English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógartha ag an Taoiseach agus ag an Aire McEntee go bhfuil cead tugtha ag an gComh-Aireacht do Bhille a thugann foráil do bhreithiúna íosthéarma príosúnachta a mholadh nuair atáthar ag gearradh pianbhreith saoil

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 7 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 14 Lúnasa 2024

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Simon Harris agus ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee inniu (Dé Céadaoin) go bhfuil cead tugtha ag an Rialtas do thograí nua reachtacha an rogha a thabhairt do bhreithiúna íostréimhsí sa phríosún a mholadh dóibhsean a ghearrtar pianbhreith saoil orthu.

D’fhoilsigh an tAire McEntee Scéim Ghinearálta an Bhille um Pianbhreitheanna Saoil, 2024, arna cheadú ag an Rialtas le déanaí. Cuirfear ar aghaidh chuig an gComhchoiste Oireachtais um Dhlí agus Ceart é chun go ndéanfar grinnscrúdú réamhreachtach air. Beidh an Roinn Dlí agus Cirt i dteagmháil freisin le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte chun dréachtú an Bhille a bhrú chun cinn.

D’fhógair an tAire McEntee i bPlean Dlí agus Cirt 2022 go mbeadh sí ag tabhairt isteach tograí chun athchóiriú a dhéanamh ar an dlí maidir le pianbhreitheanna saoil. D’fhoilsigh an tAire an Review of Policy Options for Prison and Penal Reform 2022 – 2024 agus í tiomanta do rogha bhreithiúnach a thabhairt isteach chun íostaraifí a shocrú do phianbhreitheanna saoil agus d’fhorbairt togra.

Tabharfaidh an Bille um Pianbhreitheanna Saoil, 2024 ról foirmiúil do bhreithiúna a ghearrann pianbhreitheanna eolas a dhéanamh do chinntí maidir le príosúnaigh atá faoi phianbhreith saoil a scaoileadh amach ar parúl. Nuair atáthar ag gearradh pianbhreith, tabharfaidh breithiúna moladh ar an íostéarma a cheart do dhuine a chaitheamh sa phríosún sula gceadaítear parúl, agus ceanglófar ar an mBord Parúil an moladh sin a ghlacadh san áireamh agus a gcinntí á ndéanamh acu.

Tabharfar aghaidh sa mholadh ar an íostéarma atá le caitheamh faoi choimeád. Beidh sé neamhcheangailteach, agus leanfaidh an Bord Parúil de bheith freagrach as cinneadh a dhéanamh faoin uair a scaoilfear duine saor. Ní scaoilfear príosúnach saor sa ghnáthchúrsa i ndiaidh dó nó di an íostréimhse sa phríosún a bheith curtha de aige nó aici.

Is éard a dúirt an Taoiseach Simon Harris, T.D.:

“Táimid tiomanta mar Rialtas don dlí coiriúil a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na coireanna is tromchúisí agus is céim thábhachtach chun cinn é fógra an lae inniu ina leith sin.

Beidh athchóiriú ar chóras ceartais choiriúil na tíre mar thoradh air, athchóiriú a bhfuil géarghá leis, agus is léargas é ar thiomantas an Rialtais d’fhorlámhas an dlí agus d’íostréimhsí dóibhsean a dhéanann na coireanna is uafásaí.

Forálfar leis an reachtaíocht seo d'athchóiriú a bhfuiltear ag súil leis le fada ar an gcleachtas maidir le pianbhreith saoil a ghearradh in Éirinn. Cuirfidh sé ar chumas breithiúna, agus pianbhreith á ghearradh acu, imthosca uile an chiona, ciontacht an chiontóra agus an díobháil a rinneadh a léiriú go hiomlán.”

Is éard a duit an tAire McEntee:

"Forálfar leis an mBille seo do chúirteanna a ghearrann pianbhreitheanna tromchúis na gcionta is uafásaí a léiriú. Beidh breithiúna ábalta íostéarmaí 25, 30 bliain nó níos faide fiú a mholadh i gcás ina bhfuil údar leis.

Táim cinnte go bhfuil rochtain ag na breithiúna ar raon roghanna pianbhreithe chun a chinntiú go dtagann an pionós a fhaigheann daoine leis an gcoir a rinne siad Ba cheart déileáil le daoine a dhéanann na coireanna is tromchúisí ar bhealach a léiríonn a gciontacht agus an dochar atá déanta acu.”

