English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léirítear sa Tuarascáil deiridh ar Dhul Chun Cinn maidir le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 gur cuireadh 65% de na gníomhartha i bhfeidhm anuraidh

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 6 Márta 2024
  • An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025

Léirítear sa tuarascáil an ráta seachadta 60% le haghaidh Ráithe 4 2023, agus baineadh 96 as 161 gníomh amach

Sa tuarascáil deiridh ar dhul chun cinn maidir le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 (CAP23), a foilsíodh an tseachtain seo (an 5 Márta), tá an ráta forfheidhmithe foriomlán don phlean ag 65%, agus cuireadh 188 as 290 gníomh a leagadh amach don bhliain i gcrích.

San iomlán, bhí 161 gníomh sceidealta le cur i bhfeidhm agus le tuairisciú a dhéanamh orthu i Ráithe 4. Cuireadh nócha a sé (96) de ghníomhartha R4 i gcrích in am, agus bhí ráta seachadta 60% ann le haghaidh na ráithe.

Ba bhliain thábhachtach í 2023 ó thaobh na haeráide de ar fud an domhain agus léirigh go leor sonraí aimsir agus rabhaidh nach bhfacthas riamh cheana maidir leis an sárú atá ar tí tarlú ar sprioc 1.5 céim Chomhaontú Pháras roimh COP28. Cé gur baineadh amach éachtaí suntasacha in Éirinn i dtaca le gníomhú ar son na haeráide, fuinneamh in-athnuaite, taisteal gníomhach agus maoiniú, ní raibh rátaí seachadta na ngníomhartha tiomanta don bhliain cothrom leis na gníomhartha a leagtar amach sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide. Cruthaíonn sé sin dúshláin do spriocanna an Aontais agus spriocanna náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí atá ceangailteach ó thaobh dlí, agus iarrtar i dtuarascáil R4 go ndéanfaí gníomhaíochtaí CAP23 nár cuireadh i gcrích a sheachadadh láithreach agus go ndéanfar na dúshláin a láimhseáil a bhaineann le cur chun feidhme na ngníomhartha ar son na haeráide.

Cheadaigh an Rialtas Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ag deireadh 2023, faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí. Tá comhairliúchán poiblí beo anois agus dúnfar é ar an 5 Aibreán. Cuireann CAP24 le CAP23 trí na bearta agus na gníomhartha is gá chun na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a sheachadadh, a bheachtú agus a thabhairt cothrom le dáta.

Le haghaidh 2024, agus ag tógáil ar an obair a rinneadh in CAP23, tá Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais níos dírithe ar ghníomhartha ardtionchair agus aithnítear i dtuarascálacha ar dhul chun cinn tionscnaimh nua nó céimeanna suntasacha i dtreo uaillmhianta aeráide na hÉireann a bhaint amach. I gcomhréir leis na prionsabail sin, tugadh faoi chleachtadh oidhreachta ar ghníomhaíochtaí nár cuireadh i gcrích le linn 2023 (thart ar 100) agus foilsíodh é mar chuid de thuarascáil ar dhul chun cinn R4. Coinneofar gníomhaíochtaí moillithe a mheastar a bhfuil tionchar níos mó acu le haghaidh tuairisciú ar dhul chun cinn i Ráithe 1 2024, agus ina dhiaidh sin, go dtí go gcuirfear i gcrích iad, in éineacht le haon ghníomhartha nua CAP24. Tá sé seo tábhachtach don chuntasacht idir Pleananna Gníomhaithe ar son na hAeráide bliantúla i ndiaidh a chéile.

Agus é ag labhairt ar Thuarascáil R4, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar:

"Tá tionchar an athraithe aeráide le brath níos mó in Éirinn agus ar fud an domhain ná mar a bhí riamh. Mura n-athraíonn an domhan a phort, beidh na tionchair fhadtéarmacha i bhfad níos measa.

Ní mór dúinn go léir gníomhú: an Rialtas, pobail, teaghlaigh agus daoine aonair. Is féidir le gach duine againn difríocht a dhéanamh. Ar leibhéal an Rialtais táimid ag athrú gach earnála den gheilleagar. Cabhróidh sé seo le hÉirinn a chion féin a dhéanamh, ach is deis mhaith í freisin don tír. Beidh tithe níos teo agus aer níos glaine, déanfar níos lú turas, caithfear níos lú ama ag comaitéireacht, déanfar níos mó obair iargúlta agus ón mbaile, cruthófar níos mó post agus déanfar forbairt réigiúnach.

