Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide nuashonraithe seolta ag an Rialtas ag cur luas faoin uaillmhian spriocanna aeráide a bhaint amach
- Foilsithe: 21 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an rialtas Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 inniu, ina leagtar amach conas a chuirfidh Éire luas faoi na gníomhartha a bheidh riachtanach chun freagairt don ghéarchéim aeráide agus ag cur réitigh don aeráid ag croílár fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta na hÉireann.
Áirítear sa Phlean gníomhartha a aistreoidh agus a fheabhsóidh an saol in Éirinn. Seo a leanas roinnt de na bearta:
- dóthain leictreachais in-athnuaite chun gach teach baile agus gnó sa tír a chumhachtú faoi 2030
- go mbeidh seirbhís bus ag 70% de mhuintir na hÉireann faoin tuath trí huaire sa lá go dtí an baile is gaire dóibh
- aisfheistiú déanta ar 500,000 teach baile chuig BER B2 chun go mbeidh siad níos teolaí
- gur carr leictreach í carr amháin as gach 3 charr príobháideach faoi 2030
- gur siúl, rothaíocht agus iompar poiblí na bealaí iompair a bheidh ann do 50% de na turais laethúla.
- go mbeidh curadóireacht ag clúdach suas le 400,000 heicteár faoi 2030
Tá an aeráid atá againn ag athrú agus tá drochthionchar aige seo ar go leor agus faraor is iad na daoine is leochailí ar fad is mó atá thíos leis. Cé go bhfuil go leor dul chun cinn déanta againn ag cinntiú go mbeimid ábalta ár spriocanna aeráide a bhaint amach, ní mór dúinn tuilleadh a dhéanamh agus ní mór dúinn gníomhú níos tapúla.
Tá an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 bunaithe agus ag cur le pleananna um ghníomhú ar son na haeráide roimhe seo agus is ionann é agus an creat a úsáidfidh an rialtas chun na buiséid carbóin feadh an gheilleagair agus a bhfuil ceangal dlí leo a bhaint amach chomh maith leis na teorainneacha earnálacha a comhaontaíodh in Iúil 2022, agus na spriocanna laghduithe ar astaíochtaí atá leagtha amach sna hAchtanna um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin. Tá na spriocanna sin mar phríomhphiléar den Chlár Rialtais.
Tá rannpháirtíocht na saoránach ag croílár an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023. Mar thoradh ar ár gComhráite Aeráide 2022, fuarthas tuairimí ó bhreis agus 4,300 duine trí chomhairliúchán poiblí agus chuaigh muid i mbun cainte le daoine ó chúlraí éagsúla maidir le gníomhú ar son na haeráide trí shraith ceardlanna agus fócasghrúpaí ar fud na tíre.
Tráth a bhfuil an plean seo ag teacht i bhfeidhm tá na hastaíochtaí in Éirinn fós ag dul in airde. Mar fhreagra, díríonn an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide nuashonraithe ar conas mar a fhéadfaimid an t-athrú riachtanach córasach feadh na sochaí agus an gheilleagair a bhaint amach chun na treochtaí sin a chur ar mhalairt treo. Is eol don rialtas nach mór dúinn na córais atá bunaithe ar na nithe seo a leanas a athrú ó bhun ar dtús:
1. mar a mhairimid agus an áit ina mairimid
2. mar a oibrímid
3. mar a bhogaimid ó áit go háit
4. agus mar a tháirgimid bia
Mar thoradh air sin beidh sé níos éasca do dhaoine cinntí níos inbhuanaithe a dhéanamh.
Beidh na nithe seo a leanas i gceist agus na spriocanna sin á seachadadh:
1. méadú tapa ar an aistriú chuig ábhair in-athnuaite;
2. athrú ollmhór ar ár gcóras iompair agus mar a leithroinntear ár spás bóthair;
3. aisfheistiú baile agus gnó agus tógáil aeráidbhunaithe uaillmhianach;
4. agus córais nuálacha a thabharfaidh cosaint agus tacaíocht dár bhfeirmeacha teaghlaigh chun go mbeifear in ann a sruthanna ioncaim a éagsúlú.
