English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach ar bhás Mhícheál Ó Muircheartaigh

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 25 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Bhí doilíos croí orm cloisteáil inniu faoi bhás Mhícheál Ó Muircheartaigh.

Baintear úsáid go minic as an bhfocal "laoch", ach i gcás Mhíchíl, ní dóigh liom gur leor an cur síos sin.

Ba mhinic a bhíodh a ghlór, an craiceann a chuireadh sé ar scéalta, na sceitimíní a bhíodh air, a ghrá don spórt agus na nathanna iontacha a d’úsáideadh sé chomh spleodrach leis an aicsean ar an bpáirc ar a mbíodh sé ag déanamh cur síos agus an lucht féachana ar bior faoin gcéad rud eile a déarfadh Mícheál.

Bhí féith an ghrinn sa dúchas aige, greann nach féidir a fhoghlaim, “Teddy McCarthy to Mick McCarthy, no relation, Mick McCarthy back to Teddy McCarthy, still no relation.”

Ar feadh glúin de dhiaspóra na hÉireann, ba nasc luachmhar é Mícheál leis an mbaile do dhaoine ar fud an domhain a bhíodh ag éisteacht le cluichí CLG.

Nuair a labhraíodh tú leis thuigfeá gur fhear uasal go smior ba ea é agus bhíodh suaimhneas agus uaisleacht ag siúl leis i gcónaí.

Suaimhneas síoraí dá anam.