English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Glaoch Gutháin ag an Taoiseach Micheál Martin le Príomh-Aire na Breataine, Liz Truss

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 9 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 28 Meán Fómhair 2022

Labhair an Taoiseach Micheál Martin agus Príomh-Aire na Breataine, Liz Truss le chéile ar an nguthán tráthnóna.

Chuir an Taoiseach a chomhbhrón ó chroí in iúl do Rialtas na Ríochta Aontaithe, le Rí Séarlas III agus leis an Teaghlach Ríoga agus muintir na Breataine ar bhás an Bhanríon Eilís.

Labhair siad ar an gcuairt stairiúil a thug sí ar Éirinn sa bhliain 2011 agus ar an méid a rinne an chuairt sin chun cúrsaí athmhuintearais agus caidrimh a thabhairt chun cinn ar na hoileáin seo.

Rinne an Taoiseach comhghairdis leis an bPríomh-Aire as a ceapachán, agus dúirt léi go raibh sé ag súil le bheith ag obair ar bhealach tairbheach léi.

Phléigh siad ionradh neamhdhlíthiúil na Rúise ar an Úcráin, a dtacaíocht don Úcráin agus thug siad aitheantas don chomhoibriú AE-RA suntasach mar chuid den fhreagra domhanda. Roinn siad a gcuid tuairimí ar na dúshláin i gcomhar, lena n-áirítear na praghsanna fuinnimh atá ag ardú as cuimse agus an t-ardú atá ag teacht ar an gcostas maireachtála.

Phléigh siad réimse ceisteanna atá ag déanamh imní dóibh beirt, lena n-áirítear Prótacal Thuaisceart Éireann, agus d’aontaigh siad go bhfanfadh siad i dteagmháil sna seachtainí amach romhainn.