Pléann Fóram Eacnamaíoch na bhFostóirí Saothair forbairtí eacnamaíocha agus trádála
- Foilsithe: 4 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025
Bhí an Taoiseach, Micheál Martin, ina chathaoirleach ar maidin ar an gcéad chruinniú iomlánach d’Fhóram Eacnamaíoch na bhFostóirí Saothair (LEEF) ó bunaíodh an Rialtas nua.
Tá ionadaithe ón Rialtas, fostóirí agus ceardchumainn ar an LEEF agus déantar soláthar d'idirphlé trípháirteach ar shaincheisteanna eacnamaíocha agus fostaíochta de réir mar a théann siad i bhfeidhm ar mhargadh an tsaothair.
In éineacht leis an Taoiseach, rinne an Tánaiste, an tAire Airgeadais, an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitithe, agus an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta ionadaíocht ar an Rialtas.
Pléadh ag an gcruinniú na forbairtí eacnamaíocha agus trádála is déanaí, go háirithe na dúshláin a bheidh mar thoradh ar chinneadh na Stát Aontaithe taraifí a chur i bhfeidhm ar allmhairí ón Aontas Eorpach. D'aithin gach taobh an tírdhreach dúshlánach domhanda agus geopholaitiúil agus na rioscaí a bhaineann leis i dtaca leis an ngeilleagar agus leis an margadh saothair.
Roinn ionadaithe na bhfostóirí agus na gceardchumann a gcuid tuairimí ar an gcaoi is fearr is féidir le hÉirinn agus leis na tíortha eile atá ina mbaill den Aontas Eorpach, freagairt le chéile do na forbairtí sin.
Comhaontaíodh go leanfadh gach taobh orthu ag obair go cuiditheach le chéile, mar a tharla le dúshláin eile le déanaí, chun an tionchar ar fhostóirí agus ar oibrithe sna hearnálacha is mó atá buailte a laghdú, agus chun rathúnas eacnamaíoch na hÉireann amach anseo a chinntiú.
Cuireadh na daoine a d’fhreastail ar an gcruinniú ar an eolas freisin faoin bhféidearthacht chun margadh saothair uile-oileáin a neartú ar mhaithe le fostóirí agus oibrithe ar an oileán ar fad, agus comhaontaíodh go gcuirfeadh LEEF béim leanúnach ar an gclár oibre tábhachtach sin.
Rinneadh nuashonrú freisin ar ullmhú Phlean Gníomhaíochta na hÉireann maidir le Cómhargáil a Chur Chun Cinn, a bheidh le foilsiú faoi dheireadh 2025.
Tugadh le fios ag an gcruinniú go seolfaí comhairliúchán poiblí ar an bplean gníomhaíochta go luath.
Tugadh deis ag an gcruinniú freisin nuashonruithe a thabhairt ar roinnt forbairtí níos leithne maidir le beartas sa mhargadh saothair agus pléadh beartais oibre iargúlta agus cumaisc freisin.
Ar deireadh, comhaontaíodh ag an gcruinniú clár oibre le haghaidh LEEF don tréimhse amach romhainn a thabhairt chun críche agus roinnt foghrúpaí a athbhunú.
CRÍOCH