AN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH THEAS AN NAOÚ OLLCHRUINNIÚ AR FHICHID ARD MHACHA 20 MEITHEAMH 2025 COMHRÁITEAS
- Foilsithe: 20 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 20 Meitheamh 2025
- Tionóladh an naoú Ollchruinniú ar fhichid den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) in Ard Mhacha ar an 20ú Meitheamh 2025.
- Bhí Feidhmeannas Thuaisceart Éireann faoi cheannas an Chéad-Aire, Michelle O’Neill CTR agus an Leas-Chéad-Aire, Emma Little-Pengelly CTR a rinne comhchathaoirleacht ar an gcruinniú. Bhí Rialtas na hÉireann faoi cheannas an Taoisigh, Micheál Martin TD. Tá liosta iomlán na gcomhaltaí a bhí i láthair ón dá thoscaireacht faoi iamh mar Iarscríbhinn.
- Ba é seo an chéad ollchruinniú ag bhí ag CATT ó chuaigh Rialtas nua na hÉireann i mbun oifige agus ó foilsíodh Cláir Rialtais Rialtas na hÉireann agus Fheidhmeannas TÉ ar aon, agus deis a bhí sa chruinniú plé a dhéanamh faoi réimse leathan d’ábhair chomhspéise agus údair imní.
CÚRSAÍ GNÓ AGUS TRÁCHTÁLA
- Rinne CATT plé faoi impleachtaí a bheadh ar ghnó agus ar thráchtáil ag forbairtí a tharla ar na mallaibh ar bhonn idirnáisiúnta. Thug an Chomhairle faoi deara na straitéisí atá ag an dá dhlínse faoi seach maidir le gnó agus tráchtáil, ar nós beartas tionsclaíochta, iomaíochais, agus Intleacht Shaorga.
- Chomhaontaigh an Chomhairle, sa timpeallacht tráchtála idirnáisiúnta atá idir chasta dhothuartha, gur chóir don dá Riarachán bheith i dteagmháil leanúnach lena chéile, ar leibhéal polaitiúil agus oifigiúil, maidir le cúrsaí gnó agus tráchtála.
- Chomhaontaigh CATT gur chóir d’earnálacha CATT, nuair is cuí, leanúint den bhreithniú faoi na dóigheanna ar féidir le cur chuige comónta cur leis an fhás eacnamaíoch.
TUARASCÁIL CHOMHRÚNAITHE FAOI DHUL CHUN CINN
- Thug CATT faoi deara, ó bhí an tOllchruinniú CATT deireanach ann i Meán Fómhair 2024, go raibh cruinnithe ag Airí i ndeich gcinn d’earnálacha agus go mbeidh cruinnithe sna hearnálacha eile ann roimh dheireadh mhí Iúil 2025.
- Rinne an Chomhairle tuarascáil go raibh breithniú déanta aici ar roinnt ceisteanna ar Rialachas Chorparáideach i ngach ceann d’earnálacha na bhForas Forfheidhmithe Thuaidh-Theas, lena n-áirítear Pleananna Gnó, Buiséid agus Tuarascálacha agus Cuntais Bhliantúla.
- Tugadh faoi deara gur ceapadh roinnt Comhaltaí Boird, lena n-áirítear Cathaoirligh agus Leas-Chathaoirligh ar roinnt Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh Theas agus gur dhearbhaigh CATT athcheapadh POFanna InterTrade Ireland agus Uiscebhealaí Éireann.
- Thug CATT faoi deara go bhfuil an teagmháil ar siúl go leanúnach ar fud réimse leathan d’achair bheartais in earnálacha oibre CATT agus go bhfuil plé déanta ag Airí ar an athrú aeráide agus ar chaillteanas na bithéagsúlachta sna cruinnithe Earnála ábhartha.
COMHOIBRIÚ BONNEAGAIR AGUS INFHEISTÍOCHTA
- Chuir na hAirí fáilte roimh an chinneadh ag Feidhmeannas Thuaisceart Éireann dul ar aghaidh le Conair Iompair Iarthair an A5 agus táthar ag fanacht le torthaí na n- imeachtaí dlí a bhí ann le déanaí.
- Thug an Chomhairle faoi deara go bhfuil Uiscebhealaí Éireann ag leanúint den dul chun cinn ar Chéim 3 (Caisleán Shandarsan go Cluain Fada) de thionscadal athchóirithe Chanáil Uladh.
- Thug Airí faoi deara go bhfuil obair leanúnach ar siúl maidir le moltaí Athbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Éireann a chur chun cinn agus thug faoi deara go bhfuil méadú ar an líon paisinéirí ar an tseirbhís in aghaidh na huaire ar líne Bhéal Feirste- Bhaile Átha Cliath.
