English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Molann an Taoiseach Simon Harris an fhreagairt náisiúnta do bhabhta na drochaimsire

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 14 Eanáir 2025

“Ba mhaith liom obair dochreidte na ngníomhaireachtaí go léir a raibh baint acu sa fhreagairt don drochaimsir a bhí againn ar fud na tíre a mholadh.

“Bhí an fhreagairt chomhordaithe, arna stiúradh ag an nGrúpa Comhardaithe Éigeandála Náisiunta agus treoraithe ag réamhaisnéis Met Éireann, fíorthábhachtach chun na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr na tréimhse fuaire a mhaolú agus léirigh na hiarrachtaí a rinne na foirne iomadúla ar fud na tíre a dtiomantas do shábháilteacht an phobail agus do chosaint na ndaoine is leochailí.

“Tá an t-ádh linn go bhfuil foirne tiomnaithe dá léithéid a d’oibrigh sna coinníollacha reoite chun an cumhacht agus an t-uisce a thabhairt ar ais chomh tapa agus a d’fhéadfaidís.

“Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis na Foirne Cosanta Sibhialta agus le gach duine a d’oibrigh go deonach chun othair agus baill foirne a thabhairt isteach agus amach as na hospidéil, oidis a sheachadadh dóibh siúd nach raibh ábalta an turas a dhéanamh agus a rinne gach iarracht a chinntiú gur seachadadh bia agus uisce dóibh siúd a bhí ina gconaí i gceantair iargúlta.

“Le linn na tréimhse fuaire, chonaiceamar don chéad uair eile arís muintir na hÉireann ar barr a gcumais agus iad ag taisteal ar fud a gceantair chun soláthairtí a sheachadadh dá gcomharsana. Ba mhaith liom freisin an pobal feirmeoireachta a mholadh as a dtacaíocht do na húdaráis áitiúla.

“Lean ar aghaidh a bheith airdeallach, le do thoil, agus tú ag taisteal le linn na laethanta atá amach romhainn de thoradh an leá sneachta agus na gcoinníollacha a d’fhéadfadh teacht ina dhiaidh.”

CRÍOCH