English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Labhraíonn an Taoiseach Leo Varadkar leis an Uachtarán Zelenskyy

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 20 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ghlac Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy buíochas le hÉirinn as an gcúnamh leanúnach dá thír féin ag caint dó ar an nguthán leis an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna.

Gheall an Taoiseach go leanfadh an tacaíocht agus an dlúthpháirtíocht leis an Úcráin. Dúirt sé go bhfuil Éire ag seasamh le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san AE agus go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar bhealaí ina bhféadfaí cúnamh breise a thabhairt a chuideodh leis an Úcráin an bonneagar sibhialta agus fuinnimh a atógáil.

Thug an Taoiseach tuairisc freisin don Uachtarán Zelenskyy faoi na comhráití a bhí aige leis an Uachtarán Biden agus daoine eile maidir le hionradh na Rúise ar an Úcráin i rith chuairt an Taoisigh ar na Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite tráth ar ghabh sé buíochas leis na Stáit Aontaithe as an dlúth-thacaíocht sheasta agus ar mhol sé go leanfaí leis sin chomh fada agus is gá.

Ghuigh an tUachtarán Zelenskyy séan agus sonas ar Éirinn aimsir na Féile Pádraig agus ghuigh sé síocháin agus rath ar an tír agus ar mhuintir na hÉireann.