English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Rialtas: Fógra tugtha ag Rialtas na Ríochta Aontaithe faoi Airteagal 50

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 29 Márta 2017
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá fógra foirmiúil tugtha ag Príomh-Aire na Breataine Theresa May inniu, i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chomhairle Eorpach maidir le rún na Ríochta Aontaithe imeacht as an AE. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tús curtha anois leis an bpróiseas imeachta dhá bhliain.

Cé go bhfuil aiféala orainn mar gheall ar chinneadh na RA imeacht as an AE, tá sé soiléir ón reifreann i mí an Mheithimh seo caite go leanfadh Rialtas na Breataine an cosán seo.

Mar atá leagtha amach sa ráiteas a d'eisigh an tUachtarán Tusk inniu thar ceann 27 Ceannaire Stáit agus Rialtais an AE, déanfar treoirlínte idirbheartaíochta a ullmhú anois agus, tar éis plé a dhéanamh ag leibhéal Aireachta, tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile an 29 Aibreán chun iad a aontú.

Leagfar amach sna treoirlínte na príomh-shaincheisteanna a dtabharfar aghaidh orthu sna hidirbheartaíochtaí imeachta, agus ar phrionsabail agus ar chur chuige an AE.

Beidh sainordú idirbheartaíochta níos mionsonraithe maidir leis an gCoimisiún Eorpach á chomhaontú ag Airí i mí Bealtaine, agus cuirfear tús le hidirbheartaíochtaí leis an Ríocht Aontaithe.

Ní mór a thabhairt ar aird nach n-imeoidh an Ríocht Aontaithe as an AE i ndáiríre go dtí go mbeidh idirbheartaíochtaí Airteagal 50 curtha i gcrích, agus go dtí go rachaidh comhaontú imeachta i bhfeidhm. Idir an dá linn, ní athróidh aon rud, lena n-áirítear oibleagáidí na Ríochta Aontaithe maidir le saoránaigh agus gnólachtaí na mBallstát eile.

Cé gur chóir go ndéanfaí plé ar an gcaidreamh idir an AE agus an Ríocht Aontaithe in idirbheartaíochtaí Airteagal 50, ní dóigh go mbeidh réiteach ar na saincheisteanna tábhachtacha uile a bhaineann leis go ceann tamall fada eile.

Bhí sé soiléir ón tús go mbeadh impleachtaí suntasacha eacnamaíochta, polaitíochta agus sóisialta ag imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an tír seo.

Tá an Rialtas ag obair go dian le hos cionn dhá bhliain, fiú roimh reifreann na Ríochta Aontaithe, dul i ngleic le gach earnáil ar fud oileán na hÉireann, chun anailís iomlán a dhéanamh ar ár bpríomhréimsí imní, agus chun ár dtosaíochtaí idirbheartaíochta a fhorbairt.

Táthar á dhéanamh seo chun an tionchar ar thrádáil agus ar gheilleagar na tíre a laghdú; chun Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann a chosaint, lena n-áirítear trí theorainn oscailte a chothabháil; chun an Comhlimistéar Taistil leis an Ríocht Aontaithe a choinneáil; agus a bheith ag obair ar son todhchaí dearfach don Aontas Eorpach.

Tugaimid ar aird gur thug Príomh-Aire na Breataine aitheantas dár n-ábhair imní, lena n-áirítear Comhaontú Aoine an Chéasta, ina litir.

Anois agus Airteagal 50 curtha i bhfeidhm, foilseoimid, roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí an 29 Aibreán, páipéar comhdhlúite le níos mó mionsonraí faoin ár dtosaíochtaí agus ár gcur chuige i leith na n-idirbheartaíochtaí atá amach romhainn.

Táimid an-ghníomhach ag an leibhéal polaitíochta agus oifigiúil araon agus muid i mbun caidrimh le gach comhpháirtithe dár gcuid san AE agus le hinstitiúidí an AE, chun feasacht maidir leis na himthosca ar leith a bhaineann le hÉirinn a mhéadú, agus an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar na himthosca sin sna hidirbheartaíochtaí. Tá sé tábhachtach chomh maith tuiscint shonrach a fháil ar chuspóirí daoine eile. Táimid muiníneach go raibh tionchar an-dearfach ag an rannpháirtíocht dhian sin.

Níl aon amhras ach go mbeidh dúshlán ag baint leis na hidirbheartaíochtaí atá amach romhainn. Táimid tar éis céimeanna tábhachtacha a ghlacadh cheana féin chun ár ngeilleagar a ullmhú, lena n-áirítear i mBuiséad 2017, an Plean Gnímh maidir le Poist 2017, agus ár Straitéis Nua Trádála agus Infheistíochta.

Leanfaidh gníomhaireachtaí fiontraíochta an Rialtais ar aghaidh ag obair le honnmhaireoirí agus infheisteoirí ionchasacha, ag cabhrú leo dul i ngleic le saincheisteanna de réir mar a eascraíonn siad - rud a chinnteoidh go mbeidh cuideachtaí láidir, go ndéanfar nochtadh don mhargadh a éagsúlú, agus go gcuirfear breisoiliúint ar fáil d'fhoirne.

Tá Éire réidh do na dúshláin atá amach romhainn. Beimid láidir ó thaobh na hidirbheartaíochta de mar dhlúthchuid d'fhoireann 27 an AE, agus oibreoimid lenár gcomhpháirtithe go léir chun an toradh is fearr a bhaint amach.

Críoch