Léiríonn an ceathrú tuarascáil seo dul chun cinn, ach caithfimid iarracht níos mó a dhéanamh ag leibhéal an Rialtais chun na spriocanna go léir a bhaint amach, agus tá mé muiníneach go ndéanfaimid amhlaidh. Trí oibriú le chéile, is féidir linn poist agus deiseanna nua a chruthú, na spriocanna aeráide a bhaint amach, agus cabhrú le todhchaí an phláinéid ar a bhfuil cónaí orainn go léir a dhaingniú. An tseachtain seo sa chomh-aireacht bhí dhá mholadh ar leith againn a bhain leis an ngaoth amach ón gcósta a fhorbairt in Éirinn, agus Éire a chur chun tosaigh san earnáil seo atá ag fás. Táim lánchinnte go mbeidh Éire neamhspleách ar fhuinneamh taobh istigh de ghlúin amháin."

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin:

"Tá a lán dúshlán roimh Éirinn agus an chuid eile den domhan ó thaobh athrú aeráide de. Is cruthúnas iad na teagmhais adhaimsire a tharla le déanaí, amhail na drochthuilte anuraidh, go bhfuil gá anois le hoiriúnú do bhaol an athraithe aeráide chun ár bpobail agus ár muintir a chosaint.

Táimid ag obair chun astaíochtaí a laghdú agus cosaint a bheith againn i gcoinne na n-éifeachtaí is measa a bhaineann leis an athrú aeráide. Gné thábhachtach de sin, mar a shonraítear sa tuarascáil seo ar dhul chun cinn, is ea iarfheistiú tithe. Chonaic muid úinéirí tí ag freagairt go dearfach do na tacaíochtaí is mó a chuir an Rialtas i bhfeidhm chun astaíochtaí a laghdú agus tithe níos teo agus níos compordaí a chruthú atá i bhfad níos saoire a théamh.

Ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh i bpobail thar lear freisin. Is é an t-athrú aeráide is cúis leis an imirce, leis an gcaillteanas agus leis an damáiste do dhaoine ar fud na cruinne. Tá gníomhú ar son na haeráide ar cheann de cheithre réimse tosaíochta a shainaithnítear in A Better World, beartas na hÉireann um fhorbairt idirnáisiúnta. Tá Éire tiomanta d’fheabhas a chur ar an méid a chuireann sí leis na pobail is leochailí sna tíortha is boichte chun cabhrú lena n-iarrachtaí dul i ngleic leis an mbagairt choiteann seo."

Dúirt an tAire Eamon Ryan:

"Léirítear dhá rud dúinn sa tuarascáil seo ar dhul chun cinn le haghaidh 2023. Léirítear go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn i gcuid mhaith dár spriocanna, ach léirítear freisin go gcaithfimid bogadh níos gaiste agus ar scála níos mó ar fud an Rialtais má táimid chun na huaillmhianta aeráide a bhaint amach agus má táimid chun an tír agus na saoránaigh a chosaint ar na tionchair is measa a bhaineann le hathrú aeráide. Ní féidir a bheith réchúiseach agus muid ag iarraidh tionscadail ardtionchair a chur i gcrích mar chuid dár bplean aeráide le haghaidh 2024.

Bhí go leor buaicphointí ann in 2023 agus sa ráithe dheireanach den bhliain. Ó thaobh fuinnimh de, tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn. Léiríonn na gnóthachain a rinneadh i nginiúint fuinnimh in-athnuaite sa bhaile, agus ar fud na cruinne, gur féidir agus go mbainfear amach an t-athrú is gá a dhéanamh ó bhreoslaí iontaise go foinsí in-athnuaite.

Tá comharthaí misnigh ann go laghdóidh astaíochtaí ó leictreachas thart ar 25% in 2023 agus go bhféadfadh astaíochtaí foriomlána laghdú thart ar 5%. Is comharthaí misnigh iad sin i dtír a bhfuil borradh faoin ngeilleagar i gcónaí agus an daonra ag dul i méid.

Beidh béim ar leith arís ar laghdú na n-astaíochtaí taistil don bhliain amach romhainn. In 2023, tháinig méadú 25% ar líon na bpaisinéirí iompair phoiblí, agus bhí méadú ar líon na ndaoine a d’úsáid córas iompair faoin tuath go háirithe, agus bhí feabhsuithe seachtainiúla nach bhfacthas cheana ar sheirbhísí iompair phoiblí agus ar bhonneagar taistil ghníomhaigh. Tá a fhios againn go mbeidh laghdú suntasach ar astaíochtaí mar thoradh ar athruithe a dhéanamh san earnáil seo ach, níos tábhachtaí fós, athróidh sé ár mbailte agus ár sráidbhailte trína ndéanamh níos sábháilte agus níos glaine.

Táimid ag feiceáil athruithe maithe i dtaca leis an talmhaíocht freisin. Tá laghdú 27% ar úsáid leasacháin agus tá feirmeoir amháin as gach triúr (46,000 as 135,000 feirmeoir) tar éis clárú le haghaidh ACRES – Scéim Agra-Chomhshaoil-Aeráide Tuaithe. Tá feirmeoirí ar an líne thosaigh maidir le gníomhú ar son na haeráide agus ba mhaith linn feirmeacha teaghlaigh a chosaint agus tacú leo, agus cineálacha ioncaim níos iontaofa agus níos éagsúla a chur ar fáil ó tháirgeadh bia ardchaighdeáin, foraoiseacht agus fuinneamh in-athnuaite, mar shampla."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Plean Gníomhaithe ar Son na hAeráide 2023

Ba é Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, a seoladh i mí na Nollag 2022, an dara nuashonrú bliantúil dá chineál agus an chéad cheann a ullmhaíodh faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Tháinig sé i ndiaidh buiséid charbóin ar fud an gheilleagair agus uasteorainneacha astaíochtaí earnála a thabhairt isteach in 2022.

