English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 18 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 24 Meán Fómhair 2024

Goilleann sé go mór orm a chloisteáil go bhfuil Tony O’Reilly tar éis bháis.

Ba fhathach spóirt, gnó agus meán é an tUasal O’Reilly agus d’fhág sé a lorg go buan ar na réimsí sin.

Bhí sé ina cheannródaí a bhí dírithe go mór ar shaol an ghnó idirnáisiúnta. Trína chuid oibre sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn, chruthaigh sé bealach a leanfadh go leor daoine gnó idirnáisiúnta eile as Éirinn.

Is maith le hÉirinn an lae inniu í féin a mheas mar oileán i lár an domhain - bhí Tony O’Reilly ar dhuine de chéad lucht gnó na hÉireann a chreid é sin go mór.

I saol chomh héagsúil sin, is deacair díriú ar réimse amháin, ach nuair a bhunaigh Tony O’Reilly Cistí na hÉireann in éineacht le Dan Rooney, nach maireann, bhí tionchar claochlaitheach aige sin ar oileán na hÉireann.

Is sampla é Cistí na hÉireann de shíocháin agus d’athmhuintearas a cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach i bpobail ón mbun aníos. Bhí sé ar cheann de na deontóirí ba mhó dár n-oileán comhroinnte agus do chúis na síochána agus tá ag éirí go maith leis sin go fóill. Tá a fhios agam go raibh an tUasal O’Reilly an-bhródúil as na cistí.

Ba fhathach é Tony O’Reilly agus goillfidh a bhás ar go leor daoine ar bhuail sé leo le linn a shaoil fhada.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh lena chlann agus lena gharchlann ag an am brónach seo.

CRÍOCH