Ráiteas ón Taoiseach faoi Martin McGuinness
- Foilsithe: 20 Eanáir 2017
- An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018
Ní maith liom a chloisteáil go bhfuil cinneadh déanta ag Martin McGuinness gan seasamh sa toghchán ó thuaidh de bharr a dhrochshláinte.
Cé nach mbínn féin agus Martin ar aon fhocal faoi gach ceist, is go fonnmhar a thugaim aitheantas don aistear iontach polaitíochta atá déanta aige.
Tá a fhios agam go bhfuil Martin suite meáite i gcónaí go mbeadh síocháin idir muintir uile Thuaisceart Éireann agus rath orthu ar fad.
Bhí sé ar dhuine de cheannródaithe Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus d'oibrigh sé go dian dícheallach, gan stad, chun an Próiseas Síochána a bhaint amach.
Thaitin sé liom bheith ag obair go dlúth le Martin le blianta beaga, go háirithe san obair a bhain leis an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas.
Guím gach rath ar Martin agus ar a theaghlach san aimsir amach romhainn agus tá súil agam go dtabharfaidh sé tús áite amach is amach dá shláinte san am atá le teacht.
Críoch