Foilsiú ‘An Saol in Éirinn a Thuiscint: Creat Folláine 2025’
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Iúil 2025
Tá ‘An Saol in Éirinn a Thuiscint: Creat Folláine 2025’ foilsithe ag an Rialtas. Léirítear anseo feidhmíocht na hÉireann maidir le cúig tháscaire is tríocha, ar fud aon ghné dhéag, i gCreat Folláine an Rialtais.
Soláthraíonn Creat Folláine na hÉireann bealach níos iomlánaíche chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le hÉirinn mar thír, agus tá sé dírithe ar cháilíocht na beatha agus ar chomhionannas agus inbhuanaitheacht ar fud saincheisteanna eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta. Is cuid bhliantúil anois de phróiseas an Bhuiséid anailís a dhéanamh ar dhul chun cinn faoin gCreat Folláine agus leanann an Creat ag múnlú ceapadh beartas níos leithne.
Tríd is tríd, leanaimid ar aghaidh ag déanamh dul chun cinn, i gcomórtas leis an áit a raibh muid 5 bliana ó shin, agus i gcomparáid le piaraí idirnáisiúnta. Áirítear ar na gnéithe áirithe a fheidhmíonn go maith maidir le treochtaí le himeacht ama: Ioncam agus Saibhreas (mar gheall ar an athrú ar ghlanfhiúchas an Rialtais) agus Naisc, Pobal agus Rannpháirtíocht (mar gheall ar threochtaí athraitheacha i líon na ndaoine a mhothaíonn uaigneach).
I measc na ngnéithe ina bhfeidhmíonn Éire níos fearr ar an iomlán i gcomparáid le háiteanna eile go hidirnáisiúnta tá: Cáilíocht Oibre agus Post (spreagtha ag sonraí maidir le tuilleamh seachtainiúil agus rátaí fostaíochta) agus Meabhairshláinte agus Sláinte Choirp (spreagtha ag líon níos ísle a bhfuil dúlagar orthu).
Leanann Éire ar aghaidh ag éirí níos measa le himeacht ama agus i gcomparáid le tíortha eile sa ghné Comhshaoil, Aeráide agus Bithéagsúlachta.
Cé go bhfuil feidhmíocht go maith ar an meán, tá sé tábhachtach a aithint nach mothaíonn gach duine an dul chun cinn seo mar an gcéanna. Aithníonn an Creat Folláine teaghlaigh aontuismitheora agus daoine dífhostaithe go háirithe mar dhaoine a bhfuil torthaí folláine níos ísle acu ná an meán i roinnt réimsí.
Tugtar le fios in Anailís 2025 ar Chreat Folláine na hÉireann:
Go ginearálta, tá daoine in Éirinn sásta agus dearfach faoina saol. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na bpáistí a deir go bhfuil siad sásta, tá níos mó daoine anois ag rá go bhfuil a sástacht iomlán sa saol ‘ard’.
Táimid ag caitheamh beagán níos mó dár n-ioncam indiúscartha ar thithíocht, agus tá dóchúlacht i bhfad níos mó ann go mbeadh ró-ualach costais tithíochta orthu siúd a bhfuil áit ar cíos acu ar phraghas an mhargaidh.
Feidhmíonn Éire go han-mhaith ar fud na dtáscairí Eolas, Scileanna agus Nuálaíocht: in 2022, bhí an céatadán is mó de dhaoine 15 bliana d’aois in Éirinn le hinniúlacht leibhéal 3 ar a laghad ar fud thíortha an OECD sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic agus leanann an ráta foghlama ar feadh an tsaoil ag dul in airde.
Mhéadaigh céatadán an daonra a raibh riachtanas leighis acu nár déileáladh leo ó 2% in 2019 go 2.9% in 2024. Tá Éire sa 18ú háit i measc bhallstáit an AE sa bheart seo do 2024.
Léiríonn Anailís 2025 go bhfuil torthaí níos measa ag mná ná ag fir i dtáscairí áirithe, lena n-áirítear: tuairiscíonn cailíní ag aois na scoile rátaí sástachta níos ísle faoi láthair i gcomparáid le piaraí fir agus tuairiscíonn mná go mothaíonn siad uaigneach níos minice ná fir.
Ar fud na ngnéithe, tá torthaí i bhfad níos measa ag teaghlaigh aontuismitheora i gcomparáid le foirmeacha teaghlaigh eile. Is lú i bhfad an seans go mbeidh siad an-sásta lena n-úsáid ama agus go mbeidh torthaí níos measa acu i dtéarmaí táscairí saibhris agus ioncaim.
Maidir le hinbhuanaitheacht, tá feabhas tagtha ar 8 gcinn de na 15 tháscaire ainmnithe thar thréimhse cúig bliana. Bhí astaíochtaí gáis cheaptha teasa níos ísle in 2023 ná mar a bhí in 2018, agus tháinig méadú 53% ar líon na dtithe le rátálacha fuinnimh níos airde idir 2019 agus 2024.
Is éard a dúirt an Taoiseach inniu:
“Cuireann Creat Folláine na hÉireann ar ár gcumas measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an tír ag dul thar raon leathan réimsí a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil daoine. Is ábhar misnigh é go léiríonn an anailís seo arís go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Éirinn ar an iomlán, agus go bhfuil ár ndaonra sásta, nasctha go maith agus ardoilte. Meabhrúchán tábhachtach atá sa tuarascáil seo, áfach, nach bhfuil taithí chothrom ag gach duine ar an dul chun cinn seo.
“Tá an Creat Folláine bunaithe go maith anois i gcóras déanta beartas na hÉireann agus is uirlis thábhachtach é don Rialtas agus muid ag obair chun cáilíocht na beatha a fheabhsú do gach duine mar chuid den chéad Bhuiséad eile agus ina dhiaidh sin.”
Dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe:
Tugtar léargas tábhachtach sa Creat Folláine inniu ar an gcaoi a bhfuil Éire ag déanamh, ag féachaint níos faide ná an fás geilleagrach do ghnéithe sóisialta, comhshaoil agus comhionannais níos leithne. Tá áthas orm an dul chun cinn dearfach atá á dhéanamh againn ar fholláine in Éirinn a fheiceáil, agus tá a fhios agam go gciallaíonn sé seo go mbeidh feabhsuithe dáiríre ar shaol laethúil daoine. Mar sin féin, sainaithnítear sa tuarascáil freisin réimsí ina gcaithfimid níos mó a dhéanamh, agus tá sé tábhachtach bearta folláine a thabhairt isteach níos doimhne i mbeartas chun an geilleagar níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí a bhfuilimid ag súil leis a bhaint amach.”
Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, Jack Chambers:
“Cuirim fáilte mhór roimh fhoilsiú na tuarascála seo. Tugann sé léargas tábhachtach ar an gcaoi a bhfuil beartas poiblí ag tabhairt deiseanna agus acmhainní do dhaoine a chónaíonn in Éirinn chun caighdeáin mhaireachtála níos fearr agus cáilíocht beatha níos airde a chur chun cinn agus a fheabhsú do dhaoine aonair agus dá dteaghlaigh. I bhfianaise fhócas an Chreata Folláine ar thionchar an bheartais phoiblí ar shaol daoine, is tionscnamh tábhachtach é inár n-iarrachtaí a chinntiú go n-úsáideann agus go n-uasmhéadaíonn beartas poiblí ár n-acmhainní teoranta go héifeachtach chun seirbhísí poiblí éifeachtacha a sholáthar do dhaoine i bpobail ar fud na tíre.”