English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Glao gutháin an Taoisigh le Príomh-Aire na Liobáine

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 28 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 10 Nollaig 2024

Labhair an Taoiseach Simon Harris ar an nguthán tráthnóna inniu le Príomh-Aire Najib Mikati na Liobáine. Chuir sé fáilte roimh an sos cogaidh a chuireadh i bhfeidhm inné agus bhí súil aige go n-éascódh sé seo leis na daoine a fhilleadh abhaile agus go mbeadh síocháin níos buaine idir Hezbollah agus Iosrael dá bharr.

Dúirt sé go raibh Éire réidh chun cabhrú ar aon slí a d’fhéadfadh sí, lena n-áirítear trínár dtiomantas leanúnach do UNIFIL. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go bhfuil cead ag UNIFIL a mhisean a chomhlíonadh, ag déanamh monatóireacht ar an sos cogaidh, agus an tarraingt siar de fhórsaí Iosrael ó dheisceart na Liobáine a dheimhniú.

Beidh ról tábhachtach ag UNIFIL freisin ag cabhrú le Rialtas na Liobáine lena chinntiú go dtiocfaidh a údarás éifeachtach ar ais sa cheantar. Ghabh sé buíochas leis an bPríomh-Aire as a chabhair le sealaíocht na saighdiúirí Éireannacha a bhí ar an misean a éascú le déanaí. Tá a sábháilteacht fós ar an tosaíocht is mó ag Rialtas na hÉireann.

Dúirt an Taoiseach go leanfaidh Éire ar aghaidh ag soláthar cúnamh daonnúil agus go n-oibreoidh sí lena chinntiú go méadóidh an pobal idirnáisiúnta cúnamh isteach sa Liobáin ionas gur féidir leis tacú leo siúd a raibh a mbaile scriosta chomh maith le tasc ríthábhachtach an atógála a tosú.

Chuir an Taoiseach in iúl go raibh dóchas aige go bhféadfaí feabhas a chur ar an staid pholaitiúil sa Liobáin de bharr na tréimhse nua de shocair seo, as a bhféadfaí Uachtarán nua a cheapadh.

Ghabh an Príomh-Aire Mikati buíochas leis an Taoiseach as a ghlaoch gutháin, as cairdeas agus tacaíocht na tíre atá ann le fada, agus as an méid a thug Éire do hUNIFIL. Chuir sé a dóchas láidir in iúl go mbainfidh gach pairtí an leas is fearr as an deis thábhachtach seo chun síocháin bhuan a chur i réim.

CRÍOCH