Labhraíonn an Taoiseach, Simon Harris, le Céad-Aire na Breataine Bige maidir leis na deacrachtaí ag calafort Holyhead
- Foilsithe: 20 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Labhair an Taoiseach, Simon Harris, inniú le Céad Áire na Breataine Bige, Eluned Morgan, maidir leis an tionchar ollmhór mar gheall ar dhúnadh calafort Holyhead ar ghluaiseacht na ndaoine agus iompar lastais idir Éirinn agus an Bhreatain. D’aithin na ceannairí na hiarrachtaí atá ar bun sa dhá thír chun chinntiú go mbeidh daoine in ann taisteal abhaile don Nollaig. Labhair siad fosta maidir le cé chomh tábhachtach is atá sé a chinntiú i ngach cás go mbeadh dóthain toilleadh calafoirt ann ionas go gcaoimhnaítear na slabhraí soláthair atá chomh riachtanach don dhá geilleagar. D’aontaigh an Taoiseach agus an Chéad-Aire go labhróidh siad arís san athbhliain chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheas déanta faoin am sin.
Tar éis an glaoch, dúirt an Taoiseach, Simon Harris:
"Dúnadh calafort Holyhead ba chúis le crá croí agus deacrachtaí do neart daoine agus trádálaithe an Nollaig seo. Thapaigh mé an deis an tráthnóna seo mo mhachnamh a dhéanamh ar chúrsaí le Céad-Áire na Breataine Bige, Eluned Morgan. Labhraíomar mar gheall ar cé chomh tábhachtach is atá sé a chinntiú go mbeadh dóthain toilleadh calafoirt ann chun tacú leis na slabhraí soláthair riachtanacha idir Éirinn agus an Bhreatain, agus an gá atá ann le roghanna inoibrithe eile a aimsiú fad is a bheidh calafort Holyhead as ordú. Chuir an bheirt againn in iúl an mhian a bhfuil againn go mbeadh calafort Holyhead ag feidhmiú arís i mí Eanáir, agus d’aontaíomar go labhróimid arís ag tús mí Eanáir chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí ag an bpointe sin. "