English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Pléann an Taoiseach aitheantas Stát na Palaistíne le Príomh-Aire na Spáinne

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 6 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

I ndiaidh a gcainteanna i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséil an mhí seo caite, bhí glaoch gutháin idir an Taoiseach ar maidin (6 Bealtaine) agus Príomh-Aire na Spáinne, Pedro Sánchez. Phléigh siad an staid thromchúiseach atá sa Mheánoirthear agus a gcuid oibre le chéile ar aitheantas Stát na Palaistíne.

Ag labhairt dó tar éis an ghlaoch gutháin, dúirt an Taoiseach:

“Labhair mé ar maidin ar an nguthán le Príomh-Aire Sánchez, ár dtríú huair ag caint le roinnt seachtainí anuas. Phléamar na cúrsaí tromchúiseacha atá ar siúl sa Mhéanoirthear agus go háirithe in Gaza agus d’aontaíomar leanacht ar aghaidh ag obair le chéile chun sos comhrac a bhrú chun cinn láithreach, scaoileadh neamhchoinníollach agus láithreach na ngiall go léir atá fós ann agus méadú sa chúnamh daonnúil do mhuintir Gaza.”

“Bhí Príomh-Aire Sánchez agus mé féin ag roinnt maidir lenár n-imní dhomhain faoi thuarascálacha gur ordaigh an tIosrael sibhialtaigh a aslonnú ó chodanna Rafah mar ullmhúchán le haghaidh oibríocht mhíleata. Athdhearbhaím mo ghlao ar Iosrael gan tabhairt faoi oibríocht mhíleata ar scála iomlán in Rafah. Dhearbhaigh an pobal idirnáisiúnta go soiléir go mbeidh iarmhairtí daonnúla tubaisteacha agus bás líon mór sibhialtach neamhchiontach de thoradh oibríocht mhíleata Iosraelach in Rafah. Tá cosaint sibhialtach ina hoibleagáid faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta.”

“Phléigh mé freisin le Príomh-Aire Sánchez ár n-obair leanúnach le chéile chun aitheantas a bhaint amach do Stát na Palaistíne. Athdhearbhaíomar gur mian leis an Spáinn agus le hÉirinn araon an Phalaistín a aithint, ag aontú gur cuid thábhachtach é aitheantas foirmiúil d’admháil gurb é réiteach dhá-stát an t-aon chaoi amháin chun síocháin agus cobhsaíocht a chur i gcríoch sa réigiún, le Stád Palastíneach agus Stát an Iosrael ina gconaí taobh le taobh le síocháin agus slándáil. Tá fonn ar an bPríomh-Aire Sánchez agus mé féin araon dul chun cinn a dhéanamh air seo go luath agus d’aontaíomar fanacht i ndlúth-theagmháil. Táimid ag comhordú iarrachtaí le stáit Eorpacha eile chun aitheantas a thabhairt do Stát Palaistíneach taobh le taobh le tíortha atá ar aon intinn linn. Déanfar é seo ar bhealach a bhféadfaidh an tionchar is dearfaí a bheith aige ar an gcás ar an talamh.”

“Thugamar aird freisin ar an obair atá ar siúl i Nua-Eabhrac ar rún faoi bhallraíocht na Palaistíne sna Náisiúin Aontaithe. Tacaíonn Éire go hiomlán le ballríocht na Palaistíne sna NA. Déanfaidh Comhthionól Ginearálta na NA an tsaincheist seo a mheas ar an 10 Bealtaine agus táimid ag tnúth go nglacfaidh tromlach mór de chomhaltaí na NA an seasamh céanna.”

CRÍOCH