Labhraíonn Taoiseach Simon Harris agus Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer le chéile ar an nguthán.
- Foilsithe: 5 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Labhair an Taoiseach Simon Harris tráthnóna le Príomh-Aire nua na Ríochta Aontaithe Keir Starmer.
Rinne an Taoiseach comhghairdeas ó chroí leis an bPríomh-Aire ar a cheapachán agus an bua toghcháin stairiúil a bhain sé amach, agus dúirt sé go raibh sé ag tnúth le caidreamh oibre atá dlúth agus fiúntach a bheith eatharthu.
Labhair an Taoiseach agus an Príomh-Aire faoin diongbháilteacht atá acu araon an caidreamh déthaobhach idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a athbhunú agus a láidriú agus chun dul i mbun an taisc sin go práinneach agus go huaillmhianach.
Thug an Príomh-Aire cuireadh do Simon Harris bualadh leis i Sráid Downing ar an 17ú Iúil agus ghlac an Taoiseach leis.
Phléigh siad Tuaisceart Éireann, ag cur fáilte roimh athbhunú na nInstitiúidí, lena n-áirítear oibriú iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta Thuaidh-Theas agus Thoir-Thiar, chomh maith le ceisteanna oidhreachta. Chuir an Taoiseach fáilte roimh cheapachán Hilary Benn mar Rúnaí Stáid Thuaisceart Éireann.
D’aontaigh an Taoiseach agus an Príomh-Aire go raibh gá le caidreamh níos dlúithe idir Baile Átha Cliath agus Londain agus go dteastódh teagmháil rialta eatarthu chun athbhunú bríomhar a bhaint amach.
D’aontaigh siad dul i mbun oibre air sin láithreach agus go bhfanfaidh siad i ndlúth-theagmháil.
CRÍOCH.