English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gabhann an Taoiseach comhbhrón mhuintir na hÉireann le Príomh-Aire na Spáinne

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 4 Samhain 2024

Bhí an Taoiseach Simon Harris i dteagmháil tráthnóna inniu le Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sanchez.

Chuir an Taoiseach uafás agus brón mhuintir na hÉireann in iúl faoin líon daoine a chaill a mbeatha sa tubaiste tuilte i ndeisceart agus in oirthear na Spáinne.

Dúirt an Taoiseach gur chúis bhriseadh croí na scéalta atá ag teacht chun cinn mar gheall ar chaillteanas beatha agus ghortú.

Ghabh an Príomh-Aire Sanchez buíochas le muintir na hÉireann as a ndlúthpháirtíocht agus a gcineáltas.

Cabhróidh Éire ar gach slí gur féidir linn, trí struchtúir an AE san áireamh.

CRÍOCH