Plé idir an Taoiseach agus Rishi Sunak, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
- Foilsithe: 23 Eanáir 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhí comhrá fiúntach gutháin tráthnóna idir an Taoiseach Leo Varadkar agus Rishi Sunak, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe.
Rinne siad plé ar réimse ceisteanna, Institiúidí an daonlathais i dTuaisceart Éireann a thabhairt ar ais, an idirbheartaíocht idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe faoin bPrótacal atá ar siúl faoi láthair agus an caidreamh go ginearálta idir an Bhreatain agus Éire faoi láthair ina measc.
D’aithin an bheirt acu an tábhacht a bhaineann leis an bplé atá ar siúl faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i dtaca leis an bPrótacal. Luaigh an Taoiseach arís an gá atá ann le réiteach a fhágfadh nach mbeadh teorainn chrua in Éirinn agus a chosnódh sláine an mhargaidh aonair.
Bhí comhrá acu faoi obair mhaith an Aontais Eorpaigh, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe i gcomhar a chéile mar fhreagairt ar an gcogadh san Úcráin agus thug an Taoiseach aitheantas do cheannaireacht na Ríochta Aontaithe sa chás.
Ar deireadh, luaigh an Taoiseach arís cúiseanna imní na tíre i dtaobh reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ar cheisteanna a bhaineann leis an stair agus faoin tionchar a bheadh ann dá dtabharfaí isteach Údarú Leictreonach Taistil ar náisiúnaigh ó thríú tíortha a bheadh ag taisteal thar an teorainn de réir mar atá beartaithe.