Ráiteas ón Taoiseach ar bhás Bhanríon Eilís Shasana
- Foilsithe: 8 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Thar ceann Rialtas na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le Rí Séarlas Shasana, leis an Teaghlach Ríoga, le Rialtas na Ríochta Aontaithe agus le muintir na Breataine faoi bhás a monarc dil, an Bhanríon Eilís.
Ba réimeas stairiúil a bhí i réimeas na Banríona, réimeas lena raibh tábhacht leis agus a raibh ómós agus meas air ar fud na cruinne. Ba léir a dúthracht dá dualgas agus don tseirbhís phoiblí agus bhí críonnacht agus taithí ar leith ar fad aici.
Deireadh ré ceart atá i mbás na Banríona. Ba chéim ríthábhachtach a bhí i gCuairt Stáit na Banríona sa bhliain 2011 i dtaobh caidrimh lenár gcomharsa is gaire a normalú.
D’éirigh thar cionn leis an gcuairt sin, mar gheall, den chuid is mó, ar na comharthaí cineálta agus gnaíúil a rinne na Banríona le linn a tréimhse in Éirinn.
Ba léir freisin go rabh an-chion ag muintir na hÉireann uirthi, agus bhí sé soiléir go raibh tionchar dearfach aige sin ar an mBanríon. Cuimhním ach go háirithe an fháilte chroíúil a fuair sí ó phobal Chorcaí le linn di a bheith ag siúl san Margadh Sasanach.
Seasann Rialtas na hÉireann faoi bhrat dobróin lena muintir agus lena géillsinigh atá faoi mhéala i ndiaidh na mná eisceachtúil seo a bhí ina heiseamláir chiúin mhaorga agus a d’imir tionchar ar an iomaí duine le linn a réimeas fada amach is amach.
Is boichte atá an domhan gan í ach is áit é atá in bhfad Éireann níos fearr de bharr a saol fada agus a hionchur buan.
Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.