Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin
- Foilsithe: 15 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 23 Nollaig 2022
"Bhain an scéala gur maraíodh duine dar gcoimeádaithe síochána le UNIFIL in eachtra sa Liobáin agus gur gortaíodh duine eile go dona stangadh asam agus ba chúis mhór bróin dom é.
"Ba mhaith liom a chur in iúl gur ábhar mór bróin é do Rialtas na hÉireann gur cailleadh duine óg a bhí ag déanamh seirbhís thar lear leis na Náisiúin Aontaithe.
"Thar aon ní eile, ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh lena theaghlach agus a rá nach maith liom a mbris.
"Cuireann sé i gcuimhne dúinn go mbíonn ár gcoimeádaithe síochána i mbun seirbhíse i gcúinsí contúirteacha i gcónaí, ar son na síochána.
"Is trua linn cás a chomhghleacaithe, agus is mian a chur in iúl do chlann Óglaigh na hÉireann i gcoitinne agus do gach duine atá ag déanamh seirbhís thar lear, go dtuigimid cé chomh mór agus a aireoidh sibh uaibh é. Tá sibh inár smaointe agus inár bpaidreacha."