Lá Speisialta Cuimhneacháin Náisiúnta - Ráiteas an Taoisigh Micheál Ó Máirtín
- Foilsithe: 20 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 21 Márta 2022
Ar an Lá Speisialta Cuimhneacháin Náisiúnta seo ar an bhfichiú lá de Mhárta, tagaimid le chéile agus sinn ag machnamh agus ag iarraidh glacadh le tionchar na paindéime ar an tír le breis agus dhá bhliain anuas.
Seo am cuí oiriúnach chun ómós a thabhairt do na saoránaigh a cailleadh de dheacsa an choróinvíris agus ar a ngaolta a d'fhulaing go brónach, agus nach raibh in ann aitheantas ceart a thabhairt dóibh siúd a raibh grá acu dóibh ag am an bháis.
Cuimhnímis freisin inniu ar na daoine go léir a tholg an víreas seo agus atá fós ag fulaingt le hiarmhairtí fisiciúla an víris.
Tháinig muintir na hÉireann le chéile agus bhí spiorad na meithle le sonrú i measc an phobail a ghlac leis na srianta, a chabhraigh leis na comharsana agus leis an bpobal timpeall orthu agus a léirigh crógacht agus teacht aniar den scoth in am an ghátair.
Tá moladh ar leith tuillte ag lucht leighis sna seirbhísí tosaigh ar an líne thosaigh a chabhraigh le daoine thar a bheith breoite agus a thug faoiseamh agus cabhair do na daoine ba laige agus ba leochailí le linn na paindéime.
Ina theannta sin, chuir an líne thosaigh ceann de na cláir vacsaínithe is fearr ar domhan ar fáil don phobal agus thuig muintir na tíre idir óg agus aosta tábhacht na vacsaíní chun dul i ngleic leis an víreas seo.
Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus is fíor don seanfhocal seo maidir le comhoibriú mhuintir na hÉireann le blianta anuas le linn na paindéime.
Mar Thaoiseach, gabhaim buíochas le muintir na hÉireann as a bhfoighne agus a gcomhoibriú ó thús na paindéime seo.
Gach ádh agus sonas oraibh uilig amach anseo.
Críoch