English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach maidir le hOspidéal Ginearálta Loch Garman

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 1 Márta 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Chuir an Taoiseach Leo Varadkar in iúl gur baineadh suaitheadh as nuair a chuala sé faoin tine in Ospidéal Ginearálta Loch Garman agus thug sé aitheantas do na seirbhísí éigeandála agus do dhaoine eile atá ag obair leo chun deireadh a chur leis an tine:

"Tá tionchar ag an eachtra uafásach seo ar phobal Loch Garman agus an réigiún níos leithne.

"Tá an fhoireann dóiteáin agus pearsanra éigeandála eile ag troid in aghaidh na héigeandála seo le go leor uaireanta an chloig. Tugaimid aitheantas dá gcuid dúthrachta agus dá laochas.

"Smaoinímis freisin ar na céadta othar a aistríodh ón ospidéal, chomh maith lena dteaghlach, agus leis an bhfoireann agus leis an lucht bainistíochta a bhí ag plé leis an gcás seo a tharla gan choinne.

"Tabharfar tuilleadh eolais dom faoi chúrsaí Déardaoin. Déanfaidh an rialtas cibé rud atá ag teastáil i ndiaidh na héigeandála seo."