Thug an tAire McEntee isteach reachtaíocht anuraidh chun an pionós uasta as ionsaí is cúis le díobháil a dhéanamh a mhéadú ó chúig bliana go deich mbliana. Tá sé seo ar cheann de na cionta foréigneacha is coitianta a ionchúisítear, agus is i bhforéigean teaghlaigh is mó a thagann sé chun cinn.

Thug an tAire cionta neamhspleácha nua isteach freisin maidir le tachtadh neamh-mharfach agus stalcaireacht. Chomh maith leis sin, méadaíodh an phianbhreith uasta as ionsaí a dhéanamh ar Ghardaí agus ar oibrithe túslíne ó 7 mbliana go 12 bhliain.

Nótaí:

• Tá tréas agus dúnmharú faoi réir pianbhreith shainordaitheach saoil faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1990. D’fhéadfaí príosúnacht saoil a ghearradh freisin do réimse cionta tromchúiseacha eile, lena n-áirítear éigniú, iarracht ar dhúnmharú agus ionsaí is cúis le díobháil thromchúiseach.

• Bíonn feidhm fós ag pianbhreith saoil in Éirinn fiú nuair scaoiltear ciontóir amach ar parúl agus d’fhéadfaí an ciontóir a chur ar ais sa phríosún má sháraíonn sé nó sí coinníollacha an pharúil.

• Tá fad tagtha le himeacht ama ar an meán-am a chaitheann daoine atá faoi phianbhreitheanna saoil faoi choimeád. 7.5 bliain ar an meán a bhí i gceist ó 1975 go 1984; 12 bhliain ó 1985 go 1994; 14 bliana ó 1995 go 2004; 18 mbliana ó 2005 go 2014; agus 19 mbliana ó 2015 go 2018. Ó 2019, ba é thart ar 21.25 bliain an meán-am a chaith daoine a scaoileadh saor ar parúl sa phríosún. Scaoileadh 8 príosúnach saor sa bhliain 2023, i ndiaidh dóibh 24 bliain a bheith caite acu faoi choimeád.

• Bunaíodh an Bord Parúil ar bhonn reachtúil faoin Acht Parúil, 2019, rud a léiríonn céim thábhachtach chun cinn maidir le cearta íospartach sa phróiseas parúil a aithint agus cinntíonn sé cinnteoireacht neamhspleách.

• Foráiltear leis an mBille um Pianbhreitheanna Saoil, 2024 go socróidh breithiúna íostéarma coimeádta molta agus pianbhreith saoil á gearradh acu. Ceanglófar ar an mBord Parúil dearcadh na cúirte a chur san áireamh i ndáil leis an íostéarma molta a cheart a chaitheamh sa phríosún agus cinneadh á dhéanamh ar cheart parúl a bhronnadh. Beidh an íostéarma coimeádta molta sin neamhcheangailteach agus ní thiocfaidh toimhde as go scaoilfear príosúnach saor nuair a bheidh an téarma príosúin in éag.

• Ní dhéanfaidh an moladh difear d'incháilitheacht le haghaidh parúil faoin Acht Parúil, 2019. Leanfaidh an Bord Parúil de bhreithniú a dhéanamh ar an duine i gcomhair parúil tar éis dó nó di 12 bhliain a bheith seirbheáilte. Léiríonn sin an tábhacht a bhaineann le próiseas an Bhoird Parúil maidir le rannpháirtíocht príosúnach san athshlánú a chur chun cinn, fiú nuair is fánach an seans go bhféadfaí príosúnach a scaoileadh saor láithreach.

• Moladh athruithe sa réimse sin san Review of Policy Options for Prison and Penal Reform 2022-2024, a cheadaigh an Rialtas i mí Lúnasa 2022. Mhol an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí a leanas roimhe seo: “where an offender is convicted of murder, and is therefore sentenced to life imprisonment, legislation should provide that the judge may recommend a minimum term to be served by the offender”.

• Foilseacháin lena mBaineann: Review of Policy Options for Prison and Penal Reform 2022-2024 (ar fáil ar líne); Law Reform Commission Report on Mandatory Sentencing (ar fáil ar líne).