Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin maidir le bás Eddie Jordan
- Foilsithe: 20 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Bhí an-bhrón orm cloisteáil faoi bhás Eddie Jordan.
Bhain Eddie lántairbhe as an saol, agus thug sé aghaidh ar na laethanta deireanacha leis an misneach agus leis an diongbháilteacht chéanna a léirigh sé le linn na mblianta fada a chaith sé ina fhiontraí, ceannródaí Fhoirmle a hAon, agus anailísí teilifíse.
Ní bheidh a leithéid arís ann. Déanaim comhbhrón ó chroí lena theaghlach agus lena chairde go léir.