níl deireadh leis an bpaindéim agus tá baol fós ann go náisiúnta agus ar fud an domhain de bharr leaganacha nua den víreas a theacht chun cinn lena mbaineann in-tarchurthacht níos mó, seachaint imdhíonachta agus/nó nimhneacht, go háirithe i gcomhthéacs leibhéil arda leanúnach ionfhabhtaithe agus athraithis i soláthar vacsaíní agus i nglacadh leis an vacsaín ar fud an domhain.
Ní mór a leanas a bheith i gceist leis an straitéis leanúnach:
- leanúint den chomhairle reatha a leanúint dóibhsean a bhfuil siomptóim orthu, i leith cásanna den víreas agus dóibhsean ar dhlúth-theagmhálaithe iad mar a d’fhógair an rialtas ar an 12 Eanáir 2022
- béim a choinneáil ar chur leis an méid daoine a ghlacann leis an bpríomhvacsaín agus leis an teanndáileog den vacsaín a oiread agus is féidir
Tacaíochtaí
- cuirfear moill míosa ar na leibhéil laghdaithe den Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS), a bhí in ainm a bheith ag tosú ar an 1 Feabhra, do ghnólachtaí a raibh tionchar díreach ag na srianta poiblí sláinte a tugadh isteach i mí na Nollag 2021 orthu
- íocfar íocaíocht atosaithe de thacaíocht 1 seachtain leosan a fhaigheann íocaíochtaí faoin Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID (CRSS) chun cuidiú leis an athoscailt
- cuirfear síneadh míosa go dtí an 30 Aibreán 2022 leis an scéim trádstórála fiachais cánach chun tacaíocht leachtachta a chur ar fáil do ghnólachtaí
- leanfar d’orduithe díolúine do cheadúnais dhéanacha a tharscaoileadh go dtí an 30 Aibreán
- dúnfar an PUP d’iarratais nua ón 22 Eanáir. Cuirfear duine ar bith a bheidh fanta ar PUP ar ráta seachtainiúil €208 le héifeacht maidir le híocaíochtaí a dhéanfar ar an 8 Márta. Ina dhiaidh sin, tosófar ag aistriú na daoine a bheidh fanta ar PUP chuig na gnáth-théarmaí a bhaineann le cuardaitheoir poist, agus, má tá siad i dteideal sin, aistreofar iad chuig íocaíocht cuardaitheora poist le héifeacht maidir le híocaíochtaí a dhéanfar ar an 5 Aibreán
- cuirfear síneadh go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2022 le Sochar Feabhsaithe Breoiteachta
Príomhtheachtaireachtaí
- má tá siomptóm ar bith ort - aonraigh agus téigh i gcomhair tástála. Más dhlúth-theagmhálaí thú lean an treoir ar láithreán gréasáin an HSE
- is é an bealach is fearr chun tú féin a choinneáil slán ná a chinntiú go bhfuil cosaint iomlán an vacsaín chomh maith le teanndáileog den vacsaín faighte agat
- leanúint do mhasc a chaitheamh i suíomhanna oiriúnacha
D’fhéadfadh imní a bheith ar dhaoine fós fúthu féin nó faoi bhaill dá dteaghlaigh. Ba chóir dóibh leanúint dá gcás aonair féin a mheas. Bíonn bealaí i gcónaí ann baol a laghdú, go háirithe dóibhsean atá níos leochailí. Chun tuilleadh treorach a fháil téigh chuig láithreán Riosca Feasach.
Nótaí
Bearta atá á mbaint
I measc na mbeart cosanta earnála ata á mbaint tá:
- riachtanais fhoirmeálta scartha sóisialta fisiceach go ginearálta (2m)
- riachtanais scartha sóisialta fisiceach san earnáil fáilteachais (seirbhís ag an mbord, 1 méadar idir boird, 6 duine ag gach bord)
- daoine suite amháin ag imeachtaí taobh istigh
- grúpaí de 6 duine ag imeachtaí taobh istigh
- pas COVID ag teastáil ar fud gach ionad/gníomhaíochtaí intíre
- riachtanas sonraí teagmhála a choinneáil
Masc a chaitheamh
Beidh gá masc a chaitheamh fós sna suíomhanna seo a leanas:
- ar iompar phoiblí, i dtacsaithe agus ag stáisiúin/aerfoirt/calafoirt
- áitribh mhiondíola (lena n-áirítear ionaid siopadóireachta, leabharlanna, pictiúrlanna, amharclanna, iarsmalanna, oifigí poist, bainc), oifigí poiblí, áitribh ina gcuirtear seirbhísí ar leith ar fáil agus gnólachtaí (lena n-áirítear salónta, gruagairí, gníomhairí taistil, neachtlanna, tirimghlantóirí, geallghlacadóirí)
- oibrithe i róil aghaidh custaiméirí agus ullmhúcháin bia in áitribh ina ndíoltar bia agus deochanna lena gcaitheamh ar an áitreabh
Taisteal idirnáisiúnta
Níl athrú ar bith tagtha ar na bearta reatha atá i bhfeidhm maidir le taisteal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an riachtanais Deimhniú Digiteach COVID a bheith ag duine. Féach gov.ie/travel chun tuilleadh sonraí a fháil.
Ón 1 Feabhra, chun críocha taistil, ní éagfaidh Deimhniú Digiteach COVID atá bunaithe ar an phríomhvacsaín ach amháin i ndiaidh 270 lá (9 mí). Is féidir le daoine a bhfuil an teanndáileog faighte acu Deimhniú Digiteach COVID nuashonraithe a fháil. Tá Deimhnithe Digiteacha COVID nuashonraithe á n-eisiúint i láthair na huaire.
Is féidir le duine ar bith nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID nuashonraithe faighte acu ceann a iarraidh ar an tairseach féinseirbhíse.