Aithnítear leis an bplean go mbeidh go leor de na gníomhartha atá leagtha amach ann dúshlánach — ach ar na buntáistí a bheidh leo beidh tithe baile níos teolaí, leictreachas níos saoire, iompar níos fearr, pobail bhríomhara ina mbeidh teacht aniar iontu, tírdhreacha atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta, sláinte níos fearr, poist nua agus geilleagar glas a mbeidh borradh faoi don ghlúin reatha agus do na glúine atá romhainn.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Taoiseach Leo Varadkar agus é ag caint ag seoladh an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 inniu:
“Táimid anois ag tráth a bhfuil deis iontach ann dár dtír agus dár bpláinéad. Tá athrú aeráide ar an dúshlán domhanda fadtéarmach is práinní dá bhfuil ann faoi láthair agus tá Éirinn ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán sin. Níor chóir go bhfeicfeadh muid gníomhú ar son na haeráide mar oibleagáid ná mar ualach. Ba chóir go bhfeicfeadh muid gur deis atá ann. Baineann sin le tithe baile níos teolaí, aer níos glaine, níos lú turais, níos lú ama comaitéireachta, níos mó cianoibre agus daoine ag obair ón mbaile, níos mó poist agus forbairt réigiúnach.
“Ba chóir go mbeadh muid ar an nglúin a chasfadh an taoide ar athrú aeráide agus cailliúint bithéagsúlachta, agus go dtabharfadh muid an pláinéad ar láimh don chéad ghlúin eile i riocht níos fearr ná mar a fágadh againn féin é. Laistigh d’aon ghlúin amháin, féadfaidh Éirinn a bheith neamhspleách ó thaobh fuinnimh trí leas a bhaint as na foinsí fuinnimh in-athnuaite nach bhfuil úsáidte go dtí seo. Cinnteoimid go mbeidh buntáistí mar thoradh orthu ann do mhuintir na hÉireann - cinnteacht fuinnimh níos fearr, praghsanna cobhsaí, tionscail nua ag táirgeadh leasacháin ghlasa agus hidrigin glas, níos mó poist agus forbairt réigiúnach.
Bhí an méid seo le rá ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin:
“Léirigh ionradh na hÚcráine an gá atá ann nach mbeadh muid ag brath an oiread sin ar bhreosla iontaise, cuspóir lárnach de chuid an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide. Ní mór d’Éirinn a bheith ar thús cadhnaíochta den ardú céime infheicthe ó thaobh uiallmhian don aeráid atá ar bun feadh an AE.
“Leanfaidh an rialtas ag tabhairt ceannaireachta láidir tríd an bPlean uaillmhianach seo. Tá freagracht dhlíthiúil ar Airí anois a chinntiú go bhfuil gach earnáil ullmhaithe agus ag fáil tacaíochta chun na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuil sé de dhualgas orthu a bhaint amach a chinntiú. Is iarracht náisiúnta atá ann ár gcuspóirí maidir le hathrú aeráide a bhaint amach agus éileofar rannpháirtíocht dhearfach, leanúnach ó gach duine feadh na bpobal go léir. Glacfaidh an rialtas a pháirt go hiomlán ach ní bheidh aon earnáil ann, nó ní fhéadfaidh aon earnáil a bheith ann, nach mbeidh tionchar ag an aistriú iomlán roinnte seo a bhfuilimid ag tabhairt faoi.”
Seo a leanas a bhí le rá ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus Iompair, Eamon Ryan:
“Ar an dúshlán is mó atá romhainn sna deich mbliana atá romhainn beidh orainn sin a dhéanamh le chéile mar thír chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus timpeallacht níos fearr a chinntiú dár leanaí agus do shliocht ár sleachta.
“Tá feidhm leis na dlíthe aeráide is láidre ar domhan anseo anois agus tá an Clár Rialtais ar an gceann is glaise dá raibh riamh ann. Ach ní leor é sin. Tá trí ghéarchéim éiceolaíochta romhainn: aeráid, cailliúint bithéagsúlachta agus truailliú. Tá athrú ollmhór de dhíth. Caithfimid athrú.
“Ach is féidir linn é sin a dhéanamh agus é a dhéanamh go maith. Tá an poitéinseal againn a bheith inár gceannairí domhanda; agus anois ní mór dúinn a bheith níos uaillmhianaí fós. Tá astaíochtaí domhanda ag leanúint orthu ag dul in airde, mar atá anseo in Éirinn, agus mar sin tá an scála athraithe chun iad a laghdú níos mó ná riamh. Chun fanacht céim chun cinn ar an dúshlán aeráide, ní mór dúinn ár bpleananna a fheidhmiú go práinneach.
