Ráiteas ón Taoiseach faoi chomhaontú ar Gaza
- Foilsithe: 15 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
“Cuirim fáilte roimh chomhaontú an lae inniu idir idirbheartaithe Iosrael agus Hamas mar gheall ar shos comhraic, scaoileadh saor céimnithe gialla agus rochtain ar chabhair dhaonnúil i ndiaidh 15 mhí d’fhulaingt agus scrios ollmhór daonna. Tá súil agam go bhfaighidh sé faomhadh foirmiúil rialtas Iosrael anois.”
“Mar thoradh ar an gcogadh brúidiúil a chonaiceamar, fuair na mílte sibhialtach bás, le breis is 17,000 páistí neamhchiontach agus leochaileacha san áireamh. Gortaíodh go fisiciúil nó fágadh cithréim ar níos mó ná 100,000 daoine, roinnt mhaith acu ag cailleadh géaga nó ag fulaingt dochair eile a athraíonn an saol dóibh.”
“Tá gialla coinnithe i ngéibheann ar feadh breis is 465 lá, i bhfád ón a gclanna agus óna ngaolta. D’fhulaing siad freisin an léan agus an cruachás ba scáfaire.”
“Tá súil agam go dtapóidh gach taobh an deis seo, ag comhlíonadh a ngealltanas ina niomlán, na gialla a ligean chun filleadh ar a dteaghlaigh agus muintir Gaza a ligean chun tús a chur lena saolta a atógáil agus tá súil agam go mbeidh socrú buan as dá bharr.”
“Ní mór don phobal idirnáisiúnta a pháirt a ghlacadh freisin, ag méadú cúnaimh isteach go Gaza, ag tacú le hÚdarás Palaistíneach athnuaite chun comhsaíocht agus rialachas a thabhairt do Gaza, agus oibriú chun próiseas a chur i bhfeidhm a bhféadfadh síocháin bhuan mar thoradh air.”
“Ní bhainfear seo amach ach trí socrú dhá stát, agus Stát Iosrael ag maireachtáil faoi shíocháin agus faoi shlándáil taobh le taobh le Stát ceannasach na Palaistíne.”
“Molaim ó chroí dóibh siúd a d’oibrigh chomh dian sin le roinnt míonna anuas chun comhaontú an lae inniu a chur i gcrích, lena n-áirítear na Stáit Aontaithe agus ceannairí sa réigiún, an Catar agus an Éigipt san áireamh.”