English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Geallann Éire €18M chun tacú le Comhghuaillíocht Vacsaíne GAVI sa troid i gcoinne COVID-19

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 4 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 4 Bealtaine 2020

Arna eisiúint ag Preas-Oifig an Rialtais

Gealltanas tugtha inniu ar Ócáid Fhreagairt Dhomhanda do Choróinvíreas AE

Tá fógartha ag An Taoiseach, Leo Varadkar, go bhfuil €18 milliún geallta ag Éirinn mar chuid d'iarrachtaí domhanda an coróinvíreas a chloí.

Tá €18 milliún geallta ag an Rialtas mar thacaíocht do GAVI, an Chomhghuaillíocht Vacsaíne, le húsáid idir 2021 agus 2025.

Tacóidh an maoiniú seo le hobair thábhachtach GAVI chun vacsaíní a sholáthar agus iad a dháileadh ar na tíortha is boichte agus is leochailí ar domhan, lena n-áirítear vacsaín COVID-19 nuair a bheidh sí ar fáil.

Le gealltanas an lae inniu, tá suim iomlán €78 milliún geallta ag Éirinn cheana féin chun troid in éadan Covid-19. Tacóidh sé seo le hobair ríthábhachtach na bhforas iltaobhach lena n-áirítear an Eagraíocht Sláinte Dhomhanda, CÉINAL agus Lár-Chiste Fhreagairt Éigeandála NA agus cabhrófar le ENRanna agus comhpháirtithe déthaobhacha, lena n-áirítear an Tansáin, an Mhaláiv, Uganda agus an Aetóip.

Bhí an Taoiseach in éineacht le ceannairí domhanda ar fhíseáin ag 'Ócáid Idirnáisiúnta Gealltanais Fhreagairt Dhomhanda do Choróinvíreas', arna chomh-óstáil ag an AE nuair a dúirt sé:

"Ag obair as lámha a chéile ar bhonn iltaobhach an t-aon bhealach chun bagairt dhomhanda a chloí. Tá Éire agus an tAontas Eorpach tiomanta dó sin a dhéanamh.

“Má bhímid ag obair i gcomhpháirt, féadaimid vacsaín éifeachtach, cóireáil éifeachtach, córais fheidhmiúla thástála, diagnóisic agus teiripic a fhorbairt. Is mian le hÉirinn a cion féin a dhéanamh san iarracht seo.

“Luath nó mall, cloífimid an víreas seo. Forbróimid an vacsaín a choisceann é agus na cógais chun cóireáil ina choinne. Is ríthábhachtach nach bhfágfar aon duine ar domhan chun deiridh nuair a tharlóidh sé.”

Is é aidhm chomhdháil ghealltanais an lae inniu an bhearna mhaoinithe €7.5 billiún a iamh, faoi mar a shainaithin an Bord Monatóireachta Ullmhachta Domhanda, chun forbairt réitigh le daoine a thástáil, a chóireáil agus a chosaint ar COVID-19 a thapú.

CRÍOCH