Sonraíodh sa phlean gníomhaíochtaí ar fud roinnt réimsí, lena n-áirítear sé earnáil ríthábhachtacha ardtionchair:

• foinsí in-athnuaite fuinnimh a chumhachtú

• tógáil níos fearr

• athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcaoi a dtaistealaímid

• feirmeacha teaghlaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe

• gnó agus fiontar a ghlasú

• úsáid talún a athrú

Is féidir féachaint ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus an iarscríbhinn gníomhartha Item was unpublished or removed nó cuairt a thabhairt ar Item was unpublished or removed

Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn R4 CAP23

Foilsíodh Iarscríbhinn Gníomhartha chun tacú le seachadadh CAP23 an 7 Márta 2023. Is í seo an ceathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir leis na gníomhartha a leagtar amach san Iarscríbhinn a bhí le seachadadh agus le tuairisciú i Ráithe 4 2023.

Mar aon leis na Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn R1, R2 agus R3 2023, tá tuairisciú ar dhul chun cinn Roinn an Taoisigh maidir le CAP23 teoranta den chuid is mó do thionscnaimh nua nó do chéimeanna suntasacha i dtreo uaillmhianta aeráide an Rialtais a bhaint amach.

I measc na ngníomhartha ardtionchair a cuireadh i gcrích an ráithe seo tá:

• Dlús a chur le seachadadh seirbhísí iompair phoiblí tuaithe

• Comhairliúchán poiblí a fhoilsiú maidir le ciorcad léasa le haghaidh leictreachais

• Leithdháileadh buiséid a sholáthar le haghaidh scéimeanna iarfheistithe ÚFIÉ

• An chéad dréacht den Chreat Náisiúnta Oiriúnaithe a chur i gcrích

• Dlús a chur le seachadadh printíseachtaí scileanna glasa

• Tús a chur leis an gClár ‘Solar for Schools’

I measc na ngníomhartha ardtionchair ar cuireadh moill orthu sa ráithe seo tá:

• Togra a fhorbairt le haghaidh laghdú bó nó scéim imeachta

• An Creat Beartais Spásúil ar Leictreachas In-athnuaite a fhoilsiú

• Ráiteas Beartais Náisiúnta Teasa a thabhairt chun críche

• Scéim nua iarfheistithe do FBManna a sheoladh

• Treochlár dícharbónaithe a ullmhú don teas tionsclaíoch

• Tograí a fhorbairt maidir le conas a d'fhéadfadh earnálacha aonair aon chostais chomhlíonta de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a sheasamh

Foilsítear sonraí faoi na gníomhartha go léir a cuireadh i gcrích agus ar cuireadh moill orthu an ráithe seo in Aguisín ar leith a ghabhann leis an Tuarascáil le haghaidh trédhearcacht iomlán (ar fáil ANSEO). Is féidir teacht ar an 'gcleachtadh oidhreachta' a choinníonn cuntasacht as an 102 gníomh moillithe a bhaineann le CAP23 ANSEO.

Is é Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 (CAP23), a seoladh i Mí na Nollag 2022, an dara huasdátú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019 atá ag Éirinn. Is é an plean sin an chéad cheann atá le hullmhú faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021 agus ó tugadh isteach buiséid charbóin ar fud an gheilleagair agus uasteorainneacha astaíochta earnála. Nuair a chuirfear Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide i bhfeidhm, cruthófar poist agus deiseanna nua eacnamaíochta agus cosnófar daoine agus an domhan. Is féidir féachaint ar Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 agus ar iarscríbhinn gníomhartha an phlean ANSEO nó téigh chuig Item was unpublished or removed.

Plean Gníomhaithe ar Son na hAeráide 2024

Cheadaigh an Rialtas Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 ag deireadh 2023, faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí.

Cliceáil anseo chun teacht ar Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 nó téigh chuig Item was unpublished or removed chun tuilleadh eolais a fháil.

Cheadaigh an Rialtas Plean Gníomhaithe ar Son na hAeráide 2024 ag deireadh na bliana 2023, faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí.

Is féidir leat féachaint ar Plean Gníomhaithe ar Son na hAeráide 2024 agus ar iarscríbhinn gníomhartha an phlean ANSEO nó téigh chuig Item was unpublished or removed

Cliceáil anseo chun clárú do nuachtlitir Rialtas na hÉireann maidir le Gníomhú ar son na hAeráide.

CRÍOCH