“Tá obair ollmhór le déanamh de réir an Achta Aeráide 2021 agus de réir an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023. Tá na hAirí, na príomhearnálacha eacnamaíochta agus tionscail freagrach as a léiriú go bhfuil bealach soiléir leagtha amach acu chun ár gcuid astaíochtaí a laghdú 50% faoi 2030 agus a bheith ina tír atá neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Tá ár gcur chuige bunaithe ar an bprionsabal cothroime, ag cinntiú go ndéanfar an t-aistriú go cóir agus go roinnfear costais agus buntáistí go cothrom.”
Nótaí
Tá sé beartaithe go bhfoilseofar an Iarscríbhinn leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, ina leagfar amach níos mó mionsonraí faoi ghníomhartha an Phlean, go luath in 2023.
Seo a leanas na laghduithe ar astaíochtaí atá riachtanach a bhaint amach faoi 2030 sna sé earnáil riachtanach is mó a mbeidh tionchar acu:
- 75% san earnáil leictreachais
- 45% d’fhoirgnimh thráchtála/phoiblí agus laghdú de 40% d’fhoirgnimh chónaithe
- 50% san earnáil iompair
- 35% i dtionsclaíocht
- 25% i dtalmhaíocht
- luas a chur faoi bhearta agus gníomhartha chun ár gcuid talaimh a úsáid níos éifeachtaí chun carbón a ghabhadh agus a stóráil
Ábhair in-athnuaite a chumhachtú agus ár gcóras leictreachais a dhícharbónú (laghdú 75%):
Chun go n-éireoidh linn laghdú 75% a bhaint amach san earnáil leictreachais, éascóimid úsáid ar scála mór d’ábhair in-athnuaite, chomh maith le leictriú teicneolaíochtaí eile a chumasú. Áirítear leis sin:
- luas a chur faoi sheachadadh gaoth ar tír go dtí 9GW*, grian go dtí 8GW, agus gaoth ar muir go dtí 5GW ar a laghad
- Taraif Leictreachais Glas nua dinimiciúil faoi 2025 chun dreasacht a thabhairt do dhaoine leas a bhaint as leictreachas in-athnuaite ar chostas níos ísle ag amanna ardghaoithe agus gréine
- ag tacú le 500MW de thionscadail fuinnimh in-athnuaite pobalbhunaithe ar a laghad agus leibhéil níos airde de mhicri-chruthú agus de chruthú ar mhionscála.
- deireadh a chur de réir a chéile le húsáid guail agus móna i gcruthú leictreachais
- 1 GW = gigeavata (1 billiún vata), agus is ionann sin de ghnáth agus dóthain chun 600,000 teach baile a chumhachtú.
Foirgnimh níos fearr a thógáil — astaíochtaí a laghdú inár ‘dtimpeallacht thógtha’ (laghdú de 45% san earnáil thráchtála/phoiblí; laghdú de 40% san earnáil chónaithe):
Ardóimid éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh reatha trínár gclár aisfheistithe a leathnú, agus polasaithe a chur in áit chun foirgnimh nuathógtha saor ó astaíochtaí a sheachadadh. Seo a leanas na príomhspriocanna:
- gach áit chónaithe nua a dhearadh agus a thógáil chun cloí leis an gcaighdeán maidir le Foirgneamh nach mór Neodrach ó thaobh Fuinnimh (NZEB) faoi 2025, agus leis an gcaighdeán Foirgneamh Astaíochta Glan-Nialas (ZEB) faoi 2030
- thart ar 120,000 áit chónaithe a aisfheistiú chuig BER B2 faoi 2025, agus 500,000 áit chónaithe faoi 2030
- suas le 0.8TWh** de chumas teasa ceantair a shuiteáil faoi 2025, agus suas le 2.7TWh faoi 2030 – dóthain chun freastal ar 10% den éileamh fuinnimh
- teaschaidéil a shuiteáil i 45,000 áit chónaithe reatha agus in 170,000 áit chónaithe nua faoi 2025, ag ardú go dtí 400,000 agus 280,000 faoi seach faoi 2030
- *1 TWh = teireavata san uair (1 trilliún vata san uair).
