Fóram Óige an Oileáin Chomhroinnte
- Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an Rialtas Fóram don Óige nua i Meitheamh 2023, mar chuid de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte agus sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, T.D., é an 8 Meán Fómhair 2023 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Tionóltar san fhóram 80 duine óga idir 18 agus 25 bliain d’aois ó Thuaisceart agus ó Phoblacht na hÉireann i measc na bpobal go léir a thiocfaidh le chéile i bpróiseas breithniúcháin go ceann bliana chun a bhfíseanna agus a luachanna do thodhchaí chomhroinnte ar an oileán a leagan amach.
Tá i mballraíocht an Fhóraim 40 ionadaí óg ó Thuaisceart Éireann agus 40 ionadaí ó Phoblacht na hÉireann agus léirítear ann éagsúlachtaí inscne, eitneacha, pobail, creidimh agus féiniúlachta eile.
Eagraíonn Roinn an Taoisigh an Fóram i gcomhar le Comhairle Náisiúnta na nÓg agus casann na baill ar a chéile go rialta i rith tréimhse dhá mhí dhéag ag láithreacha ar fud an oileáin.
Tá na cuspóirí seo a leanas ag an bhFóram:
comhphlé uile-oileáin a thionól le daoine óga, chun ábhair imní agus comhluachanna a phlé maidir le todhchaí roinnte a bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta mar thaca aige
tógáil ar idirghníomhaíochtaí trasteorann agus trasphobail níos leithne ag daoine óga sa tsochaí shibhialta, go háirithe eagraíochtaí óige
spás ceannródaíoch a sholáthar do chomhphlé cathartha uile-oileáin, ag aithint caidrimh Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar araon
doiciméad toraidh ar bhreithnithe an Fhóraim a fhoilsiú chun tuilleadh eolais a chur ar fáil d’fhorbairt tionscnamh Oileán Comhroinnte Rialtas na hÉireann
doiciméad toraidh le cur le dioscúrsa poiblí agus polaitíochta níos leithne ar thodhchaí roinnte do phobail uile oileán na hÉireann
Tionóladh seacht gcruinniú den Fhóram go dtí seo, seisiúin théamacha ar Inbhuanaitheacht, Deiseanna, Folláine, agus Cultúr agus Féiniúlacht ina measc. Casfaidh an Fóram ar a chéile roinnt uaireanta breise in 2024, agus cuirfear seisiún téamach deiridh ar chomhionannas ar bun san áireamh.
Chas an Taoiseach Leo Varadkar, T.D., leis an bhFóram i mBaile Átha Cliath an 7 Nollaig 2023 chun plé a dhéanamh ar a obair go dtí seo, agus ar uaillmhianta ball don ráiteas torthaí a fhoilseofar in 2024. Labhair baill an Fhóraim don Óige freisin ag díospóireacht phainéil i rith thríú Fóram an Oileáin Chomhroinnte i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 8 Feabhra 2024, ar féidir amharc anseo air.