Ráiteas ón Taoiseach i ndiaidh ionsaí na hIaráine ar Iosrael.
- Foilsithe: 14 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 6 Lúnasa 2024
D’éisigh an Taoiseach Simon Harris an ráiteas seo a leanas mar fhreagra ar ionsaí drone agus diúracán na hIaráine ar Iosrael:
“Cáinim go tréan ionsaí meargánta agus mórscála na hIaráine ar Iosrael. Molaim do gach taobh srianadh a léiriú anois agus aon mhéadú ar ghníomhaíocht mhíleata a sheachaint agus an léirscrios a tharlódh mar thoradh as.”
CRÍOCH