Athrú ó bhonn ar iompar — glacadh le ‘aistriú córa iompair’ (laghdú 50% ):
Chun go n-éireoidh linn laghdú de 50% a chinntiú in astaíochtaí iompair, feidhmeoimid polasaithe chun pleanáil bailte, cathrach agus tuaithe a fheabhsú, agus feabhsófar iompar poiblí agus cláir iompair ghníomhacha agus ag an am céanna tacófar le haistriú chuig bithbhreoslaí agus EVanna. Bainfear é sin amach trí na nithe seo a leanas:
- spás bóithre a ath-leithdháileadh chun go mbeidh iompar poiblí níos fearr agus níos minice ann agus iompar gníomhach – is é sin, 300 bus EV agus 125,000 níos mó turais inbhuanaithe faoi 2025, agus 1,500 bus EV faoi 2030
- 20% de laghdú ar an achar iomlán a bhítear ag tiomáint feadh gach turas cairr
- go mbeidh siúl, rothaíocht agus iompar poiblí in úsáid mar bhealaí iompair do 50% de na turais ar fad
- a chinntiú gur feithicil leictreach iad beagnach carr amháin as gach trí charr príobháideach faoi 2030
- go mbeidh busanna ag 70% de mhuintir na hÉireann faoin tuath trí huaire sa lá go dtí an baile is gaire dóibh
Go mbeidh feirmeacha teaghlaigh níos inmharthana — agus ár n-earnáil talmhaíochta a chinntiú don todhchaí (laghdú 25%):
Cuirfimid tacaíochtaí nuálacha ar fáil chun a chinntiú go bhféadfaidh ioncaim teaghlaigh feirme na hÉireann a bheith níos éagsúlaí agus níos inbhuanaithe. Cinnteoimid iad sin trí na nithe seo a leanas:
- an úsáid a bhaintear as leasachán nítrigine ceimiceach a laghdú go mór go dtí 300,000 tona ar a mhéid.
- feirmeoireacht orgánach a mhéadú go dtí 450,000 heicteár
- astaíochtaí meatáin a laghdú ó bheostoc trí bhearta éagsúla, mar shampla trí eallach mairteola a mharú níos túisce, pórú ainmhí níos fearr agus beathú ainmhí níos fearr
- tacú le feirmeoirí beostoic aistriú chuig úsáidí talaimh ailtéarnacha trí roghanna éagsúlaithe a sholáthar, lena n-áirítear níos mó feirmeoireacht orgánach, foraoiseacht agus curadóireacht agus spriocanna bithmheatáin níos leithne
- an earnáil bithmheatáin baile a leathnú trí dhíleá anaeróbach, ag baint amach suas le 5.7TWh de bhithmheatáin ó 150–200 plandaí díleá anaeróbach
Tionscal glas (laghdú de 35%):
Chun go mbainfear amach laghdú de 35% in astaíochtaí i bhfiontar agus i ngnó, ní mór dúinn athrú a dhéanamh ar mar a tháirgtear, mar a itear agus mar a dheartar ár n-earraí agus ár seirbhísí tríd an nasc idir breoslaí iontaise agus dul chun cinn eacnamaíoch a bhriseadh. Bainfear é sin amach mar seo a leanas:
- ag ardú an sciar de théamh neodrach ó thaobh carbóin 70% faoi 2030
- an geilleagar ciorclach agus an bithgheilleagar a fhás
- an méid ábhair clincir i stroighin a laghdú agus táirgí nua a úsáid seachas ábhair thógála eile, ag cinntiú go mbeidh 30% de laghdú ar charbóin chorpraithe in ábhair thógála a tháirgtear agus a úsáidtear in Éirinn
An úsáid a bhaintear as ár dtalamh a athrú:
Tá an earnáil Úsáid Talaimh na hÉireann, Athrú Úsáidte Talaimh agus Foraoise (LULUCF) ina ghlanfhoinse astaíochtaí faoi láthair. Chun go n-éireoidh linn astaíochtaí a laghdú san earnáil sin*** agus ár gcuid talaimh a úsáid níos éifeachtaí chun carbón a ghabhadh agus a stóráil, déanfaimid na nithe seo a leanas:
- ár bhforaoisiú bliantúil a ardú go dtí 8,000 heicteár in aghaidh na bliana ó 2023 ar aghaidh
- feabhas a chur ar cheapadh carbóin de 450,000 heicteár de thalamh féaraigh ar ithir lán mianraí, agus bainistiú déine talamh féaraigh a laghdú ar 80,000 heicteár d’ithir orgánach thirim faoi 2030
- 77,600 heicteár de thalamh portaigh a athshlánú
*** Socrófar na teorainneacha astaíochtaí earnála do LULUCF faoi dheireadh 2023 ag an am céanna leis an Athbhreithniú ar Úsáid Talaimh.
Comhráite Aeráide 2022:
Tá na tuiscintí agus na hiarratais ar ghníomh a fuarthas sna Comhráite Aeráide 2022 le sonrú sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2023 agus tá siad curtha i láthair sa Tuarascáil Achoimre ar Chomhráite Aeráide 2022.