English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach ar bhás TK Whitaker

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Eanáir 2017
  • An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018

Seoid náisiúnta ab ea TK Whitaker ar an uile bhealach. Bhí tuiscint thar na bearta aige ar an méid atá sa dúchas againn agus a fhágtar le hoidhreacht againn – idir stuaim agus seiftiúlacht; idir uaisleacht agus intleacht; idir ealaíontacht agus cheardúlacht; idir dhíograis agus chineáltas. Bhí a fhios aige conas na suáilcí sin a chur chun leasa ár dtíre agus ár muintire.

D’athraigh TK Whitaker saol na ndaoine in Éirinn. Le blianta fada anuas, ba eisean, thar aon duine eile, ba chúis le geilleagar agus saol poiblí na tíre a athrú ó bhonn.

Bhí fís aige don tír agus do thodhchaí na tíre nach raibh ag mórán eile. Fear uasail agus tírghráthóir a bhí ann. Is mór an méala bás an fhathaigh fir seo don náisiún inniu. Ceiliúraimid an méid atá déanta aige ar son na hÉireann agus gabhaimid buíochas as a chuid éachtaí eiseamláireacha.

Ag féachaint dúinn ar stair chomhaimseartha na tíre, ní háibhéil a rá nach mbeidh a leithéid de dhuine agus TK Whitaker arís ann.

Críoch