English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an Taoiseach agus an tAire O’Gorman reifreann maidir le comhionannas inscne

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 8 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Reifreann le heagrú i mí na Samhna 2023
  • Moltaí an Rialtais maidir le leasú na Bunreachta le foilsiú faoi dheireadh mhí Meithimh

D’fhógair an Taoiseach, Leo Varadkar agus an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman go bhfuil rún ag an Rialtas reifreann maidir le comhionannas inscne a eagrú faoi mar atá molta ag Tionól na Saoránach um Chomhionannas Inscne agus Comhchoiste Speisialta an Oireachtais um Chomhionannas Inscne.

Meastar go n-eagrófar an reifreann i mí na Samhna 2023.

Deir an Taoiseach:

”Tá le fada iomarca den chúram aire á leagan ar mhná agus ar chailíní, leatrom á imirt orthu sa bhaile agus san ionad oibre, oibiachtú á dhéanamh orthu agus iad ag maireachtáil le heagla go n-imreofaí foréigean teaghlaigh nó foréigean inscne orthu.

”Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil beartaithe ag an rialtas Reifreann a eagrú i mí na Samhna d’fhonn an Bunreacht a leasú ionas gur gné dhílis de comhionannas inscne agus an tagairt sheanchaite don bhean ‘sa teaghlach’ a bhaint amach, i gcomhréir le moltaí Thionól na Saoránach um Chomhionannas Inscne."

Ag fáiltiú dó roimh an bhfógra, deir an tAire O’Gorman:

”Tréaslaím a gcuid oibre maidir leis na ceisteanna casta anróiteacha seo a thabhairt chun cinn le Tionól na Saoránach um Chomhionannas Inscne agus leis an gCoiste Speisialta Oireachtais um Chomhionannas Inscne.

“Beidh coiste idir-rannach á thionól go ríghairid ag an roinn chun moltaí beartais a thabhairt chun cinn lena meas ag an Rialtas d’fhonn teacht ar aontú maidir le foclaíocht do na reifrinn bheartaithe a aontú."

Tá an cinneadh reifreann, nó níos mó ná reifreann amháin, a eagrú faoin gceist seo ag teacht lena ngealltar i gClár an Rialtais beart a dhéanamh i ndáil le gach moladh faoi leith de chuid Thionól na Saoránach faoi chomhionannas inscne. Tá rún ag an Aire O’Gorman an scéim ghinearálta do Bhille Reifrinn, nó do bhillí, a fhoilsiú roimh dheireadh mhí Meithimh, ionas gur féidir miontuairisc eolais a thabhairt don Choimisiún Toghcháin agus gur féidir leis an Oireachtas an Bille nó na Billí a thabhairt faoi mheas.


Feictear gur tráthchlár mar seo a leanas a thiocfaidh i gceist leis an obair seo:

  • grúpa idir-rannach a chur ar bun agus a thionól i mí Márta
  • moltaí beartais a chur i dtoll a chéile lena meas ag an Rialtas d’fhonn an fhoclaíocht i ndáil leis na reifrinn bheartaithe a aontú ag an Rialtas, agus sin le tabhairt chun críche faoi lár mí Bealtaine
  • scéim ghinearálta an Bhille (na mBillí) Reifrinn, agus reachtaíocht ar bith eile dá thoradh sin, a fhoilsiú faoi dheireadh mhí Meithimh, chomh maith leis an mhiontuairiscíocht go léir don Choimisiún Toghcháin a ullmhú
  • meastar go gcaithfear isteach is amach le cúig seachtaine leis an bpróiseas parlaiminte, ionas go dtugtar achtú an Bhille (na mBillí) Reifrinn chun críche faoi dheireadh mí Meán Fómhair, tráth a bhféadfaí tús a chur le feachtas an reifrinn
  • reifreann(reifrinn) a eagrú i mí na Samhna 2023

Nótaí

Rinne Tionól na Saoránach um Chomhionannas Inscne moltaí i dtuarascáil chríochnúil an tionóil leis an Oireachtas i mí Meitheamh 2021 maidir le hAirteagal 40 agus Airteagal 41 an Bhunreachta a leasú. Is iad sin:

  • Ba cheart Airteagal 40.1 an Bhunreachta a leasú ionas go ndéantar tagairt go sainráite do chomhionannas inscne agus do neamh-idirdhealú
  • Ba cheart Airteagal 41 an Bhunreachta a leasú ionas go dtugtar cosaint do shaol an teaghlaigh, gan an chosaint a thugtar don teaghlach a theorannú maidir le teaghlach pósta
  • Ba cheart Airteagal 41.2 an Bhunreachta a scrios agus foclaíocht a chur ina áit nach dtagraíonn d’inscne faoi leith agus a leagann de dhualgas ar an Stát bearta réasúnacha a dhéanamh chun bonn treise a chur faoin gcúram san áras cónaithe agus i measc an phobail níos forghinearálta

Bunaíodh Coiste Speisialta de chuid an Oireachtais maidir le Comhionannas Inscne a tháinig le chéile ó mhí na Nollag 2021 amach chun moltaí Thionól na Saoránach a mheas chomh maith le beart rialtais ina leith. Thug an Coiste an obair chun críche agus foilsíodh tuarascáil chríochnúil ar an 21 Nollaig 2022. Leagtar amach sa tuarascáil sin moltaí an Choiste féin maille le plean gníomhaíochta lena n-áirítear moltaí faoi reifreann nó reifrinn maidir le hAirteagal 40 agus Airteagal 41 den Bhunreacht.