- Thug Airí faoi deara an dul chun cinn atá déanta ar thionscadal Dhroichead Chaol Uisce agus an gealltanas atá i gClár Rialtais Rialtas na hÉireann maidir le teagmháil leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad chun nascthacht aeir a bhunú idir aerfoirt Bhaile Átha Cliath agus Chathair Dhoire.
- Thug CATT faoi deara an obair atá ar siúl ar ghlasbhealaí trasteorann lena n-áirítear oscailt Ghlasbhealach Chairlinn níos déanaí i mbliana agus an t-athbhreithniú ar dheiseanna nua glasbhealaí a fhorbairt.
- Thug Airí faoi deara an dul chun cinn atá déanta ar Thionscadal Méadaithe Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh.
- Thug an Chomhairle faoi deara chomh maith an dul chun cinn atá déanta ar sheachadadh na gclár comhoibritheach don Taighde agus Nuálaíocht.
- Chuir Airí fáilte roimh fheidhmiú an chláir PEACEPLUS agus an plé le páirtithe leasmhara ábhartha maidir le comharba ar an gClár reatha PEACE PLUS.
INSTITIÚIDÍ MÁITHREACHA AGUS LEANAÍ, NEACHTLANNA MHAIGDILÉANA AGUS TITHE OIBRE
- Chuir an Chomhairle fáilte roimh an teagmháil leanúnach Thuaidh/Theas faoi shocrú cómhalartach féideartha i dtaca le neamhaird ar íocaíochtaí cúitimh do shochair tástáilte ó thaobh acmhainne de do Scéim Íocaíochta na n-Institiúidí Máithreacha agus Leanaí agus thug dá n-aird an teagmháil idir oifigigh a tharlóidh go luath maidir le Scéim Chúitimh Athshlánaithe na Fírinne.
20. Thug CATT faoi deara chomh maith an comhoibriú leanúnach Thuaidh/Theas maidir le heolas a roinnt agus ceachtanna a aithint ó na scéimeanna cúitimh.
21. Thug an Chomhairle faoi deara go ndearna oifigigh ó Oifig an Fheidhmeannais freastal ar imeacht teagmhála maidir le forbairt ar Ionad Náisiúnta Taighde agus Cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath.
22. Thug Airí faoi deara an teagmháil leanúnach idir Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann agus Cartlann Náisiúnta na hÉireann maidir le taifid agus go bhfuil socrú déanta anois faoi reachtaíocht inchomparáide sa dá dhlínse i dtaca le caomhnú na dtaifead príobháideach a bhaineann le hinstitiúidí.
DEIREADH LE FORÉIGEAN IN AGHAIDH BAN AGUS CAILÍNÍ: AG DUL I NGLEIC LE FORÉIGEAN BUNAITHE AR INSCNE
23. D’aithin na hAirí leibhéal ard neamh-infhulaingthe an fhoréigin atá bunaithe ar inscne agus in aghaidh Ban agus Cailíní, atá go forleathan sa dá dhlínse agus thug dá n- aire go mbeidh cur chuige uile-shochaí de dhíth más fúinn tabhairt faoin tsaincheist seo.
24. Chomhaontaigh CATT gur chóir d’oifigigh leanúint den fhiosrú maidir le comhoibriú sa réimse seo, mar aitheantas ar na dúshláin chomónta a bhaineann leis.
SCEIDEAL CRUINNITHE AMACH ANSEO nó CRUINNITHE CATT AMACH ANSEO
25. Chomhaontaigh Airí go mbeadh sceideal cruinnithe CATT ar siúl amach anseo ar fud na n-earnálacha éagsúla agus go mbeadh an chéad Ollchruinniú CATT eile ar siúl i mBaile Átha Cliath i bhFómhar 2025.
An Chomh-Rúnaíocht 20 Meitheamh 2025
CRUINNIÚ DEN CHOMHAIRLE AIREACHTA THUAIDH THEAS 20 MEITHEAMH 2025
Michelle O’Neill CTR An Chéad-Aire | Micheál Martin TD Taoiseach |
Emma Little-Pengelly CTR An Leas-Chéad-Aire |
Simon Harris TD Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála: agus Aire Cosanta |
Dr Caoimhe Archibald CTR Aire Geilleagair |
Jack Chambers TD Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin |
Paul Givan CTR Aire Oideachais |
Helen McEntee TD Aire Oideachais agus Óige |
Liz Kimmins CTR Aire Bonneagair |
Darragh O'Brien TD Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil; agus Aire Iompair |
Andrew Muir CTR Aire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe |
Norma Foley TD Aire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais |
John O’Dowd CTR Aire Airgeadais |
Peter Burke TD Aire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta |
Dara Calleary TD Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta: Aire Coimirce Sóisialaí |
|
Patrick O'Donovan TD Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt |
|
James Browne TD Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta |
|
Jim O'Callaghan TD Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce |
|
Martin Heydon TD Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara |
|
James Lawless TD Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta |
|
Mary Butler TD Aire Stáit i Roinn an Taoisigh |